An t-aireachas agus anbhroidí an tsaoil…

Cad is aireachas ann agus cén tionchar a bhíonn aige ar mheabhairshláinte duine?

Mindfulness-Phoenix

Murab ionann agus an scéal sa Bhéarla, samhlaítear an bhrí chéanna a bheith leis na focail ‘aigne’ agus ‘croí’ in go leor de theangacha an oirthir sa tslí is nár dhóigh leat go bhfuil siad scartha lena chéile ar chor ar bith. Fréamhaithe sa choincheap seo atá an t-aireachas agus is é atá ann, dá réir, iarracht a dhéanamh an aigne a shuaimhniú tríd an anáil le go mbeidh sí i dtiúin leis an gcolainn agus le go mbeidh sí san ‘áit’ chéanna a bhfuil an cholainn, sa nóiméad seo.

Ní gan dua a théann an aigne chun suaimhnis, áfach, agus is mar gheall air sin a mholtar do dhaoine gan aon bhreithniúnas a thabhairt orthu féin agus iad ag triail an aireachais, go mór mór den chéad uair, óir is róbhaolach go ndéarfadh duine leis féin go bhfuil ‘an iomarca smaointe ag dul trí mo chloigeann’ nó ‘nílim go maith aige seo in aon chor’, agus, dá bharr sin, go ndéarfadh sé ‘níl aon mhaitheas dom ann’ – agus go n-éireodh sé as.

Seo ceann de na cúiseanna a gcuirtear an oiread sin béime ann ar an neamhbhreithiúnachas, i.e. gan a bheith anuas ort féin nó ag fáil locht’ ort féin; i bhfocail eile, iarracht a dhéanamh bheith cineálta leat féin, rud nach furasta dúinn a dhéanamh i gcónaí. Iarrtar orainn an trócaire chéanna a dhéanamh ar dhaoine eile agus a bheith cineálta leosan freisin. Mura mbeidh, rachaidh sé dian orainn déanamh amhlaidh linn féin agus vice versa.

Is iad seo bunchlocha fealsúnachta an aireachais.

Fonn a níos fiach agus má fhéachann duine le díriú ar a chuid anála, éireoidh sé níos fearr ag an aireachas de réir a chéile. Is féidir le duine díriú ar na codanna éagsúla dá cholainn freisin an fhaid is atá sé á dhéanamh agus, diaidh ar ndiaidh, moilleoidh siúl an ‘rotha’ ina aigne. Cleachtadh uilig é.

Bíodh is gur mór an chabhair an t-aireachas chun suaimhnis, áfach, moltar do dhaoine é a dhéanamh fiú agus a n-aigne suaite, agus fáilte a chur roimh aon smaointe nó aon mhothúcháin a thagann an treo le linn a dhéanta, agus arís ar ais, gan aon bhreithiúnas a thabhairt orthu féin ná ar na smaointe/mothúcháin sin. Iad a aithint agus a admháil agus díriú an athuair ar an anáil a mholtar a dhéanamh sa chás sin.

Sa mhéid sin, tá an t-aireachas iomlán bun os cionn leis an ‘machnamh’, a bhfuil a mhalairt de bhrí leis sa traidisiún Gaelach, le fírinne.

Bíodh is go bhfuil an t-aireachas fréamhaithe sa Bhúdachas, tá sé curtha in oiriúint ag John Kabat-Zinn, agus ag Thich Nhat Hanh roimhe, don uile dhuine anois, pé acu creideamh a bheith acu nó a mhalairt; faoi mar atá ráite acu féin, ‘for people of all faiths and for people of none’.

D’fhreastail mé féin ar chúrsa aireachais de chuid Josephine Lynch i mBaile Átha Cliath cúpla bliain ó shin agus chuir mé cúpla ceist uirthi le gairid faoina bhfuil i gceist leis an aireachas, dar léi féin, agus an chaoi a dtéann sé chun tairbhe do shláinte duine.

Seo blaiseadh den méid a bhí le rá aici.

Dóibh siúd nach dtuigeann cad is aireachas ann, cén míniú a bheadh agatsa air?

Jospephine-lynch

Cleachtadh atá san aireachas, áit a ndéanann duine iarracht a bheith aireach agus meabhrach san am i láthair; croí oscailte a bheith aige agus fáilte a chur roimh an uile bhlas a bhuaileann é ar ala na huaire, idir smaointe is mhothúcháin, idir aigne is chorp.

Conas a ráinig dó teacht go hÉirinn?

Chuaigh scata scoláirí ag déanamh staidéir air [an t-aireachas] thall in Ollscoil Bangor sa Bhreatain Bheag agus i roinnt ollscoileanna sna Stáit Aontaithe tamall de bhlianta ó shin agus is iad a thug ar ais go hÉirinn é. Tá an-tóir anois air agus tá sé á mhúineadh i scoileanna agus i roinnt coláistí ullmhúcháin do mhúinteoirí. Múintear é mar chuid den oiliúint a chuirtear ar dhochtúirí teaghlaigh freisin, agus i roinnt príosún. Lena chois sin, tá go leor dochtúirí á mholadh dá n-othair anois.

Cad iad bunchlocha na fealsúnachta a ghabhann leis an aireachas?

Tá sé sin an-simplí. Ní bhaineann sé le coincheapa meitifisciúla nó osnádúrtha, ach sinn féin a dhúiseacht agus a bheith aireach ar ár gcuid mothúchán agus smaointe le gur féidir linn sinn féin a shuaimhniú agus dul i ngleic le hanbhroidí an tsaoil agus teacht aniar uathu, diaidh ar ndiaidh.

Conas a théann an t-aireachas chun tairbhe do mheabhairshláinte duine agus cad iad na buntáistí a bhaineann leis?

Is iomaí buntáiste a bhaineann leis – luas teacht aniar mothálach nóiméad ó shin. Chomh maith leis sin, tá sé cruthaithe go gcabhraíonn an t-aireachas le daoine a bhfuil pian ainsealach orthu nó a fhulaingíonn suaitheadh intinne nó ísle brí agus tinnis go leor eile a chuireann isteach ar dhaoine.

Cad iad na míthuiscintí is mó atá ann i dtaobh an aireachais?

Go mbaineann sé le bheith sona agus dearfach seachas a bheith ábalta cur suas le hanbhroidí an tsaoil agus seasamh leo; nó gurb ionann é agus uile-íoc nó réiteach bog ar fhadhbanna uile na sochaí.

Cé na cineálacha tinnis a mbaintear leas as an aireachas lena n-aghaidh ?

Aon chineál easláinte a bhaineann le strus nó imní; an lionn dubh; tinneas craicinn nó brú fola; neamhord ite agus go leor leor eile.

An bhfuil fianaise eolaíochta taobh thiar den méid a mhaítear i dtaobh an aireachais?

Tá go deimhin. Tá an t-uafás taighde piarmheasúnaithe déanta i réimse na síceolaíochta agus na néareolaíochta a léiríonn an dea-thionchar a bhíonn ag an aireachas ar dhaoine.

Tar éis do 98 Feisire Parlaiminte thall sa Bhreatain freastal ar chúrsa ocht seachtaine i Westminster, tá coiste uile-pháirtí bunaithe ag Rialtas Shasana agus beidh páipéar ar an aireachas á fhoilsiú acu i mí Dheireadh Fómhair.

Is múinteoir aireachais í Josephine Lynch agus is féidir dul i dteagmháil léi anseo.

Fág freagra ar 'An t-aireachas agus anbhroidí an tsaoil…'