An Ghaeltacht, Gaoth Dobhair agus An Rinn sásta, ach foirne Chonamara i dtrioblóid…

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar na cluichí móra peile a bhí ar siúl sna ceantair Ghaeltachta ag an deireadh seachtaine

An Ghaeltacht, Gaoth Dobhair agus An Rinn sásta, ach foirne Chonamara i dtrioblóid…

Dún na nGall

Chuir Gaoth Dobhair tús iontach lena bhfeachtas i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall inné nuair a fuair siad an ceann is fearr ar fhir Leitir Ceanainn, Naomh Adhamhnáin. Bua aon phointe amháin a bhí ag Gaoth Dobhair, 0-10 in aghaidh 1-5 i gcluiche crua inar cuireadh beirt ón dá fhoireann den pháirc.

D’aimsigh Niall O’Donnell cic éirice do Naomh Adhamhnáin luath sa chluiche ach tháinig Gaoth Dobhair ar ais a bhuíochas de chúilíní ó Odhrán Mac Niallais, a scóráil trí phointe sa chéad leath a chinntigh nach raibh foireann Mhachaire Gathlán ach cúilín amháin chun deiridh ag leath ama.

Bhí siad 0-10 in aghaidh 0-5 chun cinn agus fiche nóiméad fágtha ach buaileadh buille orthu nuair a taispeánadh an dara cárta buí do Mhac Niallais. Sheas Gaoth Dobhair an fód as sin go deireadh áfach, cé go raibh an t-ádh orthu gur bhuail cic saor Niall O’Donnell an cuaille agus cúilín an chomhscóir á lorg aige do Naomh Adhamhnáin.

Bua tábhachtach a bhí ann do Ghaoth Dobhair, go háirithe tar éis do Naomh Conaill slad a dhéanamh ar An gClochán Liath, 4-16 in aghaidh 0-6, sa ghrúpa céanna. Ba iad Kevin McGettigan, Leo McLoone, Kieran Gallagher agus Anthony Thompson a d’aimsigh na cúil d’fhir na nGleanntach.

Sna cluichí móra eile, bhuaigh Ard an Rátha ar sheaimpíní 2016, Gleann tSúilí, 2-6 in aghaidh 1-10 a bhuíochas de chúl ag deireadh na himeartha ó Conor Classon. D’aimsigh Andrew McClean agus Stephen McBrearty cúl an duine do Chill Charthaigh agus bhí an bua ag curaidh na bliana seo caite in aghaidh na gCealla Beaga, 2-9 in aghaidh 0-11, fiú agus gan fáil acu ar Ryan McHugh ná Patrick McBrearty.

Gaillimh

An Cheathrú Rua
Oisín Ó Gríofa ag imirt don Cheathrú Rua i gComórtas Peile na Gaeltachta 2018. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ní bheidh peileadóirí na Ceathrún Rua ag imirt i mbabhtaí ceathrú ceannais Chraobh Shinsir na Peile i nGaillimh tar éis do Naomh Séamus an ceann is fearr a fháil orthu Dé Sathairn seo caite. Farasbarr cúig phointe a bhí ag fir na cathrach, 2-18 in aghaidh 2-13, agus rinne siad teacht aniar maith tar éis don Cheathrú Rua tús maith a chur leis an gcluiche.

Bhí fir Chonamara 1-7 in aghaidh 0-3 chun cinn tar éis ceathrú huaire nó mar sin agus Oisín Ó Gríofa a fuair an cúl dóibh.

Tháinig Naomh Séamus ar ais go láidir, áfach. Fuair Eoin Concannon 1-8 sa chéad leath féin agus fuair Lee Vahey cúl eile dóibh roimh an mbriseadh.

Fuair Maitiú Ó Domhnaill cúl don Cheathrú Rua sa dara leath agus trí phointe de bhearna a bhí idir na foirne. Chuir Naomh Séamus leis an bhfarasbarr sin ina dhiaidh sin agus bhí rás na Ceathrún Rua rite nuair a sábháladh cic éirice Oisín Uí Ghríofa i dtreo an deiridh. Fágann an toradh go mbeidh ar an gCeathrú Rua an ceann is fearr a fháil ar Bhaile Chláir ina gcluiche deireanach chun na babhtaí dícháilithe a sheachaint.

Níor éirigh rómhaith ach oiread leis na foirne Gaeltachta eile i gcraobh na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo. Chaill Bearna in aghaidh Bhóthar na Trá/Cnoc na Cathrach i nGrúpa 2 agus chaill Naomh Anna, Leitir Móir, i gcoinne Chathair Loistreáin i nGrúpa 3, rud a fhágann go mbeidh an dá fhoireann ag tabhairt aghaidh ar na babhtaí dícháilithe.

Chaill Maigh Cuilinn chomh maith i gcoinne Bhaile an Mhuilinn ach tá deis fós acu cluiche ceathrú ceannais a bhaint amach chomh fada agus nach gcailleann siad i gcoinne Mhuine Mheá/An Mhainistir faoi cheann coicíse.

Sa Chraobh Idirmheánach, d’éirigh le hOileáin Árann, An Spidéal agus Micheál Breathnach na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach tar éis dóibh a gcuid cluichí a bhuachan ach beidh Carna-Caiseal ag imirt sna babhtaí dícháilithe.

