An glas á scaoileadh inniu agus laghdú eile ar líon na gcásanna nua agus na n-othar san ospidéil

Tá tús a chur le plean díchuibhrithe an Rialtais a chur i gcrích tráth a fógraíodh an líon is lú cásanna den ghalar nua le breis is dhá mhí

An glas á scaoileadh inniu agus laghdú eile ar líon na gcásanna nua agus na n-othar san ospidéil

Os cionn 50 lá ó cuireadh an Stát faoi chuibhriú, cuirfear tús inniu le scaoileadh na srianta dianghlasála.

Tá tús á chur le plean díchuibhrithe an Rialtais a chur i gcrích tráth a fógraíodh an líon is lú cásanna den ghalar nua le breis is dhá mhí agus tráth a bhfuil 30 duine níos lú sna haonaid dianchúraim ná mar a bhí nuair a tugadh an dianghlasáil isteach.

51 duine a raibh Covid-19 orthu a bhí sna haonaid dianchúraim tráthnóna inné, i gcomparáid le 54 duine tráthnóna Dé Sathairn. 80 duine a bhí in ICU ar an 28 Márta agus 160 duine a bhí in ICU an lá ba mhó a raibh an córas faoi bhrú. 

138 leaba ICU a bhí folamh aréir agus 1,200 leaba ghinearálta a bhí folamh.

375 duine a raibh Covid-19 orthu a bhí sna hospidéil ag 8pm aréir, laghdú 5% ón lá roimhe, agus bhí 194 othar eile iontu ar measadh an galar a bheith orthu.

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné go raibh deichniúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus deimhníodh 64 cás nua den ghalar, an líon is lú cásanna nua a fógraíodh le 62 lá.

2,019 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,543 duine ó dheas den teorainn agus 476 ó thuaidh di.

28,497 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn. 24,112 cás atá deimhnithe ó dheas den teorainn agus 4,385 cás ó thuaidh.

Cúig thréimhse díchuibhrithe atá luaite i straitéis éalaithe an rialtais a bhfuil tús á chur léi inniu. Mairfidh gach tréimhse trí seachtaine.

Ar na gnóthaí a fhéadfaidh oscailt inniu tá – siopaí IT agus leictreachais, ionaid gharraíodóireachta, margaí feirme, siopaí rothar, garáistí carranna agus radharceolaithe.

Fillfidh oibrithe foirgníochta agus garraíodóirí ar a gcuid oibre inniu chomh maith agus beidh cead ag grúpa nach as an teach céanna iad agus nach bhfuil níos mó ná ceathrar ann cruinniú le chéile lasmuigh chomh fada agus go gcloíonn siad leis an scoitheadh fisiciúil agus fanacht dhá mhéadar ón chéile.

Táthar ag moladh chomh maith clúdach aghaidhe a chaitheamh laistigh sa chás nach féidir cloí leis an scoitheadh fisiciúil dhá mhéadar, in áiteanna amhail an córas iompair poiblí agus siopaí.

Táthar ag moladh a leithéid mar bheart breise sláinteachais i gcomhar le níochán na lámh agus an scaradh sóisialta.

Dúirt an Dr Cillian De Gascun, Cathaoirleach na Seirbhíse Tagartha Náisiúnta maidir le Víris (NVRL) go mbeadh idir 5-7 lá ar a laghad ann sula bhfeicfí cén lorg a d’fhágfadh scaoileadh na srianta ar scaipeadh an ghalair agus líon na gcásanna nua.

Pictiúr: Sasko Lazarov/Rollingnews.ie

Thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Paul Reid le fios inné go mbíonn toradh dearfach anois ar 2.4% de na tástálacha do Covid-19, i gcomparáid le 3.7% i dtús na Bealtaine, léiriú eile ar an rath ar an bhfeachtas chun an coróinvíreas a choimeád faoi chois.

Mhaígh Reid inné go dtógfadh an próiseas maidir le duine a thástáil agus a chuid teagmhálaithe a chuardach níos lú ná trí lá feasta i 90% de chásanna.

Dúirt sé go bhfaigheadh nach mór 98 de dhaoine toradh tastála laistigh de dhá lá ar a mhéid.

Tá ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar gur “cúis dóchais” seachas “cúis cheiliúrtha” atá i scaoileadh na srianta inniu.

Deir na húdaráis sláinte go gcaithfear a bheith an-chúramach go fóill maidir le cloí leis an gcomhairle faoin tsláinte phoiblí agus rabhadh tugtha acu go bhfuil an baol ann i gcónaí gur ar gcúl a rachaimid.

Táthar fós ag moladh do dhaoine fanacht sa bhaile agus tá an cosc ar thaisteal níos mó ná 5km ón teach fós i bhfeidhm.

Dúirt an Taoiseach go gcaithfeadh daoine cloí le cúig riail.

Caithfidh daoine fanacht sa mbaile ach amháin sna cúig chás seo, a dúirt sé.

1. Dul chun na hoibre mura bhfuil tú in ann oibriú ón mbaile agus má tá an t-ionad oibre ar oscailt. 2. Siopadóireacht d’earraí atá riachtanach. 3. Aclaíocht a dhéanamh laistigh de 5km ón mbaile. 4. Freastal ar riachtanais sláinte nó cúram a dhéanamh de dhuine eile. 5. Bualadh le cairde nó baill teaghlaigh lasmuigh i ngrúpaí nach mbeidh níos mó ná ceathrar iontu.

Fág freagra ar 'An glas á scaoileadh inniu agus laghdú eile ar líon na gcásanna nua agus na n-othar san ospidéil'