An tsraith teilifíse iomráiteach ‘An Bronntanas’ le dáileadh go hidirnáisiúnta

Comhlacht mór idirnáisiúnta sa Fhrainc tar éis conradh a shíniú chun é a chraoladh ar fud an domhain

An-Bronntanas-Clár-5-Pól-Ó-Gríofa
Pól Ó Gríofa i radharc as An Bronntanas

Tá comhlacht mór idirnáisiúnta Francach, Lagardère Entertainment (LE) Rights, tar éis conradh a shíniú chun an tsraith iomráiteach An Bronntanas a dháileadh ar fud an domhain.

D’éirigh thar cionn leis an tsraith drámaíochta nuair a craoladh í ar TG4 ag deireadh na bliaina seo caite, agus le roinnt míonna anuas, tá ag eirí go han-mhaith leis an leagan scannáin di ag féilte idirnáisiúnta.

Deir léiritheoir na sraithe, Ciarán Ó Cofaigh:

“Is cúis bróid dúinn go mbeidh An Bronntanas á dháileadh ar mhargaí idirnáisiúnta. Tá an iomaíocht an-ghéar ó thaobh drámaíocht teilifíse idirnáisiúnta de agus is éacht ann féin conradh mór dáiliúcháin a shíniú le leithéidí LE Rights. Idir chriú, aisteoirí agus mhaoinitheoirí, chreid muid uilig go raibh sraith drámaíochta ar ardchaighdeán idirnáisiúnta léirithe againn. Seo cruthúnas air sin.”

Bronnadh ‘Duais Speisialta an Ghiúiré’ ar An Bronntanas le déanaí ag Féile Scannán Bhostún. Lena chois sin, d’éirigh leis trí ainmniúchán a fháil ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2015, moladh don ‘tSraith Teilifíse is Fearr’ san áireamh.

Tá ríméad ar Frederick Range, Ceannasaí Ceannacháin LE Rights, faoin gconradh.

Dúirt sé go bhfuil an comhlacht thar a bheith sásta a bheith freagrach as dáileadh idirnáisiúnta An Bronntanas agus go gcuireann sé go mór leis an méid sraitheanna a thagann faoina scáth cheana féin.

“Bíonn go leor sraitheanna aitheanta Francacha á ndáileadh againn ach fíorbheagán sraitheanna gearra. Mar gheall air sin, is cúis áthais dúinn sraith d’ardchaighdeán a thabhairt chuig margadh MIP ag Cannes na Fraince.”

Mhínigh sé go mbeadh an comhlacht ag seoladh 25 teideal nua ag MIP, idir fhaisnéis, fhicsean agus bheochan, agus go mbeidh An Bronntanas ar cheann de sé mhórthogra nua ficsin ina measc sin.

“Is scéal iontach atá ann atá scríofa agus léirithe ar an gcaighdeán is airde. Tá muid an-dóchasach go mbeidh an-tóir ar An Bronntanas sna margaí idirnáisiúnta”, a dúirt Range.

Is scéinséir comhaimseartha é An Bronntanas atá suite amach ó chósta Chonamara, mar a ndírítear ar shaol lucht bád tarrthála.

Tar éis dóibh glaoch a fháil oíche stoirme, tagann an criú tarrthála áitiúil ar lastas drugaí ar fiú os cionn milliún euro é, ar bhád iascaigh tréigthe. Nuair a dhéanann siad cinneadh an lastas seo a choinneáil dóibh féin, saol trioblóideach, foréigneach agus tragóideach atá i ndán dóibh.

Is iad Ciarán Ó Cofaigh agus Tom Collins a léirigh An Bronntanas le haghaidh ROSG agus De Facto Films. Ba é Tom Collins a stiúraigh agus Cian de Buitléar a bhí i mbun na ngrianghraf. I measc na bpríomhaisteoirí ann, tá Dara Devaney (Na Cloigne), an Gael-Mheiriceánach John Finn (Cold Case), Owen McDonnell (Single Handed), Michelle Beamish (Crisis Eile), Pól Ó Gríofa (Ros na Rún), Charlotte Bradley agus Janusz Sheagall.

Rinneadh An Bronntanas a scannánú in áiteanna éagsúla timpeall Chonamara agus fuair sé maoiniú ó TG4, An BAI, Bord Scannán na hÉireann agus Northern Ireland Screen/ILBF.

Fág freagra ar 'An tsraith teilifíse iomráiteach ‘An Bronntanas’ le dáileadh go hidirnáisiúnta'

  • Fearn

    Dea-scéal!
    Ach an bhfuil “sliocht” an Bhronntanais ar an bacáin?