‘An Klondike’ roghnaithe mar scannán clabhsúir d’Fhéile Scannán na Gaillimhe

Deir léiritheoir an scannáin go bhfuil 'suim idirnáisiúnta sa scannán cheana féin' agus margadh dáileacháin idirnáisiúnta déanta le Content Media

An Klondike 2A
Dara Devaney mar Séamus Connolly agus Owen McDonnell mar Tom Connolly in ‘An Klondike’

Tá sé fógartha gur roghnaíodh an scannán An Klondike chun clabhsúr a chur ar Fhéile Scannán na Gaillimhe. Is iad Abú Media, atá lonnaithe in Indreabhán i nGaeltacht Chois Fharraige i gcontae na Gaillimhe, a léirigh An Klondike, an chéad scannán buachaillí bó atá déanta in Éirinn.

Is é atá sa léiriú seo ná scéal dheartháireacha Connolly, triúr Éireannach ar imirce i Meiriceá a théann ó Montana go dtí an Yukon le linn fuadar óir na 1890daí agus iad ag súil le saibhreas an tsaoil a dhéanamh ann.

Leanann an scannán na deartháireacha chuig Dominion Creek, áit a dtarraingíonn siad Jacob Hopkins anuas orthu féin, fear áitiúil atá i gceannas ar an mbaile. Nuair a scaoileann Séamus Connolly le mac Jacob agus an bheirt in adharca a chéile, tugann Jacob móid go mbainfidh sé a dhíoltas amach.

Ag caint dó le Tuairisc.ie, dúirt stiúrthóir an scannáin, Dathaí Keane, gur “western ceart” atá sa léiriú seo agus é lán le heachtraíocht. Dúirt sé go bhfuil macallaí idir é agus na scéalta buachaillí bó a ndearnadh scannáin díobh sna seachtóidí ach amháin go bhfuil “stíl níos dorcha” ag baint leis an léiriú seo. “Scéal gruama atá ann i ndáiríre agus feicimid an tsaint ag teacht chun barra sna deartháireacha agus iad ag iarraidh sárú ar a chéile”, ar seisean.

Is údar mórtais do Keane gurb é An Klondike a roghnaíodh chun críoch a chur ar an bhféile bhliantúil scannán: “Tá gliondar orm gur roghnaíodh é do chlabhsúr na Fleadh. Is as Gaillimh mé féin agus táim ag teacht chuig an bhFleadh ó bhí mé ar scoil agus is onóir dhom é go mbeidh an chéad taibhiú de mo chéad phríomhscannán ann”.

Dúirt léiritheoir an scannáin, Pierce Boyce, “Leis An Klondike, chruthaigh muid dráma uaillmhianach ina bhfuil na carachtair lárnach; scannán a mbeidh suim ann go hidirnáisiúnta ach a bhfuil croí Éireannach ann. Tá an scannán dátheangach, leis an gcuid is mó den chomhrá as Gaeilge”. Dúirt sé go “labhraíonn na carachtair Éireannacha Gaeilge lena chéile agus Béarla leis na Meiriceánaigh agus na Sasanaigh” agus go bhfuil “suim idirnáisiúnta sa scannán cheana féin”.

Dhearbhaigh stiúrthóir an scannáin, Dathaí Keane, go ndearnadh “an scannánaíocht go léir thart timpeall Chonamara”. Bhí “ról ríthábhachtach ag an tírdhreach” i gcruthú an atmaisféir sa scannán agus ba ‘cúlbhrat’ foirfe iad “locha agus foraoisí giúise dearóile Chonamara” agus an scéal á insint, a dúirt sé. Go deimhin, mhínigh sé go raibh an tírdhreach “i réigiúin áirithe d’Iarthar na hÉireann díreach cosúil le réigiúin sa Yukon inar aimsíodh ór.”

Mar chuid den léiriú, b’éigean don chriú an baile mianadóireachta ‘Dominion Creek’ a dhéanamh ar thailte mianach Ghleann Gabhla, gar d’Uachtar Ard. Chaith an dearthóir léirithe, Padraig O’Neill agus a fhoireann, roinnt míonna ag déanamh taighde agus dearaidh ar gach aon fhoirgneamh atá ar an mbaile. Mhínigh Keane go raibh an Klondike ar cheann de na chéad eachtraí a raibh “iriseoirí agus tuairisceoirí” i láthair ann agus go raibh neart “pictiúir stairiúla ar fáil” dá réir.

Chuaigh sé féin i dteagmháil le cumann staire áitiúil thall, an Historical Preservation Society, chun greim a fháil ar roinnt bileoga eolais dá gcuid, mar a bhfuil cur síos ar “f[h]uinneoga na dtithe, doimhneacht na gloine iontu agus na toisí go léir” a ghabhann leo, mar aon le déanamh na dtithe fré chéile.

Is iad Owen McDonnell, Dara Devaney agus Sean T. Ó Meallaigh a ghlacann páirt dheartháireacha Connolly, a ndearna Keane cur síos orthu mar “aisteoirí den scoth”.

I measc na n-aisteoirí eile a bheas le feiceáil ann, tá Siobhán O’Kelly, Séamus Hughes, Steve Wall, Ned Dennehy, Robert O’Mahoney, Megan Riordan, Bríd Ní Neachtain agus an t-aisteoir Meiriceánach Bundúchasach, Julian Black Antelope.

Is é Marcus Fleming a scríobh An Klondike agus ba é Colm Hogan an stiúrthóir grianghrafadóireachta. Tríona Lillis a bhí i mbun dhearadh na bhfeisteas, agus ba é Steve Lynch a rinne an ceol. Fuair An Klondike maoiniú ó Údarás Craolacháin na hÉireann, TG4 agus Bord Scannán na hÉireann.

Taispeánfar an scannán ag 8.30pm ar an Domhnach, an 12 Iúil, mar a mbeidh an stiúrthóir Dathaí Keane agus baill eile den fhoireann i láthair.

Fág freagra ar '‘An Klondike’ roghnaithe mar scannán clabhsúir d’Fhéile Scannán na Gaillimhe'