An harikari polaitiúil atá ar bun ag Fine Gael agus Fianna Fáil?

Beidh imní ar mhórán i bhFianna Fáil agus i bhFine Gael go n-íocfaidh siad go daor amach anseo as an margadh atá beartaithe acu

An harikari polaitiúil atá ar bun ag Fine Gael agus Fianna Fáil?

Tá dlús á chur le comhráite faoin gcomhrialtas nár theastaigh ó Leo Varadkar ná ó Mhicheál Martin. Tuigeann siad mar sin féin, mar a thuigeann a lucht leanúna, nach leor comhthuiscint eatarthu chun rialtas nua a bhunú.

Níl duine stuama sa tír nach n-aontódh le ráiteas na beirte go gcaithfear aghaidh a thabhairt gan mhoill ar dhúshláin mhóra, agus ar an ngéarchéim maidir leis an gcoróinvíreas go háirithe. Is léir cheana féin go bhfuil athrú ó bhonn ag teacht ar shaol na tíre de bharr an ghalair, agus athrú dá réir ar dhualgais an rialtais.

Beidh urraim agus údarás as cuimse de dhíth ar an rialtas de réir mar a leathann an galar ar fud na tíre. Is dlúthchuid é an móramh Dála d’údarás gach rialtas a bhíonn ag déileáil le géarchéim mhór. Níl aon chinnteacht ann áfach, fiú má thagann Fine Gael agus Fianna Fáil ar chomhthuiscint, go mbeidh páirtithe nó grúpaí eile toilteanach a bheith páirteach leo i gcomhrialtas chun móramh i nDáil Éireann a dheimhniú.

Ní foláir cuimhneamh i gcónaí ar na figiúirí Dála agus féidearthachtaí comhrialtais de chineál ar bith á bplé. Tá 37 Teachta ag Fianna Fáil sa Dáil nua (agus an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl fágtha as an áireamh) agus 35 atá ag Fine Gael.

Teastaíonn 80 vóta chun móramh Dála a bhaint amach. Fiú dá mbeadh Fianna Fáil agus Fine Gael ag tarraingt le chéile, ní bheadh acu ach 72 vóta. Ní bheidh an dá pháirtí ábalta rialtas móraimh a chur ar bun mar sin gan páirtí nó grúpa amháin eile ar a laghad a bheith toilteanach dul i gcomhrialtas leo, nó tacaíocht leanúnach a ghealladh dóibh.

Cé go bhfuil dhá ghrúpa Neamhspleách sa Dáil nua, breathnaítear go forleathan ar na Glasaigh, 12 Teachta Dála, mar chéilí comhrialtais. Níl aon chinnteacht ann, áfach, gur féidir teacht ar chomhréiteach leo.

Go gairid tar éis do cheannairí Fhine Gael agus Fhianna Fáil a fhógairt tráthnóna Dé Máirt go raibh tús á chur le comhráite faoi chomhrialtas, thug an Teachta Dála de chuid an Chomhaontais Ghlais Neasa Hourigan, duine d’fhoireann idirbheartaíochta an pháirtí, leid shoiléir nach margadh le Fianna Fáil agus Fine Gael a theastaíonn uathu.

B’fhearr a bheith ag caint ar rialtas náisiúnta, a dúirt sí ar Twitter, faoi mar a mhol Éamon Ó Cuív ó Fhianna Fáil. Chuir an 12 Teachtaí Dála atá ag na Glasaigh ráiteas amach tráthnóna inné inar dúradh gur rialtas náisiúnta seachas comhrialtas a rogha. Dúirt Neasa Hourigan freisin gur chóir béim iomlán a chur ar shláinte an phobail, toisc gurb é an t-ábhar is tábhachtaí faoi láthair.

Neosfaidh an aimsir an gcuirfidh na Glasaigh tuairimí dá leithéid i leataobh de réir mar a théann an idirbheartaíocht chun cinn. Tá cúrsaí polaitíochta agus sláinte ag athrú in aghaidh an lae, ar dhóigh nach féidir a mheá go hiomlán faoi láthair.

Ach tá rud amháin ríshoiléir. Tá bunú comhrialtais á phlé ag dhá pháirtí a chaill 19 suíochán Dála san olltoghchán, agus a dhiúltaíonn bunú comhrialtais a phlé le páirtí a ghnóthaigh 15 suíochán breise.

Beidh imní ar mhórán i bhFianna Fáil agus i bhFine Gael go n-íocfaidh siad go daor amach anseo as an margadh éiginnte atá beartaithe acu – margadh a rachaidh chun tairbhe do Shinn Féin, a déarfaidh (agus an ceart acu) nár tugadh deis dóibh a bheith i rialtas.

Is féidir comhrialtas a bhunú i gcónaí ar an mbonn go gcuirfidh sé leas na tíre chun cinn. Beidh sé an-deacair, áfach, a chur ina luí ar an bpobal go mbeidh comhrialtas nua, ina mbeidh dhá pháirtí ar tugadh léasadh dóibh san olltoghchán páirteach, ag teacht leis an meon ar son athraithe a léirigh na vótóirí.

Beidh sé i bhfad níos deacra a chur ina luí ar lucht leanúna an dá pháirtí, agus comhcheilg éagórach á cur ina leith ag Sinn Féin, nach harikari polaitiúil atá ar bun acu fad is a bhaineann sé leis an gcéad olltoghchán eile.

Fág freagra ar 'An harikari polaitiúil atá ar bun ag Fine Gael agus Fianna Fáil?'