‘An raibh aon toradh ar bhur gcuid oibre?’ – Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta 1969-2019

Chuir Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta athrú mór ar mheon na ndaoine i nGaeltacht Chonamara, ach ní eagraíocht teanga a bhí ann

‘An raibh aon toradh ar bhur gcuid oibre?’ – Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta 1969-2019

Pictiúr: An Connacht Tribune

Caoga bliain ó shin a bhunaigh muid Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. Is gearr a bhíonn na blianta ag imeacht.

Tá comóradh á dhéanamh ar an ócáid agus is maith sin. Rinneadh díospóireacht ar Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta faoin ábhar, shocraigh TG4 uair an chloig a chaitheamh leis ar 7Lá anocht, tá a cuid féin á déanamh ag Tuairisc.ie, tá dhá alt thábhachtacha scríofa ag Donncha Ó hÉallaithe i gcomhair na hirise Comhar agus tá leabhar ar an mbealach.

Ina theannta sin ar fad, nochtfar leacht cuimhneacháin tráthnóna Dé Domhnaigh seo chugainn ag Seanscoil Sailearna. Ansin a bhí a gcéad chruinniú oifigiúil ag an nGluaiseacht.

‘An raibh aon toradh ar bhur gcuid oibre?’ a d’fhiafraigh an craoltóir óg i Raidió na Gaeltachta dínn.

Sin í an cheist is tábhachtaí ar fad sa deireadh.

Creidim féin i gcónaí gur chuir an Ghluaiseacht athrú mór ar mheon na ndaoine i nGaeltacht Chonamara.

‘Ach tá an Ghaeilge níos laige sa nGaeltacht inniu ná a bhí an uair sin,’ a deireann na daoine a shíleann gur eagraíocht Ghaeilge a bhí sa nGluaiseacht. Is cuma cé mhéad uair a mhíníonn tú dóibh é is deacair leo a thuiscint nárbh ea.

Ag ceann de na chéad chruinnithe a bhí againn shocraigh muid nach eagraíocht teanga a bheadh ionainn. Dá gceapfadh muintir Chonamara gur gluaiseacht mar sin a bhí ag teacht is fánach an aird a thabharfaidís orainn.

“Nuair a thosaíonn siad ag pápaireacht faoin nGaeilge tagann ré roithleagán i mo chloigeann,“ a dúirt bean mhaith as Cois Fharraige a bhí chomh dílis don Ghaeilge le haon bhean in Éirinn.

Ach mura mbíodh muid ag caint faoin nGaeilge rinne muid leas don Ghaeilge. Dá laige dá bhfuil an Ghaeilge sa nGaeltacht inniu bheadh sí bhfad níos slabhctha aríst d’uireasa Raidió na Gaeltachta agus TG4. As obair na Gluaiseachta a tháinig an dá sheirbhís sin.

Eagraíocht shóisialta agus pholaitíochta a bhí sa nGluaiseacht. An pobal a neartú i gConamara an aidhm a bhí léi.

Scaip cuid dá spiorad go Corca Dhuibhne agus go Tír Chonaill. Éisteadh lenár nglór i gCúil Aodha, sa Rinn, i Ráth Chairn agus fiú amháin sna heagraíochtaí Gaeilge i mBaile Átha Cliath.

Tá an scéal faoi bhunú Shaor-raidió Chonamara inste chomh minic anois nach call é a ríomh aríst. Bhí sé ar an aer againn ag Oireachtas na nGael i Ros Muc an chéad oíche ar tháinig fear na scannán Bob Quinn go Conamara. Chonaic sé Seán Ó Riada agus Cór Chúil Aodha ansin. Ócáid thábhachtach í seo, a dúirt sé leis féin.

Cúpla bliain dár gcionn shocraigh Bob tosú ag déanamh físeán agus á dtaispeáint i hallaí agus i dtithe tábhairne. Ní raibh aon airgead aige. Fear a bhí ann a shiúil amach as post maith in RTÉ ar phrionsabal.

