An Rialtas ag moladh cead a thabhairt d’aon bhaile Gaeltachta sampla ‘Dingle/Daingean Uí Chúis’ a leanúint

De réir leasú reachtaíochta a bhfuil glactha ag an Rialtas leis, bhunófaí córas nua a cheadódh athrú a dhéanamh ar logainm oifigiúil Gaeltachta sa chás go mbeadh tromlach an phobail agus an t-údarás áitiúil ar son an ainm nua

An Rialtas ag moladh cead a thabhairt d’aon bhaile Gaeltachta sampla ‘Dingle/Daingean Uí Chúis’ a leanúint

Beidh cead ag aon bhaile Gaeltachta ainm oifigiúil Béarla a bheith acu, mar a tharla i gcás Dingle/Daingean Uí Chúis, má ghlactar le leasú reachtaíochta atá molta ag an Aire Tithíochta.

De réir an leasaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, a bhfuil glactha ag an Rialtas leis, bhunófaí córas nua a cheadódh athrú a dhéanamh ar logainm oifigiúil Gaeltachta sa chás go mbeadh tromlach an phobail agus an t-údarás áitiúil ar son an ainm nua.

Dá mba amhlaidh an cás, de réir an leasaithe, ní bheadh sé de chumhacht níos mó ag Aire Gaeltachta ordú a dhéanamh a thabharfadh údarás don logainm Gaeilge amháin.

Tá an leasú á mholadh mar chuid den Local Government Bill 2018 atá os comhair na Dála faoi láthair.

Bíonn conspóid rialta i gceantair áirithe Gaeltachta faoin dlí a fhágann gurb é an leagan Gaeilge de logainm Gaeltachta an leagan oifigiúil.

Tarraingíodh aird ar an gceist seo le tamall de bhlianta anuas in áiteanna amhail Béal an Mhuirthead, atá i nGaeltacht oifigiúil Mhaigh Eo, an Clochán Liath i dTír Chonaill agus Baile Chláir sa Ghaillimh.

I gcás Bhaile Chláir, rinne Comhairle Cheantar Bardasach Thuama éileamh le déanaí go gcrochfaí comharthaíocht dhátheangacha in áit na comharthaíochta Gaeilge atá ar bhóithre mórthimpeall an bhaile sin, rud a bheadh in aghaidh na reachtaíochta teanga faoi láthair.

Bhain an chonspóid ba mhó faoi cheist logainmneacha na Gaeltachta le baile an Daingin i gCorca Dhuibhne, mar ar éiligh cuid mhór den phobal go mbeadh cead Dingle/Daingean Uí Chúis a úsáid de réir dlí.

I ndiaidh aighneas fada, deineadh leasú ar an reachtaíocht in 2011, leasú a bhain leis an logainm ‘An Daingean’ amháin. Faoin leasú sin deineadh eisceacht den Daingean agus ceadaíodh dhá logainm oifigiúil don bhaile Gaeltachta – ‘Daingean Uí Chúis’ i nGaeilge agus ‘Dingle’ i mBéarla.

Má ghlactar le moladh an Rialtais sa Local Government Bill 2018, bheadh an cead céanna ag aon phobal Gaeltachta sampla an Daingin a leanúint agus ainm oifigiúil Béarla a tharraingt chucu féin.

Chuige sin, chaithfí cead a fháil ó thromlach bhaill na Comhairle Contae ‘reifreann’ áitiúil a reáchtáil faoin ainm nua. Dá vótálfadh tromlach an phobail ar son an athraithe, chuirfí a gcinneadh i láthair na Comhairle Contae lena cheadú.

Dheimhnigh urlabhraí de chuid an Coimisinéara Teanga Rónán Ó Domhnaill le Tuairisc.ie tráthnóna inné “nár cuireadh ar an eolas é” faoin leasú atá beartaithe ar Acht na dTeanagcha sa bhille rialtais áitiúil.

Fág freagra ar 'An Rialtas ag moladh cead a thabhairt d’aon bhaile Gaeltachta sampla ‘Dingle/Daingean Uí Chúis’ a leanúint'

  • CLAREGALWAY

    Má tá ceantair ag iarraidh ainm Bhéarla agus mura bhfuil an scoil áitiúil ag feidhmiú tré Ghaeilge cén fáth go bhfuil siad fós sa Ghaeltacht Oifigiúil?

