An iad muintir Ghaoth Dobhair a bheidh ag ceiliúradh tráthnóna?

Agus aghaidh á tabhairt acu ar an Bhoth i gcluiche ceannais Uladh, údar mór dóchais do Ghaoth Dobhair an cumasc iontach atá acu d’imreoirí óga agus seanfhondúirí

An iad muintir Ghaoth Dobhair a bheidh ag ceiliúradh tráthnóna?

Neil McGee (Gaoth Dobhair) agus Rian O'Neill (Raonaithe na Croise) ag imirt i gcluiche leathcheannais Uladh. Pictiúr: Declan Roughan

Gaoth Dobhair v An Bhoth – Páirc Uí Éilí, 2.00pm (Beo ar TG4)

Ag deireadh 2016, is beag duine i nGaoth Dobhair a cheap go mbeadh an fhoireann shinsir peile ag dul chun páirce i gcluiche ceannais Uladh taobh istigh de chúpla bliain. Bhí séasúr tubaisteach acu an bhliain sin agus theip ar an bhfoireann i mbabhta na ngrúpaí i gCraobh Dhún na nGall.

Tá athrú ollmhór tagtha ar an scéal ó shin, áfach. Tháinig Mervyn Ó Domhnaill isteach ina bhainisteoir ag deireadh 2016 agus cé go raibh sé soiléir go raibh baicle imreoirí den scoth ag teacht chun coinlíochta, níor shíl mórán go bhfeicfí an toradh chomh gasta sin.

Bhain Gaoth Dobhair cluiche leathcheannais na craoibhe amach anuraidh, rud nach ndearna siad cheana ó 2006, agus cé gur bhuaigh Naomh Conaill orthu, ba léir go raibh dul chun cinn á dhéanamh acu agus choinnigh siad orthu ag feabhsú i mbliana.

Mí Feabhra, bhuaigh an fhoireann Faoi-21 Craobh Uladh, thug an fhoireann shinsir Roinn 1 na sraithe leo ag deireadh an tsamhraidh, agus ansin mí Dheireadh Fómhair, faoi dheireadh, bhuaigh Gaoth Dobhair Craobh Dhún na nGall arís nuair a fuair siad an ceann is fearr ar fhir na nGleanntach, Naomh Conaill, sa chluiche ceannais.

Níor thréig an rath sin iad i gCraobh Uladh agus sháraigh na Conallaigh curaidh Aontroma, An Carraigín, agus boic mhóra an chúige, Raonaithe na Croise, chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais Uladh Dé Domhnaigh in aghaidh churaidh Mhuineacháin, An Bhoth, cluiche a imreofar ar an Ómaigh.

Ceann de na rudaí is suntasaí faoi fhoireann Ghaoth Dobhair i mbliana ná chomh seasta agus a léirigh siad ardchaighdeán sna cluichí ar fad a d’imir siad sa chraobh go dtí seo. I ngach babhta go dtí seo, dhírigh siad go stuama ar an obair a bhí le déanamh ar an bpáirc agus rinne siad an beart. Fiú nuair a d’éirigh leis an Charraigín agus Raonaithe na Croise teacht aniar láidir a dhéanamh, níor tháinig aon scaoll ar fhir Ghaoth Dobhair agus thug siad an lá leo.

Foireann iltréitheach í seo ar a bhfuil meascán deas d’imreoirí óga chomh maith leis na fir atá níos aosta. Is iad an bheirt McGee, Christopher McFadden agus Kevin Cassidy seanfhondúirí na foirne agus taithí thar na bearta acu. Tá Odhrán Mac Niallais fós óg, ach is duine de cheannairí na foirne é chomh maith agus tá sé ag imirt ar fheabhas i láthair na huaire.

Nuair a chuireann tú cumas, luas agus misneach na n-imreoirí óga leis sin, tá buíon chumhachtach agat.

Ní fhéadfá a rá go bhfuil aon easpa taithí ar fhir na Botha ach an oiread. Imreoirí tábhachtacha ar fhoireann chontae Mhuineacháin iad Darren Hughes, Kieran Hughes, Shane Carey agus Conor McCarthy, gan trácht ar Rory Beggan sa chúl, a bhuaigh gradam All-Star i mbliana.

Beidh tionchar ollmhór ag Beggan ar an gcluiche seo. Bíonn sé iontach cruinn ó na ciceanna saora – ba é a d’aimsigh an scór cinniúnach in aghaidh Eoghan Rua sa chluiche leathcheannais – ach is as a chumas i mbun na gciceanna saora atá a cháil tuillte aige i mbliana.

Idir chruinneas Beggan, neart Kieran Hughes agus choisíocht Conor McCarthy, tá neart bealaí ag an Bhoth leis an lámh in uachtar a fháil ar an bhfreasúra, ach údar dóchais do Ghaoth Dobhair nár bhain foireann Mhuineacháin úsáid as córas cosantach, go dtí seo ar aon nós.

An bua is mó atá ag Gaoth Dobhair ná cé chomh gasta agus a bhíonn siad in ann liathróid a bhogadh ó cheann ceann na páirce agus d’fhéadfadh go mbeidh siad ag faire as an spás a fágadh thiar i measc chosantóirí na Botha sna cluichí go dtí seo.

Rinne Dáire Ó Baoill scrios in aghaidh Raonaithe na Croise nuair a tugadh an spás sin dó i lár páirce agus d’fhéadfadh Micheál Carroll agus Cian Mulligan an rud céanna a dhéanamh, go háirithe má bhíonn cluiche maith ag Naoise Ó Baoill sa líne leatosaithe.

Cé go bhfuil Naoise beag, is imreoir tábhachtach é do Ghaoth Dobhair agus stíl imeartha aige a mheabhródh Ryan McHugh duit. Bíonn Ó Baoill ag síor-iompar na liathróide ar luas lasrach agus éiríonn leis i gcónaí bearnaí a aimsiú agus an rud ceart a dhéanamh ag an am ceart.

Bhí foireann seo na Botha i gcluiche ceannais Uladh ceithre bliana ó shin ach chaill siad i gcoinne Raonaithe na Croise, agus cé go mbeidh siad ar a ndícheall ag iarraidh an díomá sin a chur díobh tráthnóna, níl aon easpa spreagtha ar Ghaoth Dobhair ach oiread agus is dóigh linn gurb iad muintir na Gaeltachta a bheidh ag ceiliúradh tráthnóna.

Fág freagra ar 'An iad muintir Ghaoth Dobhair a bheidh ag ceiliúradh tráthnóna?'