An Ghaeilge ina ‘príomhtheanga oibre’ ag 52% d’iardhaltaí scoileanna lán-Ghaeilge Bhéal Feirste – taighde nua

Tá taighde nua déanta ag POBAL faoi stádas oideachais agus fostaíochta iardhaltaí an ghaeloideachais i mBéal Feirste

An Ghaeilge ina ‘príomhtheanga oibre’ ag 52% d’iardhaltaí scoileanna lán-Ghaeilge Bhéal Feirste – taighde nua

Tá an Ghaeilge ina “príomhtheanga oibre” ag níos mó ná leath d’iardhaltaí scoileanna lán-Ghaeilge Bhéal Feirste, de réir taighde nua.

Ba iad POBAL, brúghrúpa Gaeilge atá lonnaithe i gcathair Bhéal Feirste, a rinne an taighde nua faoi stádas oideachais agus fostaíochta iardhaltaí an ghaeloideachais agus fuarthas maoiniú don saothar ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste.

Dúirt stiúrthóir POBAL Janet Muller inné gur “áis thábhachtach” atá sa taighde d’oideachasóirí agus grúpaí Gaeilge.

“Bhí ganntanas eolais ar fáil i dtaca le hoideachas, traenáil agus stádas fostaíochta iardhaltaí de chuid an ghaeloideachais i mBéal Feirste, agus in áiteanna eile, cé go bhfuil sé anois 45 bliain ónar osclaíodh na doirse sa chéad bhunscoil, Bunscoil Phobail Feirste,” ar dúirt stiúrthóir POBAL.

Tá an tuarascáil taighde bunaithe ar shuirbhé a rinneadh i measc 159 iardhalta de chuid scoileanna lán-Ghaeilge Bhéal Feirste.

Thug 51.6% de na daoine a ghlac páirt sa suirbhé le fios gurbh í an Ghaeilge an ‘príomhtheanga oibre’ acu.

72.3% de na freagróirí a dúirt gur bhain siad céim ollscoile amach, nó go raibh siad ag tabhairt faoi chéim faoi láthair. Thug 4.4% le fios go raibh máistreacht acu.

Dúirt 147 duine, nó 95%, go mbíonn an Ghaeilge á húsáid ina saol pearsanta acu ‘go minic nó ó am go chéile’ agus dúirt 86.6% go mbíonn an Ghaeilge á labhairt acu i measc cairde.

Thug 69.1% le fios go n-úsáideann siad an Ghaeilge ar na meáin shóisialta.

26.1% de na freagróirí a thug le fios go bhfuair siad a gcuid bunoideachais agus iar-bhunoideachais trí mheán na Gaeilge.

I measc na ndaoine a ghlac páirt sa suirbhé bhí iardhaltaí ó Bhunscoil Phobail Feirste, Gaelscoil na bhFál, Bunscoil an tSléibhe Dhuibh, Bunscoil Bheann Mhadagáin, Scoil an Droichid agus Bunscoil Mhic Reachtain.

B’iardhaltaí de chuid Bunscoil Phobail Feirste, an bhunscoil is sine sa chathair atá lonnaithe ar Bhóthar Seoighe, in iarthar na Cathrach, 66.9% de fhreagróirí an tsuirbhé.

Tugadh le fios gurb as ceantair faoi mhíbhuntáiste breis agus an tríú cuid de na freagróirí.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge ina ‘príomhtheanga oibre’ ag 52% d’iardhaltaí scoileanna lán-Ghaeilge Bhéal Feirste – taighde nua'