An mbeidh Baile Chláir/Claregalway ina chonspóid ‘Dingle/Daingean Uí Chúis’?

Tá éileamh á dhéanamh go gcrochfaí comharthaíocht dhátheangacha in áit comharthaíocht Ghaeilge ar bhóithre mórthimpeall Bhaile Chláir, baile Gaeltachta

Tá éileamh á dhéanamh ag Comhairle Cheantar Bardasach Thuama i gcontae na Gaillimhe go gcrochfaí comharthaíocht dhátheangacha in áit na comharthaíochta Gaeilge atá ar bhóithre mórthimpeall Bhaile Chláir, baile atá i limistéar na Gaeltachta.

Glacadh le rún ag cruinniú de chomhairleoirí Thuama le déanaí go gcuirfí aighneacht chuig an Aire Iompair Shane Ross agus chuig an Aire Gaeltachta Seán Kyne faoi logainm Béarla ‘Bhaile Chláir’ a chur le taobh an logainm Gaeilge ar chomharthaíocht timpeall an bhaile.

Ba í an comhairleoir de chuid Fianna Fáil Mary Hoade a d’ardaigh an cheist faoin chomharthaíocht dhátheangach i gcás Bhaile Chláir.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Hoade go raibh na comhairleoirí “ar aon intinn” gur chóir an reachtaíocht chéanna a cheadaigh an logainm Béarla ‘Dingle’ agus an logainm Gaeilge ‘Daingean Uí Chúis’ ar chomharthaíocht i nGaeltacht Chiarraí a chur i bhfeidhm i gcás Bhaile Chláir.

Dúirt sí gur cúis “imní” iad na comharthaí Gaeilge do mhuintir an bhaile mar nach mbíonn daoine, nach as an áit iad, in ann Baile Chláir a bhaint amach.

“Creideann gach comhairleoir gur cheart go n-athrófaí sin. Cé go n-aithníonn muid ar fad go bhfuil Baile Chláir sa Ghaeltacht, céard faoi na daoine nach as an áit iad agus nach dtuigeann céard is ‘Baile Chláir’ ann?” a dúirt an Comhairleoir Hoade.

Agus é ag caint ag an chruinniú, dúirt an Comhairleoir Peter Roche de chuid Fhine Gael go raibh comharthaí Gaeilge atá crochta do Chnoc an Eanaigh, ceantar atá ‘an-scartha ón Ghaeltacht’ dar leis, ag cothú na ndeacrachtaí céanna. 

Tagann an méid seo sna sála ar iarratas a chuir an Teachta Dála neamhspleách do Ghaillimh Thoir, Seán Canney, faoi bhráid an iar-Aire Gaeltachta Joe McHugh, go gcuirfí comharthaíocht dhátheangacha in airde ar an mhótarbhealach gar do Bhaile Chláir.

Ag labhairt dó ag cruinniú comhchoiste Oireachtais an mhí seo caite, dúirt Canney go raibh “roinnt fadhbanna aige” le comharthaíocht i gcontae na Gaillimhe ó tógadh an mótarbhealach nua agus gur “údar díomá dó” gur i nGaeilge atá na comharthaí a crochadh.

 

Dúirt sé go raibh Baile Chláir á mheascadh suas ag “an t-uafás daoine” le ‘Belclare’ {Béal Chláir}, baile atá 25 nóiméad ó thuaidh de Bhaile Chláir.

Dúirt sé gur ghá Béarla a chur leis an chomharthaíocht Ghaeilge ar an mhótarbhealach ionas nach mbeadh daoine ag “ag dul ar strae”.

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an t-iar-Aire Gaeltachta, Joe McHugh, go raibh “roinnt aighneachtaí” faighte aige ó chomhairlí na Gaillimhe maidir le comharthaíocht dhátheangach agus go mbeadh fáilte aige roimh thoscairí as Gaillimh ag cruinniú le Roinn na Gaeltachta chun an cheist a phlé.

