An raibh rud ar bith ní ba náirí le linn an olltoghcháin ná an t-ionsaí leanúnach a rinneadh ar Shinn Féin?

Mura mbeadh ann ach gadhar a mharódh carr ar an mbóthar ba theannach leis an Independent a thabhairt le tuiscint go raibh baint éicint ag Sinn Féin leis

 

Toghchán Strap

Ceannaire Shinn Féin, Gerry Adams. RollingNews.ie
Ceannaire Shinn Féin, Gerry Adams. RollingNews.ie

An raibh rud ar bith ní ba náirí i bhfeachtas an olltoghcháin ná an t-ionsaí gránna leanúnach a rinne an Irish Independent agus an Sunday Independent ar Shinn Féin?

Ní raibh lá ar bith nár fhoilsigh siad trí nó ceathair d’altanna ag díspeagadh an pháirtí sin agus ag tabhairt le tuiscint do na léitheoirí go mbeadh an daonlathas i mbaol go deo dá bhfaigheadh Sinn Féin mórán cumhachta.

Mura mbeadh ann ach gadhar a mharódh carr ar an mbóthar ba theannach leis an Independent a thabhairt le tuiscint go raibh baint éicint ag Sinn Féin leis.

Cén bunús atá leis an bparanoia seo?

B’fhéidir go gceapfá ar an gcéad amharc gur ag smaoineamh ar chogadh an IRA sna Sé Chontae a bhíonn siad. Bheadh daoine saonta  ann a chreidfeadh gur dream iad na scríbhneoirí seo ar fuath leo na gníomhartha foréigin a rinne na Sealadaigh le linn an chogaidh sin.

Dream atá ar son na síochána iad lucht an Independent ar fuath leo aon ghníomh gránna, a déarfadh daoine simplí.

Ach arb ea?

Seo iad an dream céanna a bhí go mór ar son ionradh Mheiriceá ar an Iaráic.

Seo iad an dream céanna nach léir dóibh na dróin atá ag scaoileadh anuas buamaí fós agus ag marú agus ag martrú na mílte daoine.

Seo iad an dream céanna nach bhfuil gíog ná míog astu faoi na gunnaí agus faoin armlón atá rialtas Mheiriceá a chur trí Aerfort na Sionainne ná faoi na príosúnaigh a thug siad an cosán céanna lena gcéasadh i dtíortha eile.

Thairis sin ar fad nach sílfeá go gcuimhneoidís go bhfuil sé cuid mhaith blianta ó rinneadh síocháin sa Tuaisceart.

Maidir le heolas a bheith acu ar an stair ná bí ag súil leis.

Nach ndéarfá leat féin go gcuimhneoidís ar an gcaoi a ndeachaigh Poblachtaigh ó chogadh in aghaidh an Stáit sna fichidí go dtí saol na síochána agus na Dála i bhFianna Fáil.

Ar chuala siad ariamh nár ghéill na Poblachtaigh a bhunaigh Fianna Fáil na gunnaí ariamh agus go raibh gunnaí ina bpócaí ag cuid de Theachtaí Fhianna Fáil nuair a thóg siad a gcuid suíochán sa Dáil den chéad uair?

Chaithfeadh sé go bhfuil bunús éicint eile leis an nimh agus leis an bhfaltanas atá ag an Independent do Shinn Féin.

An teoiric atá agamsa gur faitíos atá orthu gur páirtí radacach cinnte iad Sinn Féin agus go bhfuil an baol ann go dtabharfaidís dúshlán an dreama atá ag déanamh go maith as an gcóras atá againn faoi láthair.

Dream iad cuid mhaith de lucht stiúrtha an fheachtais in aghaidh Shinn Féin atá ag saothrú os cionn €100,000 sa mbliain.

Dream iad nach bhfuil locht ar bith acu ar dhá chóras sláinte a bheith sa tír.

Seo iad an dream a n-óltar deoch orthu agus iad ag breathnú síos ar an dream a mbuailtear cos orthu.

Ba mhór an sásamh dom oíche amháin nuair a thug Gerry Adams freagra ar Bhrian Dobson ar an teilifís. Bhí Dobson á cheistiú go géar agus go binbeach faoi chúrsaí cánach agus airgid.

“An bhfuil tusa ag saothrú níos mó ná €100,000 sa mbliain?” a d’fhiafraigh Adams de.

Tá mé a rá leat gur bhain sé sin an ghaoth as seolta Dobson.

Cúpla oíche ina dhiaidh chuir sé an cheist chéanna ar Mhiriam O’Callaghan? “She seemed to be taken aback” a dúirt an tIndependent an lá dár gcionn.

