An Ghaillimh stadach, plobarnach, snagach…

Údar dóchais níos mó ag Brian Lohan ná Henry Shefflin agus a bhfoirne á n-ullmhú acu don chéad bhabhta eile

An Ghaillimh stadach, plobarnach, snagach…

Seachas a gcaitheann siad dá gcuid ama ina gcodladh, ag obair nó i gcomhluadar a dteaghlaigh, sí mo bharúil nach mbíonn an camán agus an sliotar i bhfad ó intinn Henry Shefflin ná Brian Lohan ag aon tráth.

Le forbairt na heolaíochta ní móide gur fada uainn an lá nuair a bheidh dornán sreanganna in ann na smaointe atá i gcloigeann an duine a thaispeáint ar scáileán beag faoi mar a dhéanann an GPS tú a stiúradh ar aistear.

Nár bhreá an rud é a bheith i suíochán an phaisinéara in aice Shefflin le seachtain agus é ag tiomáint as Cill Chainnigh go Gaillimh ag seisiún traenála. Déarfainn go mbeadh ar thit amach i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite feicthe faoi dhó ag duine faoin am a mbeadh Ros Cré sroichte.

Ní baileach go mbíonn turais an Leochánaigh chomh fada céanna ach ní móide go sábhálann sin eisean ach an oiread ó bheith ag cogaint ar ar thit amach ar Pháirc na nGael an lá céanna.

Ar chúiseanna go leor is i mbróga an Chláirínigh ab fhearr liom a bheith faoi láthair ach an rogha a bheith agam.

Bhí corr-ribe liath faoi na huisinní ag Shefflin nuair a ghlac sé cúram na Gaillimhe air féin 19 mí ó shin. Ag breathnú anuas air Dé Domhnaigh seo caite agus é ar paráid ar an taobhlíne ba dheacair do dhuine mórán ruachta a fheiceáil.

Ní iontas sin.

San achar a bhfuil sé ina gceannas, tá meatacht agus mísheasmhacht in iománaíocht na Gaillimhe gur bheag súil a bhí aige leo, déarfainn. I gCraobhacha Laighean na bliana seo agus na bliana seo caite ba iad ab airde pointí agus na réamhbhabhtaí imeartha. Anuraidh ba chun donais a chuaigh siad tar éis do Chill Chainnigh buachan agus farasbarr ceithre chúilín acu i gcluiche ceannais an chúige.

Arís i mbliana níl samhail na Gaillimhe ach lomaire féir a thógfá amach as an tseid le tabhairt faoin gcéad lomadh. Stadach, plobarnach, snagach.

Ní taobh le haon bhraon anuas amháin atá an díon faoina bhfuil foireann Shefflin ar foscadh. In aon chluiche a chonaic mise go dtí seo is beag a chonaic mé a léirigh go raibh Gearóid McInerney ar a chompord mar lánchúlaí.

Ní cosúil ach oiread aon bhun ceart a bheith ar lár na páirce. Bhí seisear éagsúil i gceist ansiúd sna cúig chluiche sraithe a d’imir Gaillimh – Gavin Lee, Seán Linnane, Tiernan Killeen, Tom Monaghan, Ronan Glennon agus Cianán Fahy. Is é Glennon an t-aon duine acu siúd a thosaigh i gcluiche craoibhe, áit ar cosúil tús áite a bheith á thabhairt do Chathal Mannion agus do Joseph Cooney ag Shefflin agus a chuid roghnóirí.

Ach is i measc na dtosach atá fáil ar an rud is mó atá le ceartú – ansiúd atá an eochair a osclóidh an doras a ligfidh iománaithe na Gaillimhe isteach sa seomra ina bhfuil Corn Mhic Cárthaigh ar an mbord leagtha.

Is í an eochair chéanna a chuirfidh glas ar an doras lena gcur as an áireamh fiú níos túisce ná a tharla anuraidh, an chéad séasúr ag a mbainisteoir nua.

Cén bhrí ach tá fuascailt a gcáis chomh follasach le gealach nua i lár na spéire is duibhe.

Sin a theacht ar chóras a thabharfaidh Conor Whelan isteach san imirt chomh minic agus is féidir agus chomh gar do chúl a chéilí comhraic agus is féidir freisin.

Go cinnte is iad Whelan agus Aaron Gillane an bheirt fhear cúinne is fearr in Éirinn, ach féach a bhfuil idir an bealach ar cuireadh i mbun a ndualgais iad Dé Domhnaigh seo caite.

Roghnaíodh fear Luimnigh san áit is ansa leis agus san áit is mó a bhfuil contúirt ag baint leis. D’aimsigh sé 1-11 (0-8 as buillí saora), é ina chrá croí san áit ba laige an namhad – scéin orthu chuile uair a dtáinig an sliotar ina threo.

Sa leath-líne a roghnaíodh fear Chinn Mhara i bPáirc an Chrócaigh. As siúd scóráil sé 1-6 as an imirt. Ach b’éigean dó cuid mhaith ama a chaitheamh ag fiach ar an sliotar amach faoin bpáirc mar nach raibh aon bhealach eile aige lena fháil.

Sin go pras an fhadhb a gcaithfidh Shefflin agus a chúntóirí aghaidh a thabhairt uirthi más leo a dhul níos faide sa gcraobh. Caithfidh siad a shocrú freisin ar chóir Conor Cooney a bheith istigh ó thús na himeartha, nó an mó a chuirfeadh sé leis an bhfoireann mar ionadaí.

Ach Conor Cleary a bheith bisithe ón ngortú a choinnigh ó imirt i gCluiche Ceannais na Mumhan é, beidh bainisteoir an Chláir i bhfad níos sásta agus é ag tabhairt aghaidh ar an mbabhta ceathrú ceannais ina bhfuileadar siúd Dé Domhnaigh seo chugainn.

Ba é iománaí Shráid na Cathrach a thosaigh mar lánchúlaí sna cúig chluiche Sraithchomórtais agus sna ceithre chluiche Craoibhe a bhí imeartha ag na Cláirínigh go dtáinig an Domhnach seo caite.

Agus gardáil le déanamh ar líne lántosach chomh cumasach le Gillane, Graham Mulcahy agus Séamus Flanagan, ba thubaisteach an buille don Chlár an Cléireach a bheith ar iarraidh.

Beidh Lohan ag súil freisin go mbeidh an tosach is snasta aige féin níos seasta ina chuid imeartha. Ina thine bhruite coicís roimhe sa mbabhta leathcheannais, ní raibh Tony Kelly baol ar chomh díocasach in aghaidh Luimnigh agus a bhíonn sé de ghnáth – é míchruinn ag amanta cinniúnacha freisin.

Ach iad sin a bheith i mbarr a réime arís, thiocfadh go bhfuil an ceart ag muintir an Chláir a bheith ag súil le huair aithrí.

Fág freagra ar 'An Ghaillimh stadach, plobarnach, snagach…'

  • jpmorley0@gmail.com

    ‘Cén ball den bpáirc is fearr leatsa imirt ann?’ ‘Cheart an cheist sin ar gach aon imreoir ach ní chuirtear, de ghnáth, óm thaithí féin ar aon nós. Má tá an t-imreoir ag imirt san áit is ansa leis beidh sé ar a chompord ina aigne féin agus breis muiníne aige. Dá mbeadh gátar maidir le spota eile a líonadh ba chóir dul i gcomhairle leis an imreoir a theastaíonn uait chuige sin. Má tá sé socair sásta ina aigne féin roim dhul chun páirce dó sin 50% den gcath. Is léir go bhfuil an bhail sin ar Gilane.