An impireacht í an Eaglais a bhfuil fuath inti do na mná? Breathnaímis ar an mBíobla…

Má dúradh rudaí gangaideacha faoi na mná sa Sean-Tiomna d’fhadaigh Pól tuilleadh faoin teagasc céanna

An impireacht í an Eaglais a bhfuil fuath inti do na mná? Breathnaímis ar an mBíobla…

Tá díospóireacht mhór tarraingthe ag iarUachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa, faoin dearcadh atá ag an Eaglais Chaitliceach ar na mná. Ós ag caint ar Mháire é, nach spéisiúil an sloinne atá uirthi agus í ag plé an ábhair seo?

Impireacht is ea an Eaglais , a deir Máire, agus tá fuath inti do na mná.

Is fada an scéal amhlaidh. Tá tagairtí iomadúla sa Sean-Tiomna ag caitheamh amhrais ar na mná.

Shílfeá nach shin é an leagan amach a bhí ag Críost nuair a tháinig seisean an bealach; bhí mná ina lucht leanúna aige agus bhí cuid acu ag bun na croise nuair a bhí na fir imithe i bhfolach.

Duine acu ba ea Máire Mhaigdiléana. Tá scannán nua déanta fúithise anois a léiríonn gur mhór an éagóir a rinne ceannairí na hEaglaise uirthi nuair a mhúin siad nach raibh inti ach striapach.

Níorbh fhada a bhí Críost curtha chun báis ná bhí ceannas an-mhór ag Pól. Má dúradh rudaí gangaideacha faoi na mná sa Sean-Tiomna d’fhadaigh Pól tuilleadh faoin teagasc céanna.

Seo cuid den chomhairle a chuirtear sa mBíobla fré chéile faoi na mná:

*Is cuma nó fáinne óir i bpus muice, bean bhreá gan stuaim.

*Is fearr cur fút i gcúil sa lochta, ná bheith in aontíos le bean achrainn.

*Ba mhaith liom go ndéanfadh na mná iad féin a chóiriú go modhúil, stuama in éadaí slachtmhara, gan trilseáin ná ornáidí óir ná péarlaí ná feisteas mórluaigh, ach iad féin a mhaisiú le dea-oibreacha mar a oireann do mhná a bhfuil meas na cráifeachta acu orthu féin.

*Mar is gnách in eaglaisí uile na naomh, fanadh na mná ina dtost sna heaglaisí. Níl aon chead labhartha acu ach iad a bheith faoi smacht mar a deirtear sa dlí. Más áil leo fios aon ní a fháil, cuiridís ceist ar a bhfear sa bhaile, mar is náireach an mhaise do bhean labhairt in eaglais.

*Coróin a fir bean mhaith, ach is fochall ina chnámha bean gan náire.

*A mhná, bígí faoi smacht bhur bhfear céile mar is dual sa Tiarna.

*Aon bhean a dhéanann urnaí nó a thugann tairngreacht agus í ceann-nochta, tugann sí náire don té is ceann uirthi; is cuma é agus a ceann a bheith bearrtha. Mar mura gclúdaíonn bean a ceann, déantar í a bhearradh. Agus ós cúis aithise do bhean a ceann a bhearradh nó a folt a ghearradh, clúdaíodh sí a ceann.

Ní gá d’fhear a cheann a chlúdach mar is íomhá agus macasamhail Dé é; ach is macasamhail den fhear an bhean; mar ní ón mbean a tháinig an fear ach is ón bhfear a tháinig an bhean. Agus ní ar mhaithe leis an mbean a cruthaíodh an fear: is ar mhaithe leis an bhfear a cruthaíodh an bhean.

*Bíodh na mná umhal dá gcuid fear, mar a bheidís don Tiarna, mar tá an fear ina cheann ar a bhean ar nós mar atá Críost ina cheann ar an Eaglais agus ina shlánaitheoir ar an gcorp. Faoi mar atá an Eaglais faoi smacht Chríost ar an dála céanna bíodh na mná faoi smacht a gcuid fear i ngach ní.

*Fanadh an bhean ina tost agus bíodh sí ag foghlaim le barr umhlaíochta. Ach ní cheadaímse di aon teagasc a thabhairt ná bheith ina ceann ar an bhfear ach í a fhanacht ina tost. Mar ba é Ádhamh is túisce a cumadh agus Éabha ina dhiaidh. Agus níorbh é Ádhamh a mealladh; ba í an bhean a mealladh agus a thit i bpeaca. Slánófar í, áfach, trí chlann a iompar, má chloíonn sí go stuama leis an gcreideamh, leis an ngrá agus leis an gcráifeacht.

*Tá sibh luaite agam le Críost mar a bheadh maighdean gheanmnaí á tabhairt dá haon fhear céile.

*Abair leis na mná scothaosta iad féin a iompar mar a oireann do mhná diaganta, gan bheith cúlchainteach ná tugtha don ól ach iad a thabhairt dea-theagaisc d’fhonn a thabhairt ar na mná óga bheith ceanúil ar a bhfir chéile agus ar a bpáistí agus bheith ciallmhar, geanmnaí, tíosach, cineálta agus faoi smacht a bhfear, le heagla go gcaithfí dímheas ar bhriathar Dé.

*Ná cuireadh bean feisteas fir uirthi féin, agus ná cuireadh fear feisteas mná air féin; is gráin leis an Tiarna do Dhia na nithe sin.

*Dúirt sé leis an mbean:

“Méadóidh mé go mór ar do thinneas ag breith clainne.

Béarfaidh tú clann agus tinneas ort.

Beidh mian chun do chéile ort ach beidh sé i gceannas ort.

Fág freagra ar 'An impireacht í an Eaglais a bhfuil fuath inti do na mná? Breathnaímis ar an mBíobla…'

  • An Teanga Bheo

    Céard a deirtear faoi an bhean sna Aitheannta Dé .”.ná santaigh bean do comharsa” Cá bhfuil an polasaí comh ionnannas sa gcreidheamh seo ???

  • Fearn

    Sílim nach chuig an SeanTiomna ná chuig Pól a bhí Máire, ach chuig béascna na hEaglaise Caitlicigh sa lá inniu.
    Ag déanamh súile an hEaglaise atá sí.

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Ba iomaí píosa seafóíd a chuir an eaglais abhus in Albain in iúl ó i bhfad as cuimhin liom… “ná bíodh briogaisí ar na cailíní, ná bíodh siad ina ministéirí… táim an-sásta a rá go bhfuil an port sin seinnte cinnte!

  • Fearn

    ” a chuir an eaglais”, a Néill??
    An t-eagras ar fad, nó baill áirithe de, de dheoin nó d’ainneoin???????????
    An t-aon cheist do Sheosamh.

  • Niall na Naoi bPiontaí

    Fearn a chroí – an dá chuid a ghrá. B’aithne dom go pearsanta amadán den sórt – ach freisin bhíodh an aon duan ag iomaí ministéar.

  • Fearn

    “an dá chuid”?

    Cá bhfuil ““ná bíodh briogaisí ar na cailíní” i dteagasc na hEaglaise, nó an in Albain amháin atá sé? Nó an seanphort atá á feadaíl agat? “táim an-sásta a rá go bhfuil an port sin seinnte ”
    Cad chuige a bhfuil tú ag tarraingt ar sheanchairteacha?