Tá muintir na hIaráine idir dhá thine Bhealtaine – tine taobh istigh agus tine taobh amuigh. Níl aon amhras ach gur fuath lena bhformhór an réimeas Ioslamach lena institiúidí neamhthofa agus neamhionadaíocha, a mhífheidhmiúlacht, a chaimiléireacht, a fhimíneacht agus a fhorlámhas brúidiúil idé-eolaíoch. Tá dóchas agus aislingí an aosa óig ídithe agus scriosta aige. Ní fanaicigh reiligiúnda iad lucht an réimis ar fad – tá go leor acu atá sásta umhlú go poiblí don chráifeacht agus don frith-Iartharachais ach a bpáistí féin a sheoladh go hollscoileanna san iarthar.
Ní fórsa míleata amháin é an Garda Réabhlóideach – is impireacht ghnó agus eacnamaíochta é. Bíonn sé sáite i ngach gné den gheilleagar ar mhaithe le saol sócúil a chur ar fáil d’éilít an réimis agus dá muintir, in ainneoin formhór an phobail a bheith ag streachailt leis an saol. Tá an Garda Réabhlóideach sáite sa tionscal tógála, sa bhonneagar teileachumarsáide, i dtionscal na hola, i mbaincéireacht agus seirbhísí airgeadais, i mbainistiú calafoirt, i mianadóireacht agus fiú is leo an slabhra ollmhargaí is mó sa tír.
Is féidir leo a gcumhacht pholaitiúil agus rialacháin a úsáid chun buntáiste a thabhairt dóibh féin i gcoinne iomaitheoirí nó fiú chun monaplacht a bhaint amach i réimsí áirithe. Is cuma dícheannadh a bheith déanta ar ardcheannaireacht na tíre, tuigeann an éilít seo, ní hamháin go gcaillfidh siad a stádas ach go mbeidh praghas mór le híoc acu as ucht a gcoireanna in aghaidh mhuintir a tíre féin má ghéilleann siad a gcumhacht. Agus ní chreideann éinne a thuilleadh gur féidir an córas a leasú ón taobh istigh mar gur cuireadh gach iarracht dá leithéid faoi chois.
Tá formhór an aosa óig ag ceiliúradh bhás an Ayatollah Khamenei. Ach tá cuid acu a raibh fuath acu do Khamenei ach a bhfuil sceon orthu freisin roimh an tine Bhealtaine eile, is é sin cad a tharlóidh tar éis chliseadh an réimis. Tá an scéal seo feicthe acu go minic cheana – san Iaráic, sa Libia, sa tSiria agus san Afganastáin. Gealladh saoirse do chuile cheann acu sin de thoradh idirghabháil an iarthair. Is é a fuair siad ná anord, cogadh cathartha nó forghabháil eachtrannach. Tuigeann siad nach é a leas siúd an chloch is mó ar a phaidrín ag Trump nó Netanyahu.
Is daoine iontacha iad glúin óg na hIaráine, daoine a bhfuil grá mór acu dá tír agus dá muintir, daoine cumasacha cliste cineálta. Tá a lán cosúlachtaí idir muintir na hIaráine agus muintir na hÉireann, agus bíonn Iaránaigh níos mó ar a gcompord le cultúr na tíre seo ná formhór tíortha Eorpacha toisc an bhéim a bhíonn againn ar an teaghlach, an pobal agus an muintearas.
Tá súil agam go bhfaighidh an ghlúin óg seo an deis sochaí rathúil agus shaor a thógáil ina dtír féin. Ach, cé go bhfuil súil agam go bhfuil dul amú orm, ní chreidim gurb é sin an toradh a bheidh ar idirghabháil Mheiriceá agus Iosrael. Tá rud níos measa ná drochrialtas ann agus sin gan rialtas ar bith a bheith ann.
Ní fheicim gur féidir toradh maith ar bith a bheith ar chogadh Mheiriceá agus Iosrael i gcoinne na hIaráine do mhuintir na tíre sin. Seans go mairfidh an réimeas, é níos laige ach é fós ar a chumas a mhuintir féin a chur faoi chois. B’fhéidir gurb iad an Garda Réabhlóideach seachas Ayatollah nua a bheadh i gceannas agus b’fhéidir go ndéanfadh siad margadh éigin leis na Meiriceánaigh, ar nós mar a rinne rialtas Veiniséala. Beidh na mílte de ghnáthmhuintir na hIaráine maraithe ag buamaí Iosrael agus Mheiriceá, agus beidh gheilleagar na tíre níos measa fós don chosmhuintir.
