An nasc idir Roinn na Gaeltachta agus muintir na Gaeltachta ‘níos laige’ ó dúnadh oifigí – Stiúrthóir na Gaeilge

Deir Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta go bhfuiltear ag súil le hoifigí réigiúnda na Roinne a athoscailt

An nasc idir Roinn na Gaeltachta agus muintir na Gaeltachta ‘níos laige’ ó dúnadh oifigí – Stiúrthóir na Gaeilge

Is laige an nasc atá idir Roinn na Gaeltachta agus muintir na Gaeltachta ó dúnadh oifigí réigiúnda na roinne, dar le Stiúrthóir na Gaeilge sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Ag labhairt dó ag Éigse na Brídeoige ar an gCoireán in Uíbh Ráthach ag an deireadh seachtaine, dúirt Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge, go rabhthas “ag breathnú go gníomhach” ar na hoifigí réigiúnda, a dúnadh le linn na géarchéime eacnamaíochta, a athoscailt.

In agallamh a craoladh ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin, dúirt Mac Cormaic nach raibh sé “sásúil don Roinn ná do mhuintir na Gaeltachta” gur dúnadh na hoifigí a bhíodh i dTrá Lí agus in áiteanna eile.

“Bhí nasc iontach ag Roinn na Gaeltachta thar na blianta leis na pobail ar a raibh siad ag freastal agus ar a bhfuil siad ag freastal. Níor mhaith liom go gcaillfeadh muid an nasc sin leis na pobail agus tá ruainnín beag de sin tarlaithe, ceapaim le seacht nó hocht mbliana anuas, ó dúnadh na hoifigí sin, ní hamháin i gCiarraí nó i gCúige Mumhan ach i nGaillimh, níl aon oifig réigiúnda i nGaillimh ach an oiread cé go bhfuil an lároifig ansin agus cé go bhfuil oifig againn i nGaoth Dobhair i gcónaí, níl sí oscailte don phobal,” arsa Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta.

Dúirt sé go bhféachfaí ar cheist na n-oifigí de réir mar a bheadh níos mó acmhainní ar fáil don Roinn.

Dúirt Mac Cormaic chomh maith go rabhthas ag súil go ndéanfaí fógra go luath maidir le maoiniú a chur ar fáil chun duine a fhostú le féachaint i ndiaidh phlean Thascfórsa Uíbh Ráthaigh a chur i bhfeidhm.

Fág freagra ar 'An nasc idir Roinn na Gaeltachta agus muintir na Gaeltachta ‘níos laige’ ó dúnadh oifigí – Stiúrthóir na Gaeilge'

  • Feardorcha

    A leithéid … níl aon nasc acu le Gaeltacht na Gaillimhe cé go bhfuilid a bhformhór bunaithe sna Forbacha?
    Muintir na Gaeltachta i dTrá Lí? Tá níos mó de mhuintir Ghaeltacht Chiarraí i mBÁC ná mar atá i dTrá Lí.
    Maidir le hoifigí Ghaoth Dóbhair cén ghá acu le hoifig nuair a bhí Joe ag feitheamh ar lic an dorais acu!
    Is breá le Roinn na Gaeltachta airgead a chur amú ar gach rud ach dul chun cinn na teanga.