Leas bainte as an nGaeilge agus an cló Gaelach ag príosúnach le nótaí rúnda a scríobh le linn an Dara Cogadh Domhanda

Cothrom an ama seo 75 bliain ó shin a ghéill an tSeapáin sa Dara Cogadh Domhanda agus tá suíomh gréasáin nua seolta in ómós don Dr Frank Murray a bhí i ngéibheann ansin

Leas bainte as an nGaeilge agus an cló Gaelach ag príosúnach le nótaí rúnda a scríobh le linn an Dara Cogadh Domhanda

Tá suíomh gréasáin nua seolta in ómós do dhochtúir as Béal Feirste a d’fhoghlaim a chuid Gaeilge i Rann na Feirste i nGaeltacht Dhún na nGall agus a scríobh cuid dá nótaí dialainne i nGaeilge le linn dó a bheith ina phríosúnach cogaidh ag na Seapánaigh le linn an dara cogadh domhanda.

Cothrom an ama seo 75 bliain ó shin a ghéill an tSeapáin sa Dara Cogadh Domhanda agus ag a theaghlach atá an suíomh gréasáin nua seolta in ómós don Dr Frank Murray a bhí i ngéibheann ansin. Dochtúir in arm na Breataine ab ea Frank Murray, arbh as Béal Feirste ó dhúchas dó, agus chaith sé trí bliana ina phríosúnach cogaidh sa tSeapáin idir 1942 agus 1945.

Caitliceach agus náisiúnaí ab ea an dochtúir agus liostáil sé in arm na Breataine ag tús an chogaidh toisc imní a bheith air go bhféadfadh na Naitsithe ionradh a dhéanamh ar Éirinn. Nuair a bhí an Dr. Murray ag foghlaim Gaeilge i Rann na Feirste a casadh a bhean, Eileen O’Kane, air i 1929.

Bhaineadh an Dr. Murray úsáid as an nGaeilge agus an cló Gaelach agus é ag scríobh nótaí ionas nach mbeadh saighdiúirí na Seapáine, a raibh sé faoi choinneáil acu, in ann aon mheabhair a bhaint astu.

Bhí raidió i bhfolach ag na príosúnaigh chogaidh sa champa géibhinn agus scríobhadh an Dr. Murray blúiríní faoin nuacht ar pháipéar. Is i nGaeilge a scríobhadh sé cuid díobh agus fios aige nach mbeadh na Seapánaigh in ann aon chiall a bhaint aisti.

Nuair a bhíodh sé ag scríobh i mBéarla, bhaineadh sé úsáid as an gcló Gaelach d’fhocail áirithe chun go mbeadh sé níos deacra ag na Seapánaigh iad a léamh.

Tá cuid de na nótaí a scríobh an Dr. Murray le feiceáil ar shuíomh idirlín atá cruthaithe ag a mhuintir le comóradh a dhéanamh ar shaol an dochtúra – The Belfast Doctor.

Frank Murray sa lár le hata
Dr Frank Murray sa lár le hata

Gabhadh an Dr. Murray mí Feabhra 1942 nuair a ghéill fórsaí na Breataine Singeapór agus chaith sé trí bliana i gcampaí príosúin, i Singeapór ar dtús agus sa tSeapáin ina dhiaidh sin. Scaoileadh saor é mí Mheán Fómhair 1945 agus d’fhill sé ar an mBreatain dhá mhí ina dhiaidh sin.

Bronnadh an gradam MBE ar an Dr. Murray as an obair a rinne sé sna campaí géibhinn ag tabhairt aire do phríosúnaigh eile agus meastar gur chabhraigh sé leis na céadta saighdiúir ansin.

Bhásaigh sé ar an gCaisleán Nua i gcontae an Dúin i 1993.

Fág freagra ar 'Leas bainte as an nGaeilge agus an cló Gaelach ag príosúnach le nótaí rúnda a scríobh le linn an Dara Cogadh Domhanda'