Nó seans go leanfaidh Meiriceá agus Iosrael ar aghaidh go dtí go gclisfidh an réimeas, ach ansin beidh an tír do-rialaithe agus titfidh sí óna chéile agus arís is iad cosmhuintir na hIaráine a bheadh thíos leis sin. Tá muintir na hIaráine ina ngialla ag a rialtas féin, ach fós féin is é an tromluí is measa acu ar tharla dá gcomharsana de bharr ‘cabhair’ an iarthair.
Is fuath leo an daoirse atá acu, ach ba chóir go mbeadh scaoll níos mó orthu roimh ‘binbshaoirse’ an Ríordánaigh, atá ‘ag liú’ thart orthu.
Seán Mag Leannáin
Cur síos maith ar an scéal san Iaráin. Muintir na tíre sin i ladhar an chasúir idir an dá thaobh. Damanta bealach amháin nó bealach eile.
Tomás
Tá le tabhairt faoi ndeara go bhfuil díoma mhór, brón agus ionadh – arís eile – ar dhaoine ionraice in Éirinn faoi láthair go bhfuil, más fíor, ceannaireacht an AE (chomh maith le go leor tíortha san AE) ag tacú – arís eile – leis an gcineál cogaíochta seo.
Tá brón orthu siúd freisin atá ag leanúint cúrsaí (beagáinín níos géarchúisí, b’fhéidir?) le breis agus cúig bliana fichead anuas, ach ní féidir a rá go gcuireann imeachtaí na laethanta beaga ionadh orthu – agus ní bhíonn díomá i gceart ar dhaoine nach mbíonn ag súil le freagairt nach dtagann le patrún fadbhunaithe.
Is sean-ghaois agus meirg uirthi, go deimhin, a déarfadh na daoine siúd a bhfuil brón orthu ach nach bhfuil íonadh orthu, nach ach cloch bheag (más ann di ar chor ar bith) ar an bpaidrín leas de phobal tíre atá i lár coimhlinte geopholaitiúla (agus a bhfuil tábhacht stráitéiseach léi nó méid ollmhór acmhainní nádúrtha aici – nó níos fearr fós, an dá rud le chéile – – beag beann ar dhonacht nó a mhalairt cheannaireacht na tíre i gceist).
Is seanscéal freisin é, a déarfadh na daoine siúd a bhfuil brón orthu ach nach bhfuil ionadh orthu, go gcuirtear gach coimhlint a bhfuil mórchumhachtaí an Iarthair gafa inti i láthair don phobal mar chomhrac idir an mhaith agus an t-olc. Agus is mó an ról ná riamh atá ag sciar mór de na príomh-mheáin an tseanmóir a thabhairt don phobal – más fíor do na daoine siúd a bhfuil brón orthu ach nach bhfuil ionadh orthu .
Ach cén t-ainm a thabharfadh na daoine siúd a bhfuil brón orthu ach nach bhfuil ionadh orthu ar an gceacht géar (faraor…) is déanaí: Geopholaitíocht le haghaidh mall-fhoghlaimeoirí?
Eoin Ó Murchú
“Níl aon amhras ach gur fuath lena bhformhór an réimeas Ioslamach”! N’fheadar. Dar le suirbhé a chonaic mé le deireannas tá 40%, nó beagáinín níos lú, den phobal ag tacú leis an reimeas; 20% nó 25% in aghaidh an réimeas ó dhearcadh clé ach in aghaidh SAM agus Iosrael freisin; 25% ar mhaith leo socru éigin a dhéanamh leis an Iarthar; agus 5% a dteastaíonn uatha an Shah a thabhairt ar ais.
Tá an scéal i bhfad níos casta ná mar a thugann Fachtna le tuiscint.
Fachtna Ó Drisceoil
Léiríonn an pobalbhreith is déanaí ar féidir liom a aimsiú (bailíodh na freagraí Méan Fómhair 2025) go vótáilfeadh 70% go 80% d’Iaráinaigh (ag brath ar an gceist a chuirtear) i gcoinne na Poblachta Ioslamaí.
Foinse:
https://theconversation.com/iran-protests-2026-our-surveys-show-iranians-agree-more-on-regime-change-than-what-might-come-next-273198
Tá sé deacair dul i ngleic le figiúirí nach bhfuil dáta nó foinse luaite seo.