An iomarca béime ag eagraíochtaí Gaeilge ar líon a ngníomhaíochtaí seachas toradh a gcuid oibre – tuarascáil

Deirtear i dtuarascáil athbhreithnithe nua go bhfuil ‘dúthracht’ na sé cheanneagraíocht ‘thar a bheith soiléir’

An iomarca béime ag eagraíochtaí Gaeilge ar líon a ngníomhaíochtaí seachas toradh a gcuid oibre – tuarascáil

Deirtear i dtuarascáil nua go leagann na ceanneagraíochtaí Gaeilge an iomarca béime ar líon na ngníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl acu seachas ar thoradh na ngníomhaíochtaí sin. 

Déantar tagairt chomh maith sa tuarascáil, a bhfuil cóip di feicthe ag Tuairisc.ie,  do theannas a bheith idir ceanneagraíochtaí agus Foras na Gaeilge. 

Maítear gur gá “teacht ar réiteach ar bhonn práinne ar an teannas áirithe atá idir ceannasaithe ceanneagraíochta agus Foras na Gaeilge nach le leas na Comhpháirtíochta é”.

Ceann de na “mórthosaíochtaí” atá roimh Fhoras na Gaeilge agus na ceanneagraíochtaí, de réir na tuarascála, ná “bonn níos straitéisí” a chur faoin obair atá ar siúl faoin gcur chuige comhpháirtíochta. Ullmhaíodh an tuarascáil d’Fhoras na Gaeilge mar chuid den athbhreithniú atá á dhéanamh acu ar obair na sé cheanneagraíocht.

An cur chuige comhpháirtíochta a thugtar ar chóras na gceanneagraíochtaí a tugadh isteach in 2014. 

Faoin gcóras nua laghdaíodh líon n-eagraíochtaí Gaeilge a fhaigheann bunmhaoiniú ón bhForas ó 19 go sé cinn –Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge, Gael Linn, Cumann na bhFiann, Gaeloideachas agus Glór na nGael.

Deirtear chomh maith sa tuarascáil nua nach ndéantar measúnú mar is cóir i dtuairiscí deireadh bliana na n-eagraíochtaí ar na haidhmeanna a leagadh síos don bhliain.

Tá géarghá, a deirtear, le córas faoina ndéanfadh na ceanneagraíochtaí anailís “mion, sainiúil, ar bhonn córasach, leanúnach, oibiachtúil” ar obair na bliana. Ba chóir na “tosaíochtaí forbartha is práinní” a leagan síos bunaithe air sin.

Moltar freisin an bhéim a leagan feasta “ar an cháilíocht in áit na cainníochta sa saothar seo”, is é sin caighdeán agus toradh na hoibre seachas líon na ngníomhaíochtaí.

Ní fios an mbaineann an tuairim seo leis na ceanneagraíochtaí go léir nó le cuid acu, óir ní dhéantar idirdhealú eatarthu sa tuarascáil.

Ach tá moladh leis do chóras na gceanneagraíochtaí sa tuarascáil.

Maítear go bhfuil “réimse suimiúil saothair” á chur ar fáil ag na ceanneagraíochtaí agus go bhfuil cuid den obair sin “thar a
bheith ceannródaíoch, nuálach”.

Deirtear i An Cur Chuige Comhpháirtíochta – Luacháil go bhfuil “dúthracht” na gceanneagraíochtaí agus “a ndílseacht” don Ghaeilge “thar a bheith soiléir”. 

Deirtear chomh maith go bhfuil “bonn seasmhach” faoi bpleanáil bhliantúil agus faoin bpróiseas tuairiscithe sa chóras ceanneagraíochtaí a tugadh isteach in 2014.

“Tá fréamhacha na comhpháirtíochta agus na sineirge
fónta idir ceanneagraíochtaí,” a deirtear.

Deirtear chomh maith go gcaitear an iomarca ama ag cruinnithe faoi obair na gceanneagraíochtaí ag plé cúrsaí buiséid agus cúrsaí tuarastail. 

“Ábhair chigilteacha iad seo iontu féin” agus ba chóir déileáil le cúrsaí buiséid ag cruinnithe speisialta eile, a deirtear. 

Luaitear go mbíonn “dúshláin leanúnacha” roimh leath de na heagraíochtaí “ar a laghad” daoine a fhostú agus a choinneáil.

Fadhb mhór í seo agus is gá d’Fhoras na Gaeilge “aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo ar bhonn práinne”.

Mhol fostaithe de chuid Fhoras na Gaeilge do na comhairleoirí go n-aistreofaí cuid de na cúraimí atá orthu féin chuig na ceanneagraíochtaí.

