An grá agus an ghruaim faoi chaibidil Lá Vailintín …

An lá ar dícheannadh Vailintín,  d’fhág sé nóta ag an iníon dhall a bhí ag gobharnóir an phríosúin agus ‘ó do Vailintín’ scríofa air…

An grá agus an ghruaim faoi chaibidil Lá Vailintín …

Beidh an grá agus an ghruaim faoi chaibidil Lá Vailintín na bliana seo. Grá agus lánúnachas agus pósadh a luaitear le Lá Vailintín i gcónaí ach an iarraidh seo is é Céadaoin na Luaithrigh freisin é.

Ní thabharfar cead dúinn a ligean i ndearmad go dtiocfaidh an t-am a mbeidh ár gcorp ‘ag na cruimhe agus ag na péistí’ mar dúirt an file, Johnny Chóil Mhaidhc.

‘Cuimhnigh a dhuine gur créafóg thú agus go mbeidh tú i do chréafóg arís,’ a déarfar nuair a bheas an luaithreach á chur ar bhaithis an fhíréin. ‘Ach tógfaidh an Tiarna thú ar an lá deireanach,’ a déarfas glór eile.

Tá daoine go leor ann a chreideann é sin fós .

Ba é an chaoi a gcroití an luaithreach ar mhullach an fhíréin nuair a thosaigh an nós san Eaglais an chéad lá riamh. Ba é go dtí gur ordaíodh go gcaithfeadh na mná ceannbheart a chaitheamh sa séipéal feasta. Athraíodh an modh oibre dá réir.

Comhartha eile a bhí sa treoir sin nach raibh an bhean ar chomhchéim leis an bhfear i súile na hEaglaise.

Níl ná fós: tabhair faoi deara an chaoi ar coinníodh as cruinniú sa Vatacáin iarUachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa.

I nGairdín Pharthais a thosaigh an trioblóid. Murach gur ith Ádhamh an t-úll bheadh muid chomh neamhurchóideach inniu leis an bpáiste a rugadh aréir. Ní bheadh peaca ar bith sa saol.

Ní thuigfí an focal grá mar go mbeadh muid ar fad ag cur thar maoil le grá dá chéile.

Ní bheadh Naomh Vailintín ann ná naomh ar bith eile, naoimh ar fad a bheadh ionainn.

Níl a fhios agam an mbeadh sciatháin aingil orainn ach ní chuirfeadh sé aon iontas orm dá mbeadh.

Is fiú breathnú aríst ar an méid a tharla i nGairdín Pharthais agus ar an bhfreagracht a fágadh ar an mbean riamh ó shin.

Tá cuntas mion air sa Sean-Tiomna.

Nuair a d’ith Ádhamh an t-úll bhí Dia dearg le fearg.

‘An ag ithe a bhí tú den chrann a d’aithin mé duit gan ithe?’ar seisean.

‘An bhean a thug tú dom mar chéile,’ arsa an fear, ‘ise a thug toradh ar an gcrann dom, agus d’ith mé é.’

Agus dúirt an Tiarna leis an mbean. ‘Cad é seo atá déanta agat?’

D’fhreagair an bhean: ‘Mheall an nathair mé agus d’ith mé.’

Dúirt sé leis an mbean:

‘Méadóidh mé go mór ar do thinneas ag breith clainne.

Béarfaidh tú clann agus tinneas ort.

Beidh mian chun do chéile ort

Ach beidh sé i gceannas ort.’

Dúirt sé leis an bhfear:

‘De bhrí gur thug tú cluas do ghuth do mhná,

Agus gur ith tú de thoradh an chrainn

ar aithin mé duit gan a ithe:

Go raibh mallacht ar an talamh de do chionn.

Faoi dhoilíos a shaothróidh tú do chuid de,

Gach lá de do shaol.

Sceacha agus feochadáin a thabharfaidh sé duit,

Agus íosfaidh tú luibheanna an bháin.

Le hallas do ghrua

Is ea a íosfaidh tú do chuid aráin

Go bhfillfidh tú ar an talamh

Mar is as a tháinig tú.

Óir is luaithreach thú,

Agus ar an luaithreach is ea a fhillfidh tú.’

Maidir le Naomh Vailintín, is de bharr a bheith ag pósadh daoine faoi cheilt a cuireadh chun báis é. Thart ar 1,750 bliain ó shin a bhí seisean ann.

Bhí an tImpire ag déanamh géarleanúna ar na Críostaithe ag an am agus bhí fuath faoi leith aige do Vailintín faoi go raibh sé ag briseadh an dlí faoin bpósadh.

Ligeadh leis ar feadh tamaill.

Tugadh os comhair breithimh darbh ainm Asterius é uair. Bhí iníon altrama aige siúd a bhí ina dall. D’fhiafraigh sé de Vailintín an mbeadh sé in ann í a leigheas.

Ar ndóigh ní raibh stró ar bith ar Vailintín é sin a dhéanamh.

Ach tháinig an lá ar tugadh os comhair an Impire Claudius féin é. Bhí a chaiscín meilte.

D’ordaigh an tImpire é a chur chun báis mura séanfadh sé a chreideamh. Níor shéan.

Bhí iníon dhall freisin ag gobharnóir an phríosúin ar cuireadh ann é agus leigheas sé í sin. An lá ar dícheannadh é d’fhág sé nóta aici agus ‘ó do Vailintín’ scríofa air.

Is iomaí milliún euro déanta ag lucht an rachmais ó shin ar chártaí mar é.

Ó mo thaobh féin de, beidh mé ag ceiliúradh Lá Vailintín. Cothrom an lae sin 42 bliain ó shin a phós mé féin agus Treasa.

Lá ceiliúrtha dhúinn é ach beidh mise ag cuimhneamh go domhain freisin ar an uaigh uaiféalta atá i ndán dom i reilig Chill Chiaráin.

Fág freagra ar 'An grá agus an ghruaim faoi chaibidil Lá Vailintín …'