Oíche dá rabhamar ag ól sa Tavern i nGaillimh mhínigh sé dhom go bhfaigheadh sé roinnt airgid ó Ghaeltarra Éireann le haghaidh na scéime ach go dteastódh tuilleadh.

Bhí sé chéad punt (an seanairgead) geallta domsa ag banc le carr a cheannacht. Shocraigh mé é a chur sa gciste agus dul ar bhealach na hordóige mé féin. Ach bhí míle punt eile ag teastáil. Nuair a dhún an teach tábhairne chuaigh muid ag triall ar an nGréagach Tony Christofides. Léachtóir in OIlscoil na Gaillimhe a bhí ann agus thugadh sé tacaíocht do Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta i gcónaí.

‘Teastaíonn míle punt eile, a Tony,’ a dúirt mise.

‘An mbeadh sé sách luath Dé Máirt?,’ a dúirt Tony.

Mar sin a bunaíodh Cinegael agus is as sin a tháinig an tionscal closamhairc a bhfuil na céadta ag obair ann anois i gcathair na Gaillimhe agus i gConamara.

Throid muid ar son Údarás daonlathach Gaeltachta. D’éirigh linn a dhul píosa maith den bhóthar. Ach ghoid Fine Gael uainn aríst é. Ligeadh leo go náireach é.

D’fhéadfainn buanna eile a bhain an Ghluaiseacht amach a chur síos anseo: an chaoi ar thug muid dúshlán Fhianna Fáil agus Fhine Gael agus a ndeachaigh muid i bhfeidhm ar an rialtas, mar shampla. Fuair Roibeárd Ó Maoildhia agus Johnny Geogheghan ardú céime tar éis thoghchán 1969.

‘They can thank the Gaeltacht Civil Rights Movement for that,’ a dúirt an t-iriseoir cáiliúil John Healy ag an am.

Tá cuid de spiorad na Gluaiseachta beo fós i gConamara. B’fhéidir go bhfuil lag trá ann faoi láthair. Ach tiocfaidh rabharta eile amach anseo. Níl rud ar bith níos cinnte ná sin.

Fág freagra ar '‘An raibh aon toradh ar bhur gcuid oibre?’ – Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta 1969-2019'

  • Eoinin

    Is é an trua nach bhfuil an spiorad agus an mórtas cine céanna le tabhairt faoi deara i muintir Chonamara inniu agus an fód a sheasamh ar son a gcearta.

  • Des O Murchu

    Ni muintir na Gaeltachta amhain a bhi ag lorg seirbhisi Gaeilge on Stat I 1969, bhi dream in BACliath , bai teach le Club Chonradh na Gaeilge, Colaiste na bhFiann etc ag lorg claracha Gaeilge O RTE etc.

  • Máirín

    Beidh clár iomlán ar An tSeachtain ar RTE RnaG Dé Domhnaigh 24.3 freisin, a chairde!

  • Ciarán Ó Fátharta

    Ba iontach go deo na daoine iad. Cead mile mile buíochas leo are fad. Go fada buan iad, dea shaol is dea shláinte go raibh ag gach duine acu.

  • Ceartóir míshibhialta

    Bhí an mhaith agus an t-olc ag gabháíl léi mar ghluaiseacht. Murar tugadh aird ar thábhacht na teanga nach tráthúil gurb í an teanga chéanna a chuir slí bheatha ar fáil d’fhormhór a cuid ball ina dhiaidh sin! Gan trácht ar a mbíonn de phápaireacht acu fúithi! Dá dtugadh an ghluaiseacht aird ar shaibreas teanga nó fiú ar theanga shimplí nádúrtha a bheith á cothú sa Ghaeltacht ní bheimis i dtuilleamaí an mhangarae atá anois ann. Cé is moite de bheagán clár, is beag de dhifear atá idir Gaeilge Raidió na Life anois agus Gaeilge RnaG, gan le clos ach béarlachas bréan – gan foghraíocht, gan foclóir, gan cruinneas ná comhréir.
    Mheall an tÚdárás na céadta ar ais go Conamara. Fearacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, dheamhan aird a thug an tÚdarás ar an teanga ach oiread. Taobh istigh de dheich mbliana, idir na seachtóidí agus na hochtóidí, ba mháithreacha ón nGalltacht nó ón iasacht tromlach na máithreacha a bhí ag cur a gclann ar scoil sa Ghaeltacht. B’in í an iarraidh is mó a mharaigh teanga nádúrtha na Gaeltachta agus chuidigh faillí an Údaráis go mór leis sin mar gur beag post dá gcuid a raibh riachtanas teanga ag gabháil leis. Cén áit eile san Eoraip a dtabharfaí post do dhuine murach mbeadh teanga dhúchasach na háite ar a thoil aige?