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Freagra ar an gceist bhunúsach atá curtha ag CLAREGALWAY: Níl sé de mhisneach ag Roinn na Gaeltachta – idir na stáitsheirbhísigh agus na polaiteoirí i gceannas tabhairt faoi na teorannacha athrú. In ainneoin an méid fianaise agus comhairle atá curtha ar fáil faoin gceist ar chostas mór le 20 bliain anuas, tá na teorannacha mar a socraíodh iad i 1956 seachas roinnt athraithe beaga nuair a cuireadh ceantair eile leis.

    Ba bhreá an rud é dá gciallódh an branda Gaeltacht, go bhfuil an Ghaeilge in usáid i measc sciar suntasach den phobal. Ach ní chaillaíonn. Léiríonn na stats gur mó Gaeilge atá á usáid in Uachtar Ard agus in Orán Mór nach mar a usáidtear go laethúil ná go seachtainiúl i gClaregalway. Má mian le daoine i gClaregalway an t-ainm sin a bheith in airde ar na comharthaí bóithre, creidim go mba cheart géilleadh dóibh ach a mbeidís sásta a éileamh chomh maith go mbainfí amach as an nGaeltacht an ceantar.

    Tá scéal na dteorannacha chomh mór as alt is go bhfuil níos mó daoine ina gcónaí anois i gCathair na Gaillimhe le aitheantas Gaeltachta ná mar atá i nGaeltacht Chonamara ar fad!

  • Séamus

    An ‘cur i gcéillteacht’?

  • Risteárd

    An í seo bliain an Bhéarla, nó bliain na Gaeilge? Is maith leis na cuairteoirí an Ghaeilge a fheiscint agus ba mhaith leo níos mó Gaeilge a chloisint. Is maith leis na Gaeilgeoirí a dteanga a chosaint. Ní thuigim cén fáth go bhfuil namhaid na Gaeilge ag dul chun cinn anois.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Fine Gael agus Fianna Fáil arís ag leanúint le marú na Gaeilge sa Ghaeltacht. An t-aon ‘reachtaíocht’ atá le feiceáil go laethúil sa phobal agus tá Eoghan Murphy, Aire Tithíochta (fear nach raibh ábalta comhfhreagras Gaeilge a sheoladh ar ais chugam) chun an cinneadh a fhágáil ag cé???
    ‘….a cheadódh athrú a dhéanamh ar logainm oifigiúil Gaeltachta sa chás go mbeadh tromlach an phobail agus an t-údarás áitiúil ar son an ainm nua.’

    Nach bhfuil fhios againn uilig nach bhfuil fágtha sa ‘Ghaeltacht’ ach pócaí beaga de dhaoine díograsacha atá ar son caomhnú na Gaeilge? Dá mbeadh bhóta ann amárach ní bheadh seans dá laghad ag aitheantas don Ghaeilg!!

    Ó thaobh an Ghaeltacht oifigiúil agus teorannacha de, b’fhéidir go raibh an smaoineamh ann ag an am go leathnófaí an Ghaeilg AMACH as na ceantracha a bhí láidir agus go spreagfaí daoine AR IMEALL NA GAELTACHTA leis an Ghaeilg a labhairt agus a chuir chun cinn – athbheochan nach ea?? Ach, dár ndóighe, is a mhalairt a tharlaigh – bhrúigh an Béarla agus na Béarlóirí isteach agus ghlac muintir na ‘Gaeltachta’ leis nó níor sheas siad an fód le aitheantas níos fearr a thabhairt don Ghaeilg ag an am – agus tá sé ag leanúint leis ó shoin. Má leantar de bheith ag gearradh agus ag athrú teorannacha fágfar an ‘Ghaeltacht’ níos imeallaithe ná mar bhí riamh agus is gairid nach mbeidh fágtha ach cúpla oileán le cúpla cainteoir Gaeilge orthu.

    Ní bheinn ag fágáil todhchaí na Gaeilge RIAMH ag polaiteoirí nó tá caomhnú na Gaeilge scriosta acu – is cuma cé hiad!!

    Coinníoll Ghaeilge don Ghaeltacht.