PODCHRAOLADH
An Pod Gaeilge ag dul go Béal Feirste ag Oireachtas na Samhna
Tá An Pod Gaeilge ag dul ar an mbóthar agus taifead beo á dhéanamh ar an bpodchraoladh de chuid Tuairisc i rith Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste. Cuirtear fáilte roimh phobal éisteachta An Pod Gaeilge bualadh isteach go dtí an taifeadadh ar an Satharn an 1 Samhain ag a 4pm i Seomra Cruinnithe 1, Leibhéal 3 in Ionad Cois Cuain, an ICC.
Beidh eagrán speisialta de ‘Paiste Cainte’ á thaifeadadh beo ar dtús agus an Helen Ní Shé i mbun cainte le Póilín Ní Chiaráin, an t-iriseoir cáiliúil as Gaeltacht Mhaigh Eo atá lonnaithe i mBéal Feirste le blianta fada. Ina dhiaidh sin, cuirfear eagrán beo de An Pod Gaeilge i láthair lenár n-aíonna speisialta Cormac Ó hEadhra, Antain Mac Lochlainn, Gráinne Ní Ghilín, Cliodhna Ní Mhianáin. ‘An Ghaeilge, teanga gan teorainn’ an t-ábhar cainte a bheidh ann. Tá fáilte roimh chách.
TEILIFÍS
Fleadh Cheoil le craoladh ar RTÉ
Cuirfear tús le sraith nua den chlár Fleadh Cheoil ar RTÉ anocht agus é á chur i láthair ag Dáithí Ó Sé agus Muireann Nic Amhlaoibh. Craolfar an chéad eagrán sa tsraith nua tráthnóna Dé hAoine, 24 Deireadh Fómhair ag 8:00 i.n.n ar RTÉ a hAon agus seinnteoir RTÉ. I measc na n-aíonna a bheidh le feiceáil sa tsraith is deireanaí beidh Michael Flatley, Andy Irvine, Megan Nic Fhionnghaile agus Marty Barry, Cuckoo’s Nest, Piaras Ó Lorcáin agus go leor eile.
Tugann an tsraith seo blas don lucht féachana ar an gcraic, an dath agus an ceol a bhíonn ag an bhféile cheoil thraidisiúnta is mó in Éirinn – agus tugann isteach díreach iad i lár Fhleadh Cheoil na bliana seo. Measann na Gardaí gur thug suas le 800,000 duine cuairt ar Loch Garman le linn ocht lá na féile.
I measc na dtaispeántas spreagúil a bheidh le feiceáil, tá Damien Mullane agus Seán O’Meara, Piaras Ó Lorcáin, Neansaí Ní Choisdealbha agus a cairde, Muintir Uí Mhaolagáin, Ademar O’Connor & Michael Fearon, Micheál agus Méabh Uí Raghallaigh, Conal Ó Gráda, an Rowsome Piping Quartet, agus go leor eile.
CEILIÚRADH
An Timire ag ceiliúradh 115 bliain ar an bhfód
Beidh ócáid cheiliúrtha á cur ar bun ag An Timire i rith Oireachtas na Samhna ar an Aoine, 31 Deireadh Fómhair, ag a 6:00 i.n. ag Aonach an Oireachtais. Tá an iris ag ceiliúradh 115 bliain ar an bhfód. Is í an iris is sine in Éirinn, agus cuireadh i gcló í go leanúnach ó bunaíodh ar dtús í 115 bliain ó shin, fiú i rith Éirí Amach na Cásca, a deirtear linn. Tá ceiliúradh eile ar bun ag an ócáid chéanna mar go mbeidh Foilseacháin Ábhair Spioradálta, na foilsitheoirí a fhoilsíonn An Timire, ag ceiliúradh 70 bliain ar an bhfód. Beidh fáilte acu roimh phobal na Gaeilge ag an ócáid a bheidh ar bun ag Aonach an Oireachtais, Halla 1, Leibhéal 1, san ICC.
RAIDIÓ
RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh beo ón Oireachtas
Beidh Oireachtas na Samhna 2025 ar siúl i mBéal Feirste ón 29 Deireadh Fómhair go dtí an 2 Samhain agus beidh os cionn 20 uair a chloig de chraoltaí beo ón bhféile le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i rith na seachtaine. Ar an gCéadaoin, 29 Deireadh Fómhair beidh Cóisir Cheoil á cur i láthair ag Dónall Mac Ruairí beo ó stiúideo Raidió Fáilte i mBéal Feirste ó 2:30pm go dtí 5pm i measc na gcraoltaí eile, beidh Comórtas Sean-Nóis na bhFear á chraoladh beo ar an Déardaoin, 30 Deireadh Fómhair ó halla mór an ICC ón 7i.n. go dtí a 10 i.n.
An oíche dár gcionn beidh Comórtas Sean-Nóis na mBan á chur i láthair ón ionad céanna ag Damien Ó Dónaill óna 7.30 – 10pm.
Craolfar Seimineár an Oireachtais beo ar eagrán speisialta de An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra é ó Halla 2A, Leibhéal 1, san ICC ó 11am go dtí 12pm ar an Satharn an 1 Samhain. Beidh Corn Uí Riada, príomhchomórtas sean-nóis an Oireachtais, á chur i láthair beo ag
Neansaí Ní Choisdealbha ón Halla Mór, ICC Béal Feirste ó 7pm agus neart craoltaí eile ar bun i gcaitheamh na féile. Gach eolas faoin sceideal ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar-líne.
LEABHAR
Cnuasach nua gearrscéalta le Brian Mac a’ Bhaird á sheoladh
Beidh cnuasach nua gearrscéalta le Brian Mac a’Bhaird á sheoladh ag ócáid i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo. Seolfaidh Marina Ní Threasaigh an cnuasach An Cleasaí Dubh atá foilsithe ag Éabhlóid ag an ócáid ar an Satharn, 25 Deireadh Fómhair ag a 1pm. Beidh leabhar nua le Daithí Mac a’ Bhaird, mac Bhriain, Réabhlóid Oideachais, á sheoladh ag Eoghan Ó Néill ag an ócáid chéanna. Tá fáilte á cur ag na foilsitheoirí roimh chách.
SAMHAIN
Imeachtaí Samhna le Tuismitheoirí na Gaeltachta
Tá réimse imeachtaí eagraithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta ar fud na tíre do theaghlaigh le Gaeilge i gcaitheamh na Samhna. Cuirfear ceardlanna ealaíne agus ceardaíochta Samhna ar siúl do pháistí bunscoile in ionaid éagsúla sna Gaeltachtaí i rith shaoire na Samhna. Beidh ceardlann ar bun i CDP na Rosann, An Clochán Liath Dé Satharn an 25 Deireadh Fómhair ag 11am, beidh ceann i gCorr na Móna, i gConamara ar an Mháirt, an 28 Deireadh Fómhair ag a 4pm agus i Halla Pobail Chill Chiaráin ar an gCéadaoin, an 29 Deireadh Fómhair ag a 3pm. Beidh an cheardlann ar bun i dTuar Mhic Éadaigh ar an Déardaoin an 30 Deireadh Fómhair ag 11:30am sa Halla Pobail.
Beidh deis ag an bpobal saothar na ngasúr a ghlac páirt i scéim Oireachtais Thuismitheoirí na Gaeltachta a fheiceáil agus Seó an Oireachtais á chur ar bun sula dtabharfaidh siad aghaidh ar Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste. Beidh Seó an Oireachtais ar siúl i Ráth Chairn ar an Luan an 27 Deireadh Fómhair ag a 12 meán lae in Ionad na hOidhreachta, agus ar an gCeathrú Rua i gConamara an lá céanna agus ag an am céanna san Ionad Splanc.
Tá réimse imeachtaí á gcur ar bun ag Tuismitheoirí na Gaeltachta i rith Oireachtas na Samhna agus gach eolas le fáil ar an suíomh idirlín.
CEOL
Móglaí Bap, DJ Próvaí & Le Boom ag Oireachtas na Samhna
Beidh DJ Próvaí agus Móglaí Bap ar stáitse in éineacht le Le Boom ag Club na Féile, Oireachtas na Samhna ar an Déardaoin, 30 Deireadh Fómhair, do cheiliúradh speisialta.
Cuirfear an ócáid ar bun sa Beehive, ionad atá i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta ach deirtear linn nach raibh líon teoranta ticéad ar fáil, go raibh sciob sceab orthu agus gur díoladh go gasta iad ar fad. Má tá aithne agat ar chara deas a bhfuil ceann le spáráil acu, ag 9pm a chuirfear tús leis an ócáid. Níl na ticéid don ócáid seo clúdaithe ag Ollticéad Oireachtas na Samhna.
AN TIMPEALLACHT
Ócáid Green Drinks i nGaillimh
Is grúpa iad Green Drinks a thagann le chéile uair sa mhí le labhairt ar chúrsaí timpeallachta agus éiceolaíochta. Beidh Ananda Geluk ó Ghrúpa Oibre na Coille, Cois Fharraige ag caint ag an gcéad chruinniú eile mar gheall ar Active Hope, cleachtas a bhfuil sé d’aidhm aige tacú le daoine atá ag iarraidh ‘difríocht a dhéanamh sa domhan’.
Labhróidh Geluk faoi chleachtais Active Hope agus na bealaí gur féidir leo cabhrú le daoine aire a thabhairt don domhan mórthimpeall orainn. Is imeacht de chuid Rhodo Rangers é ‘Green Drinks’, grúpa a thagann le chéile go míosúil le Rhododendrom Ponticum, speiceas ionrach i gConamara, a bhaint.
Beidh Green Drinks ag teacht le chéile Dé Máirt an 11 Samhain thuas staighre sa Dew Drop Inn i gcathair na Gaillimhe. Ticéid ar fáil anseo.
frainc Mac Brádaigh
A chairde i dTuairisc,
Go raibh maith agaibh as an bpoiblíocht a thug sibh do cheiliúradh 115 An Timire ag an Oireachtas.
Tá súil agam go mbeidh sibh ann le tuairisc a thabhairt do Phobal na Gaeilge ar an ócáid.
Ó stopadh aon deontas stáit a thabhairt do na hirisí beaga tá deireadh tagtha le Feasta agus leis An t-Ultach.
Nior mhiste an stair sin a iniúchadh agus a chur faoi shúile Phobail na Gaeilge an t-údar a bhí leis an ngearradh siar sin, conas mar a sheas Tuairisc an fód chun deontas an choinneáil agus céard a tharla don dá iris a d’imigh as agus conas mar atá ag an aonaránch seo -An Timire.
An bhfuil an iriseoireacht iniúchta beo nuair is cur chuige fhorais cistithe bhur bPáipéar féin is gá a scrúdú? Nil seo éasca, tuigim sin. Ach ní dócha go dtabharfaidh aon eagras eile faoi. Tá na hirisí a d’imigh as agus an t-aonaránach ró bheag le go mba fiú mórán airde iad.
Frainc Mac B