An bhfuil cúis imní dáiríre ag an Independent faoin bpolasaí atá ar intinn ag Sinn Féin nuair a thiocfaidh siad i gcumhacht sa deireadh? An dtabharfaidh siad dúshlán an status quo le fírinne nó an maolóidh an saol agus an aimsir iad?

Is críonna an té a déarfadh.

Ábhar é a phléifeas muid go mion lá níos faide anonn.

Fág freagra ar 'An raibh rud ar bith ní ba náirí le linn an olltoghcháin ná an t-ionsaí leanúnach a rinneadh ar Shinn Féin?'

  • Feardorcha

    Fíor ar fad dhuit. Tá an Independent ar an ealaín chéanna le roinnt blianta anuas anois.
    Ba chuma leat ach ó tharla an Irish Times tar éis iad féin a chaitheamh le haill le táillí ar líne, is iad an Independent an t-aon nuachtán “le dealramh” a léann daoine ar líne anois (i mBéarla, gan dabht ;).
    Agus na hamadáin ar fud na tíre fós á cheannach chun bolscairí i nDeisceart BhÁC ag geonaíl faoina gcuid cairde a léamh…
    Murach an spórt …

  • padraig

    Ni baol duinn na d’einne eile Sinn Fein, ni pairti radacach iad, ag ras leis an ngiorria agus ag fiach leis na coite a bheidh, is eagal liom. An rud a sceigh orthu… na tailli uisce, bhi Mary Loo agus Gerry chun iad a ioc.. Bhain Paul Murphy ceim siar astu agus luiodar isteach leis an bhfeachtas in aghaidh na dtailli uisce ansin. Ta meas agam ar Gerry Adams go pointe airithe ach neosfaidh an aimsir.

  • Seán

    Ba cheart do Tuairisc.ie a admháil gur iris den eite chlé iad chun nithe a shoiléiriú do gach éinne – alt i ndiaidh ailt ag tabhairt fogha faoi pholasaí eachtrach Mheiriceá agus ag moladh Sinn Féin. Uaireanta ceapain gurb é an Marxist Review atá á léamh agam.

    A Sheosaimh, ní thaitníonn Sinn Féin le tromlach mhuintir na tíre mar go n-aithnítear gurb iad an eite pholaitiúil den IRA. Faoi mar is eol duit, dhúnmharaigh an tIRA sibhialtaigh Phrotastúnacha díreach toisc gur aontachtóirí a bhí iontu. Is é sin le rá, bhíodar sásta daoine a mharú mar gheall ar an gclaonadh polaitiúil a bhí acu. Anuas air sin, níor admhaigh Gerry Adams go raibh ról aige san IRA, rud atá mí-mhacánta agus páistiúil. Sin an fáth nach bhfuil muinín ag daoine astu – stair an fhoiréigin agus na caimiléireachta sa pháirtí, anuas ar an droch-rath ar an tréimhse atá aciate acu in oifig sa Tuaisceart go dtí seo.

    Nach bhfuil sé de cheart ag nuachtán an claonadh polaitiúil atá acu a chur chun cinn? Cén fáth a bhfuil tú chomh buartha sin faoi, más nuachtán príobháideach é?

    Ar an láimh eile, is foilseacháin rialtais é Tuairisc.ie agus freagracht dá réir sin acu tuairimíocht thomhaiste a sholáthar agus freastal ar gach tuairim pholaitiúil, idir chlé agus dheas. Ach is geal le páipéar bolscaireachta frith-Mheiriceánach é seo atá go láidir ar son na heite clé radacaí!

    • Seosamh Ó Cuaig

      An dtuigeann tú, a Sheáin, go bhfuil an chuid is mó de phobal Mheiriceá féin in aghaidh an ionradh a rinne Meiriceá ar an Iaráic?
      Go fiú Donald Trump cháin sé é.

      • Seán

        Bhí 72% de Mheiriceánaigh ar son an ionraidh sin sna míonna roimh ré: https://www.gallup.com/poll/8038/seventytwo-percent-americans-support-war-against-iraq.aspx.

        Tá go leor fimíneach ann a cháineann an cogadh anois ach a bhí ar a shon ag an am: Hillary Clinton agus formhór na nDaonlathach, mar shampla.

        Ach fiú mura n-aontaíonn tú leis an gcogadh, ní thuigim cen fáth a bhfuil tú ag tabhairt fogha faoin Independent – tá seasamh morálta soiléir ag scríbhneoirí a dhéanann idirdhealú idir an sceimhlithteoireacht agus cogadh dlisteanach stáit.