Is é an Comhairleoir de chuid Fine Gael, Frank Kearney, a d’ardaigh an cheist leis an iar-Aire Gaeltachta breis is bliain ó shin agus imní á léiriú aige go raibh na comharthaí Gaeilge atá crochta ag Acomhal 19 agus Acomhal 20 ar an mhótarbhealach gar do Bhaile Chláir ag cothú go leor fadhbanna do dhaoine.

In 2004 a tugadh isteach an t-ordú logainmneacha faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla  a d’fhág nach mbeadh stádas oifigiúil reachtúil ag aon ainmneacha ach amháin ainmneacha Gaeilge i gcás bhailte na Gaeltachta.

Lean conspóid mhór theasaí faoin logainm ‘An Daingean’ ina dhiaidh sin. Bhí dream amháin ar son an logainm Gaeilge amháin a bheith crochta sa bhaile agus an dream eile ar son ‘Dingle/Daingean Uí Chúis’.

In 2011, d’éirigh le lucht an fheachtais ‘Dingle/Daingean Uí Chúis’ agus cinneadh go mbeadh an dá ainm sin le feiceáil ar chomharthaí bóthair sa cheantar feasta.

Eisceacht  a bhí i gcás an Daingin, áfach. Is amhlaidh a tugadh isteach foráil reachtúil ar leith chun an leasú sin a dhéanamh ar ainm ‘An Daingean’. Faoi fhoráil 191 d’alt 48 den Acht Comhshaoil (Forálacha Ilghnéitheacha) 2011, daingníodh ‘Daingean Uí Chúis’ i nGaeilge agus ‘Dingle’ i mBéarla mar ainmneacha oifigiúla an bhaile sin i gCiarraí feasta.

Fág freagra ar 'An mbeidh Baile Chláir/Claregalway ina chonspóid ‘Dingle/Daingean Uí Chúis’?'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá ciall leis an éileamh go mba cheart Claregalway a bheith ar na comharthaí chomh maith le Baile an Chláir. An an bhfuil aon chiall le aitheantas mar cheantar Gaeltachta a bheith ag Claregalway agus an ceantar mághuaird, nuair nach bhfuil an Ghaeilge á usáid i measc an phobail sa gceantar le fada an la? Nach í an cheist ar cheart a bheith curtha ar na bpolaiteoirí.

  • Victor

    Cén fáth a raibh an duine sin as Corcaigh ag dul go Claregalway agus ní go Baile an Chláir sa gcéad áit?!

  • Sibéal

    Níl an Státchóras agus polaiteoirí sásta a admháil gur theip urthu na Gaeltachtaí a chaomhnú agus sin a fáth go bhfuil na Limistéir Gaeltachta a aithníodh i 1956 fós bailí de réir dlí.

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Dé cúis gur aistrigh muintir Bombay agus Calcutta ainmneacha a gcathracha go Mumbai agus Kolkatta? An é go bhfuil féin múinín na nIndiach ag éirí arís t’réis na ceadta blian fé smacht na Sasanach?

  • Sách Ráite

    Cén fáth nach dtugtar Baile Chláir na Gaillimhe ar? Tuige ar ghiorradh said é??

  • Stilla

    Maidir leis an gcaoi a thaispeántar an t-ainm Béarla i gceann-litreacha móra dubha — ORANMORE — mar shampla — agus an t-ainm Gaeilge i litreacha beaga iodálacha — Orán Mór — nárbh fhearr go ndéanfaí a mhalairt sa Ghaeltacht. Ba cheart tús áite a thabhairt don leagan Gaeilge sa Ghaeltacht ach an dá leagan a bheith le feiceáil. I gcás go n-úsáidtear an leagan Gaeilge féin ar fud na tíre ba cheart an t-ainm sin a thaispeáint dhá uair — Dún Laoghaire DÚN LAOGHAIRE.

  • "I mBaile Chláir a bhí mé

    @Sách Ráite
    Is “Baile Chláir” a deireann cainteoirí dúchais an cheantair i gcónaí; an dornán atá fágtha.