An sertão – Leathfhásach a mheabhródh iarthuaisceart Mhaigh Eo do dhuine murach an teas marfach

Leathfhásach scrobarnaigh atá sa sertão, tírdhreach nach bhfuil a leithéid ar fáil ach in oirthuaisceart na Brasaíle. Chaith ár gcolúnaí ceithre huaire is fiche i measc na gcachtas sular theith sé ar ais i dtreo na cathrach

Uaigneas sceirdiúil a shíneann chomh fada le radharc na súl agus a mheabhródh iarthuaisceart Mhaigh Eo do dhuine murach an teas marfach: sin é an sertão, tírdhreach tur tirim nach bhfuil a leithéid ar fáil ach in oirthuaisceart na Brasaíle. Taobh tíre nach bhfásann ann ach scrobarnach, nach mbíonn uisce sna haibhneacha ach lá nó dhó sa bhliain agus nach mbíonn de chomhluadar ag an dornán daoine a bhfuil cónaí orthu ann ach na cuileoga. Ceantar inar fairsinge an cachtas ná an crann, an rós-ghrianchloch ná an rós agus an dealg ná an duilleog. Limistéar ina mbíodh gorta go dtí le réasúnta gairid, ina maireann an fíoch fola in áiteanna agus a bhfuil creideamh agus traidisiún chomh láidir leis na clocha agus na creaga.

As an áit seo a fáisceadh duine de mo chairde is fearr sa Bhrasaíl, Felipe. Bhí deis agam le gairid cuairt a thabhairt ar a bhaile dúchais ina theannta. 

Dhá mhíle duine ar a mhéad a bhfuil cónaí orthu in Fernando Pedroza (NASC:https://goo.gl/maps/bc4ihASCsFK2 ), a bunaíodh céad bliain ó shin i gcroílár an stáit Rio Grande do Norte. Ní raibh tada ann an uair sin agus níl mórán ann anois. Dúnadh an t-iarnród, a spreag bunú an bhaile, i bhfad ó shin; tá an stáisiún traenach ag titim as a chéile. Níl fágtha den choláiste cónaithe dara leibhéil, a bhí tráth ar an gceann is fearr sa stát, ach ballóga. Chuir plá deireadh le tionscal an chadáis blianta fada ó shin; níor tháinig mórthionscal eile ina áit. Níl fágtha sa taiscumar as a dtagann soláthar uisce an bhaile ach a hocht faoin gcéad den toirt iomlán; is gearr go mbeidh ar an stát uisce a chur amach i dtrucail. Líon na dteampall soiscéalaíocha an t-aon rud atá ag dul i méad. 

Chónaigh Felipe in Fernando Pedroza go dtí go raibh sé ceithre bliana is fiche d’aois, ach anois, tar éis dó blianta a chaitheamh i gcathair Salvador (áit raibh sé mar chomharsa béal dorais agamsa) agus in Natal, príomhchathair an stáit Rio Grande do Norte, bíonn sé deacair air oiread agus ceithre huaire is fiche an chloig a chaitheamh ina bhaile dúchais. Tuigim dó: an lá ar bhain muid Fernando Pedroza amach bhí mé faoi dhraíocht ag tírdhreach te, tur, tirim an sertão, ach b’fhaoiseamh dom é nuair a bhuail muid bóthar an lá dár gcionn, turas cairr dhá uaire an chloig romhainn tríd an leathfhásach dorcha i dtreo shoilse na cathrach.

Fág freagra ar 'An sertão – Leathfhásach a mheabhródh iarthuaisceart Mhaigh Eo do dhuine murach an teas marfach'