An tseachtain seo caite dúisíodh as mo thromshuan mé ag uair mharbh na hoíche. Bhíos cinnte gur tromluí a bhí agam agus go rabhas fós i mo chodladh nuair a chualas an raic go léir agus thar aon rud eile tormán leanúnach na n-adharc á séideadh ag deich míle gluaisteán, bheifeá ag ceapadh.
Sea, arsa mise liom féin, agus mé fós leath i mo chodladh, tá leat faoi dheireadh. Tá faighte amach acu gur scríbhneoir Gaeilge tú agus seo iad ar do thóir ag lorg do shíniú ar an leabhar deireanach a chuiris i gcló! Sall liom chuig an bhfuinneog, d’osclaíos í agus chuireas cluas le héisteacht orm. Ní raibh an fothragadh chomh gar dom is a cheapas ar dtúis ach fós féin bhí sé le clos go soiléir agus é ag teacht ó Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir atá leathmhíle thuas an bóthar uaim.
D’fhéachas ar m’uaireadóir. Céard sa diabhal? Leathuair tar éis a trí. Chuas thar n-ais a luí ach bhí sé fuar agam. An gheis briste. Daortha chun stánadh ar an tsíleáil go giolcadh an ghealbhain. An mhaidin dár gcionn dheineas an scéal a fhiosrú. B’amhlaidh a scairt fear an chaifé san ionad siopadóireachta amach ag gáire.
“Cá rabhais le trí seachtaine? Ní inniu ná inné a thosnaigh sé seo,” ar seisean.
Mhínigh sé an feiniméan dom. Bialann charrsheirbhíse nua oscailte san ionad. Krispy Kreme 24HR Drive Thru a hainm agus a sloinne.
“Taoschnónna te ón oigheann. Cinn Mheiriceánacha. Díoltar i mboscaí iad. Dosaen i ngach bosca. Tá an-ráchairt go deo orthu. Tá daoine áirithe ag ceannach sé nó seacht gcinn de bhoscaí agus á n-alpadh i bhfigiúirí dúbailte ar an turas abhaile sa ghluaisteán, deirtear. Tá daoine ag tiomáint ó Thír Chonaill, ó Luimneach, ó Chorcaigh chun iad a fháil. Fiú tá muintir Dheisceart na Cathrach seo ag trasnú abhainn na Life chun iad a fháil, an gcreidfeá é? Tá an-éileamh go deo orthu . . .”
“. . ach nach bhfuil neart taoschnónna in aice linn anseo i Dunnes, ALDI, M&S, Tesco, LIDL. .”
“ . . . an ceart agat, a chara, ach níl ainm in airde orthu, níl siad Meiriceánaithe a ndóthain, má thuigeann tú leat mé. Is beag trácht atá orthu sna meáin shóisialta agus mura bhfuil rírá agus ruaille buaille agus hurlamaboc faoin rud sna meáin sin ní fiú faic na fríde é, a mhiceo.”
Abhaile liom agus m’eireaball idir mo chosa agam. Chualas ar an raidió go rabhthas chun cosc a chur ar an gcarrsheirbhís idir meán oíche agus a sé a chlog ar maidin chun seans a thabhairt don phobal máguaird dreas codlata a fháil. Ocht n-uaire an chloig déag fós fágtha don bhfothragadh agus don sceilimis shaolta.
Dheineas mo mhachnamh. Na páistí ba mhó a bheadh thíos leis an ngealtachas seo. An otracht ina fadhb uafásach i measc na n-óg cheana féin. An taoschnó ar cheann de na rudaí is measa a thabharfá do pháiste le n-ithe. Ach níos measa fós go mbeadh na tuismitheoirí comhpháirteach sa bhfiontar. Agus na scoileanna agus na dochtúirí i mbun feachtais le fada ag iarraidh sláinte na n-óg a fhorbairt agus chosaint.
Chuirfeadh an amaidíocht seo na laethanta ba mheasa den Tíogar Ceilteach i gcuimhne duit ach an babhta seo is í sláinte na bpáistí atá i lár an aonaigh.
Agus cad faoi Mheiriceánú na tíre?
Bhuel, creidim go bhfuil sé faoi lán seoil le fada. Feachtas domhanda atá ann agus tá ag éirí go hiontach leis, dar liom. Tá sé le brath ar na tuineacha cainte, go háirithe i measc na n-óg, atá an-choitianta go deo anois. Agus an ró-ómós atá á thabhairt do chultúr agus do cheol Mheiriceá. Gan trácht ar McDonalds, Kentucky Fried Chicken, Burger King, Starbucks . . .
Bhuel, ar a laghad tá seans ann go n-éireoidh liom dreas codlata a fháil anocht sula dtosóidh an tiomáint go léir arís maidin amárach ag a sé a chlog.
Fág freagra ar 'An scríbhneoir Gaeilge cráite ag an Krispy Kreme 24HR Drive Thru…'