        Déanann siad idirdhealú idir feachtas Mheiriceá in Iaráic agus feachtas an IRA. Ar an gcéad dul síos, bhí tacaíocht stáit ag ionradh Iaráice – vótáladh ar a shon i gComhdháíl na Stát Aontaithe (https://en.wikipedia.org/wiki/Iraq_Resolution) agus bhí tacaíocht thromlach na saoránach acu, mar a luaigh mé thuas.

        I gcás an IRA, ní raibh tacaíocht oifigiúil stát ar bith acu, agus ní fios dúinn an méid tacaíochta a thug an gnáthphobal dóibh mar níor cuireadh ceist ar mhuintir na hÉireann riamh, ó thuaidh nó ó dheas, an raibh siad ag iarraidh go ndéanfaí an tIRA cogadh a fhearadh ar a son.

        Tá difríocht mhorálta sa bhealach inar throid an tIRA agus Meiriceá an dá choimhlint freisin. Ní raibh na Meiriceánaigh ag marú sibhialtach san Iaráic d’aon ghnó – aon saighdiúir Meiriceánach a fuarthas ciontach as sibhialtaigh a mharú nó fiú cimithe a chéasadh, ciontaíodh é as coir a dhéanamh de réir dlí Mheiriceá.

        Ach i gcás an IRA, bhíodar sásta sibhialtaigh a mharú díreach toisc gur Protastúnaigh a bhí iontu, agus níor cuireadh an dlí ar a bhformhór orthu riamh. Agus tá tusa ag iarraidh iad a chosaint ón gcáineadh? Fiú má cheapann tú nach raibh an ceart ag Meiriceá san Iaráic, ní chiallaíonn sé sin gur cheart an tIRA a chosaint!

  • Míchéal

    A Sheosaimh, aontaím gurb d’ionsaigh an Independent Sinn Féin níos mó ná aon ghrúpa polaitiúil eile i rith an olltoghcháin le déanaí, agus chuid is mó den t-am bhí siad ag iarraidh dochar a dhéanamh ar a bhfeachtas.
    Ach níl mé abátá do “theoiric” roimhe Shinn Fhéin a lig gan trácht… is ráiméis é i mo thuairim féin !!! is bréag gurb iad pairtí den eite clé agus ní muinín ná daoine aon fhocal ón gob Gerry Adams agus a lucht tacaíochta…bain an dallamullóg ó do shúil ….bhí Gerry hea féin in ann dul chun US agus an obráid suntasach a fháil mar gheall ar an “dig out” a fuair sé óna chairde !!! (Bertie Ahern an duine eile a cuimhne mé fosta a fuair “dig out” óna chairde)…agus nach gcuimhne achan duine an comhairle a thug siad faoin Troika…an ruaig ar a gcuid airgid….bheadh muid mar céanna an Ghréig anois dá eist muid leo !!! Buíochas le dia tá níos mo ciall le tromlach mhuintir na tíre seo.

    • Seosamh Ó Cuaig

      Cén teoiric a bhí agam faoi Shinn Féin agus an eite chlé?

      • Míchéal

        Meon an sliocht go léir agus go háiriithe ná ráitis a pioc tú maider leis an agallaimh a rinne Gerry le Dobson agus Mirimam…tá said mar an gcéanna ráitis ó AAA/PBP…tá tú ag suí SF in aici eit chlé !!

  • padraig

    Ni thogfainn ar einne cunamh airgid a ghlacadh chun sainobraid leochaileach a fhail, bata e sin a usaideann daoine chun Gerry a bhualadh, rud a leirionn chomh neafaiseach is ata na hargointi ata acu! Ach ceapaim ar a shon sin go bhfuil SF go hiontach agus go hoilte chun bolscaireachta agus chun cadrala ach nil ann ach galamaisiocht is eagal liom. An rud is mo a leirionn sotal, bligeardaiocht, neamhfhiuntas agus neamhinniulacht FG/PLO na Uisce Eireann. Na ligimis e sin i ndearud mar is mar gheall air sin is mo a thug muintir na hEireann speach sa toin doibh sa toghchan seo. Nior aithnigh SF an meid sin (daithnigh FF go paiteanta e) agus ba chuma leo no go raibh orthu aird a thabhairt ar an gceist. Nil a mhalairt de shamhail curtha chun cinn acu maidir le hUisce Eireann na faic eile go nuige seo ach bladhmann. Ach an ndeanfar beart de reir a mbriathair nuair a thiocfaidh a la…..agus tiocfaidh?