An ghéarchéim éiceolaíoch – an bhfuil scríbhneoirí na Gaeilge ina gcodladh?

Cá bhfuil éicealitríocht na Gaeilge? An bhfuil téama níos práinní ann ná dán an phláinéid féin?

industry-611668_1920

Cá bhfuil éicealitríocht na Gaeilge, na dánta, na haistí, na scéalta, na hamhráin? An bhfuil téama níos práinní ann ná dán an phláinéid féin? Níl an téarma ‘eco-literature’ ar fáil fós sa Ghaeilge, léiriú ar easpa úsáide an téarma sin, ar ndóigh.

Ba chóir go mbeadh díolaim againn sa Ghaeilge a chíorann an téama seo, dar liom. Nach ceart go gcoimisiúnódh foilsitheoir éigin a leithéid de dhíolaim? Tá an éicealitríocht faoi chaibidil san eagrán is déanaí den iris list (Iml. 29, Fómhar, 2015), iris leabharnuachta on gCóiré Theas.

Tá úrscéalta faoin timpeallacht á bhfoilsiú sa Chóiré ó na 1960í ar aghaidh, an milleán á chur go minic ar cheannairí polaitiúla agus tionsclaíochta na tíre sin. Cá bhfuil an saothar cruthaitheach sa Ghaeilge ina luaitear ceannairí polaitiúla agus tionsclaíochta na tíre seo? Tá dráma aonghnímh agam féin ina bhfuadaítear an Taoiseach – an Taoiseach atá ann faoi láthair, Enda Kenny, T.D. – agus is féidir é a léamh anseo.

Cad is cúis leis an ngéarchéim éiceolaíoch? Saint, a deir scríbhneoirí na Cóiré, saint agus ábharachas. Seans maith nach bhfuil scríbhneoirí in ann an domhan a athrú, ná nádúr an duine; mar sin féin, tá dualgas orainn labhairt amach. Nach bhfuil?

Go deimhin, d’fhéadfaí cosaint mionteangacha a cheangal le cosaint na timpeallachta – seachas athbheochan teanga a cheangal leis an náisiúnachas, cuir i gcás. Bheadh rath ar a leithéid de chur chuige, dar liom, agus comhghuaillíocht idirnáisiúnta laistiar de.

Mar chuid den fhéincheistiú is gá chun teacht ar thuiscint don ghéarchéim dhomhanda seo, caithfear féachaint ar an gcaipitleachas agus conas é a shrianadh. Cén fáth é a shrianadh? Mar tá cruthaithe aige go bhfuil sé glan (!) in aghaidh leas an phláinéid agus in aghaidh na beatha.

Riamh anall, bhí caidreamh grámhar ag na Cóiréigh leis an dúlra, ag péintéirí, ag scríbhneoirí, ag gnáthmhuintir na tíre. Féach ar an dán seo ón 13ú haois, cuir i gcás. Tá na céadta mar é.

Ar M’Éirí Dhom ar Maidin

     Wongam a chum

    Is lom iad géaga an fhómhair agus is lag é taitneamh na gréine,

    Tá na sléibhte ciúin agus sioc geal ar a bhfuaid.

    An doras iata, mé i mo shuí, dreas codlata, brionglóidí –

    Dúisím go tobann nuair a chloisim na préacháin sna coillte.

Liricí dúlra atá i dtús ár litríochta féin, ar ndóigh, agus tá Ancient Irish Poetry le Kuno Meyer le léamh ar líne.

Goilleann sé ar fhilí ár linne ar nós Kim Ji-ha go bhfuil dochar mór á dhéanamh don timpeallacht:

Nuair a shéidtear duilleog sheargtha

Isteach chugam ar imeall an urláir –

Abair go bhfuil mo ghrá geal tagtha…

Sin é! Caithfear an caidreamh sin leis an dúlra a athnuachan – nó a athaimsiú – grá agus ómós do gach ní beo. Níl aon leigheas eile ar an scéal.

Fág freagra ar 'An ghéarchéim éiceolaíoch – an bhfuil scríbhneoirí na Gaeilge ina gcodladh?'

  • Ruairi s. O'Donaill

    BA CHOIR ‘CLOG NA H-AERAIDE’ A BHUNU MAR A BUNAIODH AN ‘ DOOMSDAY CLOCK’ AG CUMANN NA H-EOLAITHE ADAMACHA NUAIR A BHI BAOL ANN GO SCRIOSFAI AN DOMHAN AG COGADH ADAMACH!! TAISPEANFAIDH SE SEO MEID ABHAL-MHOR NA PRAINNE AGUS AN TREO IN A BHFUILIMID AG DUL, PE NIOS GIORRA NO NIOS FAIDE, ON UAFAS!!! DHREACHT ME FEIN CEANN AMACH AR PHAIPEIR AGUS SEOLFAIDH ME COIP DE CHUIG TUAIRISC INDIAIDH NA NOLLAG. NIL ACH TRI UIMHREACHA ANN — 1O, 11, 13 . TA NA LAMHA AG A ‘DEICH’ MAR ATA SIAD SUITE I LATHAIR NA H-UAIRE!!!!!!!!!!!!!!!!