An Intleacht Shaorga molta ag an Roinn Oideachais mar áis do mhúinteoirí teanga

Deir an Roinn Oideachais go bhféadfadh AI tacú le múinteoirí agus le ceannairí scoile ‘in go leor réimsí’

An Intleacht Shaorga molta ag an Roinn Oideachais mar áis do mhúinteoirí teanga

Tá sé molta ag an Roinn Oideachais go mbainfeadh múinteoirí teanga úsáid as an Intleacht Shaorga (AI) le comhráite samplacha, liosta focal, agus leideanna a chumadh do dhaltaí scoile.

Sa cháipéis Treoir maidir leis an Intleacht Shaorga i Scoileanna a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais inniu, maítear go bhféadfadh AI “tacú le múinteoirí agus le ceannairí scoile in go leor réimsí”. I measc na réimsí sin a luaitear sa cháipéis tá “cuidiú le pleanáil curaclaim agus ceachta” – réimse ina luaitear an múineadh teanga.

Deirtear go bhféadfaí an AI a úsáid le “bonn a chur faoi ábhar foghlama” le freastal ar “riachtanais éagsúla foghlaimeoirí”. Sa sampla a thugtar, úsáideann an múinteoir AI le comhráite sa sprioctheanga a chumadh agus liosta stór focal a chur ar fáil dá dhaltaí.

“Féachann múinteoir teangacha iasachta nua-aimseartha le cabhrú le mic léinn idirphlé gearr a chumadh. Baineann an múinteoir úsáid as AI giniúnach chun comhráite samhla a chur ar fáil ag leibhéil éagsúla castachta chomh maith le tosaitheoirí abairtí agus liostaí stór focal.

“Déanann an múinteoir athbhreithniú ar an ábhar a ghintear ar mhaithe le cruinneas agus oiriúnacht sula gcuirtear ar fáil do dhaltaí é mar thacaíocht chun a gcomhphlé féin a fhorbairt,” a scríobhadh sa sampla den úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as AI sa seomra ranga.

Luaitear freisin sa cháipéis go bhféadfaí AI a úsáid le comhfhreagras le tuismitheoirí a aistriú go teangacha éagsúla. Deirtear go mb’fhéidir go mbeadh locht áirithe ar an aistriúchán a sholáthrófaí ach go gcinnteofaí go mbeadh “teacht ag gach tuismitheoir ar eolas an-tábhachtach”. Moltar go n-úsáidfí AI leis an mbunteachaireacht atá le haistriú a scríobh freisin.

“Úsáideann múinteoir uirlis AI giniúnach chun cabhrú le cumarsáid ríomhphoist a dhréachtú do thuismitheoirí faoi thuras allamuigh atá le teacht. Ansin úsáideann siad uirlis aistriúcháin chun an ríomhphost a thiontú go teangacha baile na ndaltaí go léir. Cé go mb’fhéidir nach bhfuil an t-aistriúchán gan locht, cabhraíonn sé lena chinntiú gur féidir le gach tuismitheoir rochtain a fháil ar an bpríomhfhaisnéis,” a scríobhadh sa cháipéis.

Dúirt Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais, Bernie McNally, gur féidir leis an AI “tacú leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim”, agus cabhrú le daltaí a barr a gcumais a bhaint amach.

“Nuair a úsáidtear go freagrach í, ar bhealach atá pleanáilte agus eolasach, tá sé d’acmhainn ag AI tacú leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim, agus cabhrú le daltaí a n-acmhainneacht a bhaint amach.

“Sa chéad leagan seo den treoir, soláthraítear cúlra agus comhthéacs tosaigh maidir le AI sa teagasc agus san fhoghlaim, agus eolas faoi na deiseanna agus leis an mbaol a bhaineann lena húsáid,” a dúirt McNally.

Ar na bealaí eile a mholtar sa cháipéis do mhúinteoirí le leas a bhaint as an AI, tá “acmhainní teagaisc agus foghlama saincheaptha a chruthú”, “torthaí foghlaimeoirí a shoiléiriú agus a spíonadh amach”, agus “ábhar a chuíchóiriú agus a eagrú”.

Fág freagra ar 'An Intleacht Shaorga molta ag an Roinn Oideachais mar áis do mhúinteoirí teanga'