An Ghaeltacht le haghaidh a thabhairt ar sheaimpíní na hÉireann sa bhabhta ceathrú ceannais

Bhain an Ghaeltacht áit amach sna babhtaí ceathrú ceannais den Chraobh Idirmheánach Peile tar éis dóibh trí chluiche as trí cinn a bhuachan i nGrúpa 1

An Ghaeltacht le haghaidh a thabhairt ar sheaimpíní na hÉireann sa bhabhta ceathrú ceannais

Cumann Caide na Gaeltachta a bheidh ag tabhairt aghaidh ar Na Gaeil sna babhtaí ceathrú ceannais de Chraobh Idirmheánach Peile Chiarraí agus an tarraingt déanta don chéad bhabhta eile aréir.

Bhuaigh na Gaeil Craobh Shóisir Peile Chiarraí anuraidh agus bhuaigh an cumann as Trá Lí Craobh na hÉireann ag tús na bliana seo.

Agus beirt d’imreoirí idirchontae Chiarraí, Jack Barry agus Diarmuid O’Connor, ag imirt dóibh, chríochnaigh na Gaeil sa dara háit i nGrúpa 2 sa Chraobh Idirmheánach.

Bhain an Ghaeltacht áit amach sna babhtaí ceathrú ceannais tar éis dóibh trí chluiche as trí cinn a bhuachan. Bhuaigh siad ar na Mistéalaigh Dé Domhnaigh, 3-10 in aghaidh 0-18, chun críochnú ar bharr Ghrúpa 1.

Beidh Piarsaigh na Dromoda ag dul chun páirce sna babhtaí ceathrú ceannais chomh maith agus cluiche in aghaidh Oileán Ciarraí roimh fhir Uíbh Ráthaigh.

Beidh Gleann Beithe-Gleann Chárthaigh in aghaidh Lios an Phúca agus casfaidh Fánaithe na Leamhna ar an Spá sa dá chluiche eile sna babhtaí ceathrú ceannais.

Sna babhtaí dícháilithe, imreoidh Ard Fhearta in aghaidh Naomh Muire agus beidh An Coireán i gcoinne Chorra.

Imreofar na babhtaí ceathrú ceannais agus na babhtaí dícháilithe ag tús mhí Mheán Fómhair agus beidh cluiche i gCraobh Shinsir Peile an Chontae le himirt idir an dá linn.

Imreoidh Ciarraí Thiar in aghaidh Naomh Breandán Dé Sathairn, an 22 Lúnasa i bPáirc Aibhistín de Staic. Beidh Daingean Uí Chúis ag imirt an lá céanna in aghaidh an Teampaill Nua i bPáirc an Ághasaigh.

Fág freagra ar 'An Ghaeltacht le haghaidh a thabhairt ar sheaimpíní na hÉireann sa bhabhta ceathrú ceannais'