Míbhuntáiste mór é, a deirtear, go mbíonn an Foras ag brath ar mhaoiniú a fháil “ó bhliain go bliain”.

Maidir le córas maoinithe na gceanneagraíochtaí deirtear gur gá athbhreithniú a dhéanamh air agus “córas maoinithe níos fadradharcaí, solúbtha a chur i bhfeidhm ar bhonn práinne”. 

Moltar gur ar bhonn maoiniú trí bliana a chuirfí airgead ar fáil do na ceanneagraíochtaí.

Deirtear go mbíonn comhoibriú ar siúl idir na heagraíochtaí bunaithe ar “mheabhráin tuisceana”. 

“Níl Plean Straitéiseach don Chur Chuige Comhpháirtíochta per se ann,” a deirtear.

Is gá plean Straitéiseach ar leith a fhorbairt do chóras na gceanneagraíochtaí agus “an plean sin a chur i ngníomh faoi stiúir Fhoras na Gaeilge”. 

Tá gá, a deirtear, le treoir “ina leagann Foras na Gaeilge amach go soiléir “a fhís, a chuid tosaíochtaí agus na príomhspriocanna agus na príomhthorthaí is rún dó a bhaint amach”.

Ba chóir d’Fhoras na Gaeilge monatóireacht a dhéanamh ar phleananna bliana na gceanneagraíochtaí “d’fhonn teacht roimh dhúbláil seirbhísí eatarthu agus fócas uile-oileáin a chur chun cinn”.

Tá sé “riachtanach” go ndéanfaí “scrúdú géarchúiseach” feasta “ar cháilíocht” phleananna bliana na gceanneagraíochtaí. 

Deirtear gur éirigh le ceannairí Fhoras na Gaeilge aghaidh a thabhairt idir 2014-2019 “ar dhúshláin áirithe, diúltachas san áireamh, lena chinntiú go gcomhlíonfaí freagrachtaí mar ba chóir”.

Maidir leis an dá fhóram a bunaíodh chun tacú le córas na gceanneagraíochtaí, deirtear go bhféadfaí “leas níos éifeachtaí a bhaint as an chomhairle ghéarchúiseach a thugann an Fóram Forbartha Teanga don Fhóram Comhpháirtíochta faoi phleanáil na gCeanneagraíochtaí”.

Deirtear i réamhrá na tuarascála gur fhág an phaindéim nár éirigh leis na comhairleoirí deimhniú “lena súile” an cathair mar a tuairisc na torthaí a deir na ceanneagraíochtaí a bhíonn ar a gcuid oibre.

Ní rabhthas ábalta meastóireacht a dhéanamh ar “éifeachtacht na gCeanneagraíochtaí de réir na dtorthaí sin”, a deirtear.

Deirtear nach raibh éifeacht na gceanneagraíochtaí ó thaobh na pleanála teanga nó luach ar airgead mar chuid de théarmaí tagartha na tuarascála.

Liam Ó Cuinneagáin, a bhfuil an comhlacht comhairliúcháin oideachais, ROS, aige, a d’ullmhaigh an tuarascáil d’Fhoras na Gaeilge.

Seo an dara tuarascáil athbhreithnithe faoi earnáil dheonach na Gaeilge le cúpla bliain anuas, ach níor foilsíodh an chéad cheann riamh.

Mhaígh na ceanneagraíochtaí in 2019 go ndearna an Foras cinneadh “aontaobhach” maidir leis an gcéad tuarascáil atbhreithnithe, tuairisc a rinne an comhlacht Seirbhísí Pleanála Teanga.

Fág freagra ar 'An iomarca béime ag eagraíochtaí Gaeilge ar líon a ngníomhaíochtaí seachas toradh a gcuid oibre – tuarascáil'

  • Peadar

    Cén t-iontas!! Faightear réidh leis na cinn nach bhfuil ag feidhmiú…tá fios cé hiad….tugtar an maoiniú don Phleanáil Teanga. Níl feidhm ar bith le Quangos i saol na Gaeilge ná i saol na Gaeltachta.

  • Donncha

    Go díreach a Pheadair! Is cuma sa tsioc faoi toradh na hoibre fhad is go bhfuil deis grianghraf ann do na huaisle, spás do lógoanna agus neart seafóid le feiceáil ar Facebook.
    Tá an obair atá ar siúl ag na heagrais pleanála teanga páistiúil agus náireach. I bhfad an iomarca airgead acu agus gan tada le feiceáil á bharr ach comórtais aclaíochta agus físeáin gan cùis.