An Seansailéir Osborne ag séideadh faoin éiginnteacht maidir leis an ‘Tús Úr’

Is iontach go deo nár tugadh leid ar bith don DUP agus Sinn Féin sular chuireadar bailchríoch ar a margadh go raibh a intinn athraithe ag Osborne

George Osborne

B’údar faoisimh do a lán é gur thángthas ar réiteach sna cainteanna chun Stormont a tharrtháil. Dá dhonacht é an córas díláraithe, b’fhearr leis an bpobal é ná riail dhíreach, faoi na Tóraithe go háirithe. B’fhada le daoine go ndéanfaí an margadh. Ní raibh sé ach seachtain ar an bhfód, áfach, nuair a rinne Seansailéir an Státchiste, George Osborne cinneadh ina bhuiséad fómhair a chothaigh ceisteanna agus conspóid faoi cheann den bheagán údar gaisce a bhí ag na páirtithe sa Tús Nua.

Bhí an cháipéis fada – agus doiléir. Tá taithí ag daoine ar an doiléire agus níorbh údar iontais é. Bhí éiginnteacht faoi, áfach; easpa trédhearcachta faoin socrú maidir le ciorruithe leasa shóisialaigh, an chnámh spairne a chuir an margadh deiridh de dhroim seoil.

Scéal dearfach ab ea an socrú chun a dhul i ngleic le ciorruithe an tSeansailéara ar chreidmheas cánach, beart a mbeadh tionchar aige ar an séú cuid de theaghlaigh i dTuaisceart Éireann. Bhí £240 milliún (£60 milliún sa bhliain) á chur i leataobh le theacht i gcabhair ar an 120,000 teaghlach, ar phá íseal, a chaillfeadh beagnach míle punt sa bhliain. Anois, i ngeall ar an mbrú ó Theach na dTiarnaí agus ón bpobal fré chéile, tá an plean caite i dtraipisí ag an Seansailéir, beart a raibh fáilte roimhe ach a tháinig aniar aduaidh ar na páirtithe i Stormont.

Margadh idir an DUP agus Sinn Féin is ea an Tús Nua agus bhí an dá pháirtí ar a ndícheall ag cur cuma na maitheasa ar a saothar. D’fhoilsigh Sinn Féin bileog ildaite, chostasach a dáileadh i nuachtáin agus mhaígh an DUP ag a gcomhdháil go raibh údar gairdeachais acu. Sa bhileog ó Shinn Féin, maíodh go raibh “£585 milliún á gcaitheamh leis na daoine is mó i mbaol a chosaint, lena n-áirítear teaghlaigh den lucht oibre atá thíos leis de bharr chiorruithe na dTóraithe ar chreidmheas cánach”.  Scéal thairis é ach ‘Stormount’ a thug siad ar Stormont sa bhileog. Ní hiad amháin a rinne botúin; tá earráid ghramadaí (i mBéarla) i réamhrá an Aire Gnóthaí Eachtracha don Tús Nua.

Dea-scéal don Fheidhmeannas i Stormont, shílfeá, go mbeidh £240 milliún acu chun a dhul i ngleic le fadhbanna eile. Sin airgead a bheidh acu le caitheamh ar íobartaigh, ar shláinte, ar oideachas – chun na hollscoileanna a tharrtháil ón scrios ata á dhéanamh ar chúrsaí teanga, b’fhéidir.

Ach, ó ghéill Sinn Féin faoi chiorruithe leasa shóisialaigh – is lú an £345 milliún thar thréimhse ceithre bliana ná na héilimh a bhí acu le leathbhliain. Tá cuid dá lucht tacaíochta ag iarraidh go gcuirfí an £240 milliún isteach sa phota faoisimh do lucht leasa shóisialaigh.

Anuas air sin, tá an Comhaontas Glas agus an SDLP ag ceistiú na bhfigiúirí maidir leis na ciorruithe leasa shóisialaigh agus daoine in iarthar Bhéal Feirste ag tuar go mbeidh suíochán Tionóil de chuid Shinn Féin ansin i mbaol ó Gerry Carroll, Pobal roimh Bhrabús.

Is iontach go deo nár tugadh leid ar bith don DUP agus Sinn Féin sular chuireadar bailchríoch ar a margadh go raibh a intinn athraithe ag Osborne. Chuaigh Peter Robinson agus Martin McGuinness go Sráid Downing le bualadh leis an bPríomh-Aire Cameron agus, anuas air sin, bhí an Státrúnaí Villiers páirteach sna cainteanna.

Ina ionad sin, tá siad anois ag dul i ngleic le raidhse éileamh ar sciar den £240 milliún. Beidh brú inmheánach agus seachtrach ar Shinn Féin chun cuid den chiste sin, ar a laghad, a fháil le haghaidh faoiseamh do dhaoine a bheidh thíos le ciorruithe leasa shóisialaigh.

Beidh daoine atá ag brath ar an gcóras leasa shóisialaigh – nó a bhfuil creidmheas cánach acu anois – ag iarraidh cabhrach amach anseo nuair a athróidh Osborne an córas ó bhonn. Tá airgead sa bhreis ar bhuiséad an PSNI á éileamh ag ceardchumann na bpóilíní le haghaidh an fhiosraithe neamhspleáigh ar Stakeknife agus dhá scór dúnmharú. Agus tá na sluaite ag éileamh go gcaithfí an t-airgead ar shláinte.

Leathbhliain roimh thoghchán Tionóil, cén seans go mbeidh na tosaíochtaí céanna ag an DUP agus Sinn Féin don bhuiséad? Drochsheans go ligfidh siad don phlé an Tús Nua a chur de dhroim seoil chomh gar sin do thoghchán ach ní dual do Stormont an t-eiteachas a thabhairt do dheis easaontais.

Bhí deifir mór ar an Státrúnaí; theastaigh uaithi an reachtaíocht leasa shóisialaigh a bheith rite roimh bhuiséad Osborne an tseachtain seo. Thairis sin, theastaigh ó Peter Robinson a bheith in ann a chuairt ghaisce a bheith aige ag a chomhdháil bhliantúil. An raibh an iomarca deifre orthu? Is deacair a thuiscint conas a tugadh an deis scoilte seo do na páirtithe, ar mhaithe le seachtain.