An Ghaelscolaíocht molta ag an USI do thuismitheoirí na hÉireann

Tá Kevin Donoghue, Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn, tar éis a mholadh do thuismitheoirí na hÉireann a gcuid gasúr a chur chuig Gaelscoileanna mar gheall ar na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas

kev-profile
Kevin Donoghue, Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn

Tá ráite ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn USI inniu go mba cheart do thuismitheoirí a machnamh a dhéanamh ar a gcuid gasúr a chur chuig Gaelscoileanna nó scoileanna a fheidhmíonn go dátheangach toisc go dtuairiscítear gur fearr a bhíonn gasúir dhátheangacha i mbun réiteach faidhbe, agus gur fearr a dtuiscint ar chultúir eile. Tuairiscítear freisin gur lú seans go dtiocfaidh galar Alzheimer orthu agus iad ag dul amach sna blianta.

“Ní hamháin gur léiriú spleodrach dá bhféiniúlacht náisiúnta é líofacht sa teanga náisiúnta, agus cothaíonn sé oidhre díreach ó cheann de na teangacha is ársa san Eoraip. Tugann an tumadh dátheangach deis chumhachtach ar leith a láidreoidh cumas cognaíoch na ngasúr trí fhorbairt mheáite liteartha sa dá theanga agus teagmháil le taithí shaibhir theangeolaíoch,” a dúirt Kevin Donoghue, Uachtarán an USI.

Tháinig ráiteas an USI sna sála ar an eolas a tháinig ón Roinn Oideachais gur tháinig laghdú beag – ó 27.5% go 26.8% – ar chéatadán na ndaltaí bunscoile a cuireadh chuig Gaelscoil le dhá bhliain anuas.

Dúirt Donoghue cé nach titim ‘dhrámata’ a bhí ann, tá an USI ag gríosú tuismitheoirí ar fud na hÉireann chun an Ghaelscolaíocht a roghnú dá gcuid gasúr mar gheall ar na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas.