An páipéar Gaeilge mícheart faighte ag scoileanna do scrúdú an Teastais Shóisearaigh maidin amárach

De réir eolais atá faighte ag Tuairisc cuireadh na páipéir scrúdaithe do scoileanna Béarla an stáit chuig roinnt gaelcholáistí agus chuig ar a laghad scoil Ghaeltachta amháin

An páipéar Gaeilge mícheart faighte ag scoileanna do scrúdú an Teastais Shóisearaigh maidin amárach

Tá an páipéar scrúdaithe Gaeilge mícheart faighte ag roinnt scoileanna do scrúdú an Teastais Shóisearaigh maidin amárach.

De réir eolais atá faighte ag Tuairisc cuireadh na páipéir scrúdaithe do scoileanna Béarla an stáit chuig roinnt gaelcholáistí agus chuig ar a laghad scoil Ghaeltachta amháin.

I mbliana an chéad uair riamh a raibh rogha ag daltaí an Teastais Shóisearaigh maidir le scrúdú na Gaeilge – scrúdú T1 do chainteoirí líofa is dúchais agus scrúdú T2 do chainteoirí eile.

Ní raibh sé soiléir tráthnóna cad ba chúis leis na páipéir T2 a bheith seolta chuig scoileanna atá in ainm is a bheith ag déanamh an scrúdaithe T1 maidin amárach.

D’fhág an botún go raibh brú mór tráthnóna ar lucht na scoileanna a labhair le Tuairisc agus gan a fhios acu go fóill conas a chuirfí an scéal ina cheart nó cathain a gheofaí an páipéar ceart T1.

Dúirt urlabhraí ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit le Tuairisc go mbeadh an páipéar ceart ar fáil do na scoileanna roimh an scrúdú atá ag tosú ag 9.30am amárach.

Ní raibh an Coimisiún in ann a rá le Tuairisc cé mhéad scoil ar fad a fuair an páipéar mícheart.

Dúradh le roinnt gaelcholáistí go mb’fhéidir go gcaithfí an scrúdú ceart a chur chucu go leictreonach agus go gcaithfidís féin é a phriontáil amach do na daltaí.

Thart ar 4pm tráthnóna, tugadh le fios do Ghaelcholáiste amháin i mBaile Átha Cliath go raibh na páipéir scrúdaithe chearta fós in Áth Luain.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Príomhoide scoil Ghaeltachta amháin i gConamara go raibh an-imní air maidir leis an scéal.

“An imní atá ormsa ná an bhfuil na daltaí chun an páipéar ceart a fháil maidin amárach?” ar sé. “Bhí siad [Coimisiún na Scrúduithe Stáit] ar an eolas Dé hAoine seo caite go raibh an páipéar scrúdaithe mícheart againn ach níl an páipéar ceart tagtha fós, cé go raibh mé i dteagmháil leo ó shin. Tá scoileanna eile sa tsáinn chéanna.”

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Príomhoide Gaelcholáiste eile i mBaile Átha Cliath go raibh an locht á chur ar na scoileanna.

“Is cosúil go bhfuil fadhb leis an gcóras PPOD [bunachar sonraí faoi na hiarbhunscoileanna] agus gur meascadh an cód don dá pháipéar scrúdaithe, T1 agus T2. Tá Coimisiún na Scrúduithe Stáit ag cur an locht ar na scoileanna. Níor cuireadh muidne ar an eolas go raibh fadhb leis seo ná ní raibh aon rud ráite linn faoi,” a deir an príomhoide.

“Táimid fós ag fanacht ar scéal maidir le cén uair a thiocfaidh an páipéar ceart. Dúradh linn go mb’fhéidir go gcuirfí chugainn é go leictreonach. Tá os cionn céad dalta againn ag suí an scrúdú amárach. Níl sé seo maith go leor. Táimid go mór faoi bhrú. Cad a tharlaíonn mura dtagann siad?” ar sé.

Bíonn na páipéir scrúduithe stáit a fhaigheann na scoileanna faoi ghlas i mboscaí go dtí n-osclaíonn an scrúdaitheoir roimh an scrúdú iad. Mar sin ní fheiceann lucht na scoileanna na páipéir roimh ré.

Sa chás seo, is cosúil go ndeachaigh Coimisiún na Scrúduithe Stáit i dteagmháil le scoileanna áirithe le hinsint dóibh go raibh an páipéar Gaeilge mícheart istigh sna boscaí a bhí curtha chucu.

Fág freagra ar 'An páipéar Gaeilge mícheart faighte ag scoileanna do scrúdú an Teastais Shóisearaigh maidin amárach'

  • Pádraic

    Scrúdaithe ní hionann le scrúduithe!! Scannallach muna bhfuil Príomhoidí ag cur an chóid cuí isteach do scoláirí. Scoláirí ag fulaingt de bharr mífheidhmiúlacht ag leibhéal scoileanna.

  • Ciarán

    A Phádraic,
    Chuir na príomhoidí go léir an chóid cuí isteach i gceart agus is iad an CSS a rinne praiseach. Tá mé go hiomlán cinnte faoi seo.