Ní fhéadaim Éamon Ryan agus an mac tíre a chur as mo chloigeann. Ní stopfaidh sé go mbeidh an mac tíre ag princeam ar na sléibhte.
Tá sé beagnach dhá chéad go leith bliain ó cuireadh deireadh leis an gceann deireanach acu in aice le Stua Laighean i gContae Cheatharlach. Ag marú caorach a bhíodh sé.
Tugaim faoi deara go raibh Contae na Gaillimhe ar cheann de na contaetha ba mhó a raibh an mac tíre ann roimhe sin.
Ní móide go mbeidh mórán fáilte roimhe ar achréidh na Gaillimhe an iarraidh seo. Bí cinnte gur go Conamara a chuirfeas Éamon Ryan é.
Tá na mílte heictéar sna ceantair chaomhnaithe anseo agus bheadh an-spraoi ag na cuairteoirí ag taisteal go mall ar na bóithre caola atá againn féachaint an bhfaighidís amharc ar an mac tíre.
Sin é an uair a mbeadh Bealach an Atlantaigh Fiáin fiáin dháiríre.
Níl a fhios agam ar chuimhnigh Éamon Ryan ar an gcúis a bhí ag an dream a mharaigh an mac tíre in aice le Stua Laighean. An bhfuil trua ar bith aige do na caoirigh atá ar shleasa na gcnoc i gceantair chaomhnaithe Chonamara?
Chaithfeadh sé go bhfaca sé tuairiscí truamhéileacha ó am go ham ar an scrios a dhéanann madraí ar chaoirigh nuair a ionsaíonn siad iad. Stiallann siad agus stróiceann siad iad. An chuid acu nach maraíonn siad den ruathar sin ní fhanann aon chaoi orthu níos mó.
Cén seans a bheadh ag caora bhocht in aghaidh mac tíre a mbeadh goin ocrais air?
Ach ansin aríst níl sé i bhfad ó bhí na Glasaigh ag éileamh go ndíbreofaí an chuid is mó de na caoirigh de na sléibhte seo plinc pleainc.
Níl aon amhras faoi aon rud amháin: ní bheidh na Glasaigh sásta go mbeidh páirc fiadhúlra ollmhór amháin déanta de chuile cheantar tuaithe fré chéile. Is fánach an seans a bheas ag feilméir éifeachtach táirgiúil ar bith slí bheatha a bhaint amach ina leithéid sin de Pháirc Náisiúnta.
Ina theannta sin má bhíonn duine den phobal beag a bheas fágtha ag iarraidh turas a dhéanamh beidh air nó uirthi fios a chur ar ghluaisteán pobail. Is leor 30 gluaisteán in aghaidh chuile 300 teaghlach sna bailte tuaithe, a dúirt Éamon Ryan.
Níor inis sé dhúinn cén chaoi a n-oibreoidh sé sin i mBaile Átha Cliath. Ní polasaí a bheadh ann a thaitneodh thar cionn le lucht na SUVanna, déarfainn.
Tá argóint amháin a d’fhéadfadh Éamon Ryan a úsáid agus is é sin gur ainmhí dúchasach é an mac tíre. Bhí sé in Éirinn ar feadh na mílte mílte bliain. 36,000 bliain go deimhin.
Tá neart tagairtí dhó i litríocht na Gaeilge.
De réir Annála na gCeithre Maistrí drochbhliain amach is amach a bhí sa mbliain 690 i gCúige Laighean. Thit múr fola sa gCúige an bhliain sin, rinneadh mealltracha fola den im agus tháinig caint don mhac tíre.
Tá scéal eile ann faoi shagart a bhí ar a bhealach as Ulaidh go Cúige na Mí sa mbliain 1182. Casadh mac tíre dhó a raibh caint aige.
Dúirt an mac tíre gur fear as Osraí a bhí ann ó cheart ach gur cuireadh mallacht ar a shinsear go ndéanfaí mic tíre díobh chuile sheachtú bliain agus go mbeadh sé seacht mbliana arís go n-iompóidís ar ais ina ndaoine.
Dúirt an mac tíre freisin go raibh an mallacht céanna curtha ar a bhean agus go raibh sise ag fáil bháis.
D’impigh sé ar an sagart lón aistir a thabhairt di. Rinne an sagart amhlaidh agus bhí an mac tíre chomh buíoch de gur thionlac sé ar a thuras é.
Ach níl ansin ach béaloideas. Sa deireadh thiar thall níl ach bealach amháin againn le seasamh roimh an mac tíre agus roimh Éamon Ryan: Conradh na Tuaithe a bhunú agus deichniúr Teachtaí Dála a sheasfadh ar ár son a chur sa Dáil.
Nuair a mhol mé é seo aríst i dTuairisc.ie an tseachtain seo caite tháinig dhá thagairt isteach. Tús lag ach tús mar sin féin.
Cuimhnigh nach raibh ach dhá dhuine dhéag toscairí i láthair nuair a bunaíodh Páirtí Cumannach na Síne!
Feardorcha
Ní maith liom go mbeadh an t-aon nuachtán Gaeilge ag tabhairt ardán d’ionsaí leanúnach aontaobhach binbeach ar na Glasaigh. Cé mhéad seachtain i ndiaidh a chéile anois é?
Mura bhféidir le tuairisc.ie iarracht ar ghuaim a choimeád orthu féin léiríonn sé, mar a tharlaíonn i gcás RTÉ agus TG4, gur gá súil níos déine a chaitheamh ar mhaoiniú an cháiníocóra.
Téadh Seosamh pé bealach is áil leis ach tá a chairt imithe le fána ar fad maidir leis an téama seo.
Eoghan Ó Néill
Tá géar-gá le méadú sontasach ar choillte measctha ar shléibhte agus garbhlaigh na tíre agus cumhdeoidh an faolchú na buinneáin ionntu. 35% de dhromchla na talún atá de dhíth. Cruthoidh seo fostaíocht don bpobal agus maoin sheasta do úinéirí na talún agus gearradh ar meatain (CH4). Is in aimsir Cromwell ar cuireadh bounty ar an fhaolchú agus cupla bliain roimh Réabhlóid na Fraince ar maraíodh an ceann deiridh. 50 bliain i ndiaidh bhí an nós béarla a labhairt le páistí ag scaipeadh (post hoc ergo?). Bhéadh a fhilleadh amhail sliocht na nGael a d’imigh chun na Spáine i ndiaidh Cionn a’ tSáile 1601.