  • Céard eile ach Gaeilge...'Cearta Sibhialta na Gaeltachta'... nó an cur i gcéill é mura bhfuil baint aige le Gaeilge

    ghlac mé leis ariamh nár déanadh aon chaint mhór den rogha teanga ag an am mar gur glacadh leis gurb í an Ghaeilge teanga na ndaoine….faraor is léir gur fianaise an méid a thit amach nuair nach gcuirtear polasaí teanga i bhfeidhm in áiteachaí a bhíonn ag maíomh go bhfuiltear ar son phobal na Gaeltachta gurb é an toradh a bhíonn air ná an dátheangachas… is é sin le rá i gcás an Bhéarla/na Gaeilge gurb í an Béarla an teanga defacto agus fagann sin go lagaíonn an Ghaeilge (gan rogha) mar go bhfóire Dia orainn go gcuirfí brú ar dhaoine a fhostaítear sna háiteachaí atáthar a mhaíomh thuas atá mar thoradh ar Chearta Sibhialta na Gaeilge an teanga a fhoghlaim nó fiú í a úsáid agus í acu (bíonn dóthain acu leis an post a fháil ach cuirtear ar a suaimhneas luath go maith iad nach gá í a úsáid ach go bhfuil an bosca ticeáilte in áit éigin go bhfuil cumas éigin ann) msh. TnaG mar a bhí nó TG4…….. mura mbítear dáiríre ón tús faoi seo is furasta na maidí a ligean le sruth……bhí an-chiall lena rá ag an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh aréir..an cheist dheireanach a chur Páidí,….cad is féidir a dhéanamh… tabhair ar ais é le haghaidh clár eile agus cloisfeadh muid a chuir moltaí fiúntacha

  • Fainic a labhrófaí ar an nGaeilge!

    Idir a bheith ag moladh Arlene Foster tamall ó shin agus a bheith ag maíomh anois gur shocraigh lucht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ceist na teanga sa nGaeltacht a sheachaint is deacair meabhair a bhaint as caint an Chúgaigh. Meas tú cén seomra a raibh an t-eilifint ann nó an raibh cearta ar bith aige?

  • Seosamh Ó Cuaig

    Cén moladh ar Arlene Foster? Mínigh do chuid cainte a Dhuine Gan Ainm.

  • Fainic a labhrófaí ar an nGaeilge!

    Seosamh Ó Cuaig
    “Ba chuma faoi sin dá mbeadh eagraíocht fhuinniúil tuaithe againne a chuirfeadh an scéal go cnámh na huillinne ach níl. Dá mbeadh deichniúr Teachtaí Dála tuaithe againn ag troid ar ár son mar atá ag Arlene Foster in Westminster is gearr a bheidís ag baint croitheadh as lucht na cumhachta sa taobh seo den tír”.
    Dé Máirt, Deireadh Fómhair, 23 2018
    Déarfadh a lán gur ar son an DUP amháin atá sise ag troid agus sin eile.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Ní moladh ná cáineadh ar Arlene Foster a bhí ansin. Stráitéis chothromaíocht na cumhachta a bhí i gceist agam, modh oibre a rachadh chun tairbhe do na ceantair thuaithe ar an taobh seo den Teorainn dá mbeadh comhghuaillíocht Teachtaí Dála againn lena chur i bhfeidhm.