Ciarraí

Tomás Ó Sé, An Ghaeltacht. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Tá An Ghaeltacht tríd go dtí Babhta 3 de Chraobh na Sinsear i gCiarraí tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Dhúiche Neidín i gcluiche aontaobhach Dé Domhnaigh. 19 cúilín d’fharasbarr a bhí ag fir na Gaeltachta ag deireadh na himeartha, 2-18 in aghaidh 0-5.

Bhí an imirt cothrom go maith ar feadh tréimhsí fada den chéad leath ach d’fhág scóranna ó imreoirí amhail Dara Ó Sé, Seán Micheál Ó Conchúir agus PJ Mac Láimh díreach roimh agus i ndiaidh leath ama bearna sách mór idir na foirne. Bhí scata mór imreoirí maithe in easnamh ar chomhfhoireann Dhúiche Neidín, agus gan fáil acu ar mhuintir Spillane ná ar Thadhg Morley. Fuair Gearóid Mac an tSaoir agus Tomás Ó Sé cúl an duine don Ghaeltacht sa dara leath, agus tabharfaidh siad aghaidh ar churaidh an chontae, Crócaigh Chill Airne, sa chéad bhabhta eile.

Bhí bua mór ag Ciarraí Thoir ar Dhaingean-Uí Chúis inné, 6-16 in aghaidh 2-10, toradh a fhágann go mbeidh ar fhir an Daingin Naomh Ciarán a bhualadh i mBabhta 3 chun áit a bhaint amach sna babhtaí ceathrú ceannais. Bhí Daingean Uí Chúis cúpla pointe chun cinn ag leath ama in aghaidh Chiarraí Thoir agus 2-2 faighte ag Paul Geaney, ach rinne Ciarraí Thoir scrios sa dara leath. 2-2 a fuair David Clifford, réalta óg Chiarraí.

Port Láirge

Liam Ó Lonáin. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Imreoidh peileadóirí na Rinne i gcluiche leathcheannais chraobh na sinsear i bPort Láirge den dara bliain as a chéile tar éis dóibh bua aon phointe amháin a fháil ar an gClais Mhór Dé hAoine seo caite. Ba é an t-iarimreoir idirchontae Liam Ó Lonáin laoch na Rinne. Trí chúl a fuair sé agus bhí an bua ag fir na Gaeltachta, 3-11 in aghaidh 0-19.

Ba ghéar mar a theastaigh taithí Uí Lonáin agus An Rinn sé phointe chun deiridh agus gan ach ocht nóiméad imeartha. 2-1 a fuair sé taobh istigh de chúpla nóiméad chun an Rinn a chur chun tosaigh. D’aimsigh Ó Lonáin a thríú cúl díreach roimh leath ama, scór a d’fhág go raibh fir na Gaeltachta 3-6 in aghaidh 0-10 chun cinn ag ag an mbriseadh. Cé gur tháinig an Chlais Mhór ar ais sa dara leath, níor éirigh leo an bhearna a iamh.

Imreoidh an Rinn anois i gcoinne Chill Rosanta sna babhtaí leathcheannais ach beidh cluiche mór iomána acu idir an dá linn agus iad ag imirt i gcoinne an Bhaile Dhuibh i gcluiche dícháilithe i gcraobh na sinsear.

Corcaigh

Dan Ó Duinnín. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhí bua maith ag Cill na Martra ar Shráid Uí Mhuilinn i gcluiche ceathrú ceannais na Craoibhe Idirmheánaí i gCorcaigh Dé hAoine seo caite. 3-20 in aghaidh 2-13 an scór deiridh a bhí ann agus trí chúl faighte ag Dan Ó Duinnín.

D’aimsigh Ó Duinnín an chéad cheann de na cúil sin taobh istigh den chéad 10 nóiméad, scór a d’fhág go raibh fir na Gaeltachta cúig phointe chun cinn. Bhí siad i gceannas as sin go deireadh. Farasbarr 12 pointe a bhí acu ag leath ama, 1-15 in aghaidh 0-6, agus fuair Ó Duinnín dhá chúl eile sa dara leath chun barr maise a chur ar chlár na scór. Imreoidh Cill na Martra i gcoinne Bhaile Mhistéala nó Eochaill sna babhtaí leathcheannais.

Maigh Eo

Jonathan Donoghue ag imirt do Bhéal an Mhuirthead ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2018. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

I gCraobh Shinsir Peile Mhaigh Eo, chaill Cill tSéadhna amach ar áit sna babhtaí ceathrú ceannais nuair a bhuail Baile an Tobair slad orthu Dé Sathairn, 2-18 in aghaidh 0-5. Dea-scéal a bhí ag Béal an Mhuirthead sa chraobh idirmheánach agus áit bainte amach acu sna babhtaí ceathrú ceannais tar éis dóibh Coillte Mach a bhualadh, 1-14 in aghaidh 2-8. Ba é Shane Nallen a fuair an cúl dóibh ó chic éirice.

Fág freagra ar 'An Ghaeltacht, Gaoth Dobhair agus An Rinn sásta, ach foirne Chonamara i dtrioblóid…'