An Rialtas ‘réasúnta muiníneach’ gur 400 cás in aghaidh an lae a bheidh ann faoi cheann 20 lá

Toisc go bhfuil an cineál nua den ghalar níos tógálaí is ‘de réir a chéile’ a osclófar na scoileanna an chéad bhabhta eile, a deir Leo Varadkar

An Rialtas ‘réasúnta muiníneach’ gur 400 cás in aghaidh an lae a bheidh ann faoi cheann 20 lá

Deir an Tánaiste Leo Varadkar go bhfuil an Rialtas “réasúnta muiníneach” go mbeidh líon na gcásanna den Covid-19 a bheidh sa phobal i lár mhí Feabhra chomh híseal is a bhí nuair a bhí na scoileanna oscailte mí Mheán Fómhair.

Dúirt Varadkar gurb é cuspóir an Rialtais tosú ar athoscailt na scoileanna faoi cheann 20 lá nó mar sin, agus gurb iad na daltaí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu is túisce a rachadh ar ais. 

Bhíothas dóchasach gur thart ar 400 cás in aghaidh an lae a bheadh á bhfógairt an uair sin, a dúirt sé.

Toisc go bhfuil an cineál nua den ghalar níos tógálaí is “de réir a chéile” a d’osclófaí na scoileanna an babhta seo, arsa Varadkar.

I ndiaidh athoscailt na scoileanna speisialta, d’osclófaí na bunscoileanna agus ina dhiaidh sin a d’osclófaí na hiarbhunscoileanna do dhaltaí atá ag déanamh scrúduithe i mbliana.

Dhéanfaí é seo i ndiaidh dul i mbun comhairleoireachta le ceardchumainn, grúpaí tuismitheoirí agus daltaí, arsa an Tánaiste.

Tá ráite ag an Taoiseach Micheál Martin gur dócha nach mbeadh na scoileanna go léir oscailte roimh Lá Fhéile Pádraig. Thug sé le fios go mbeadh sé beagnach ina Cháisc sula mbeadh na daltaí ar fad ar ais ar scoil.

Tá an Rialtas chun na srianta sláinte phoiblí atá i bhfeidhm faoi láthair a choinneáil go dtí an 5 Márta ar a laghad agus tabharfaidh siad a mbeannacht inniu do shrianta nua faoi chúrsaí taistil.

Idir an dá linn, tá an tAontas Eorpach ag bagairt go gcuirfidh siad stop le heaspórtáil vacsaíní chuig tíortha lasmuigh den Aontas i bhfianaise na conspóide faoi sholáthar AstraZeneca. Tá sé curtha i leith an chomhlachta nach bhfuil aon mhíniú sásúil tugtha acu faoin scéala go mbeidh i bhfad níos lú vacsaíní á ndáileadh acu ar bhallstáit an AE ná mar a bhí socraithe.

Chuir Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen fainic ar an gcomhlacht cógaisíochta AstraZeneca go gcaithfidís na conarthaí soláthair vacsaíní atá déanta acu a chomhlíonadh.

Is iad na daoine atá 85 nó os a chionn an chéad dream eile a gheobhaidh an vacsaín agus na dochtúirí teaghlaigh ina gclinicí a bheidh á tabhairt dóibh.

Nuair a bheidh ceadúnas faighte ag AstraZeneca, tosófar ar an ngrúpa sin, cé go bhféadfadh moill a bheith ar an soláthar.

Fág freagra ar 'An Rialtas ‘réasúnta muiníneach’ gur 400 cás in aghaidh an lae a bheidh ann faoi cheann 20 lá'