An gcuirfear stop le ceannas na gConallach ar Chomórtas Peile na Gaeltachta?

Cuirfear tús le craobh sinsear Chomórtas Peile na Gaeltachta tráthnóna agus an corn buaite ag foirne Conallacha naoi n-uaire le deich mbliana anuas

An gcuirfear stop le ceannas na gConallach ar Chomórtas Peile na Gaeltachta?

Adhamhnán Ó Dochartaigh, captaen Naomh Conaill a bhuaigh Corn an Aire ag Comórtas Peile na Gaeltachta, 2016

Cé gur chuir Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail tús oifigiúil le Comórtas Peile na Gaeltachta 2017 aréir i dTuar Mhic Éadaigh, is inniu a chuirfear tús ceart leis an aicsean ar an bpáirc.

Idir chomórtais na bhfear agus chomórtais na mban, imreofar 14 cluiche inniu agus ní bheidh ag na foirne a chaillfidh ach 60 nóiméad d’imirt sa chomórtas.

Is i gcluichí ceathrú ceannais i gCraobh Sinsear na bhfear is mó a chuirfear suim inniu agus meastar go mbeidh foirne Dhún na nGall i measc na bhfoirne is láidre arís. Tá naoi gcraobh sinsear buaite ag cumainn ón chontae sin le deich mbliana anuas, agus ba iad Béal Átha an Mhuirthead, in 2010, an t-aon fhoireann nach as Tír Chonaill iad a bhuaigh an comórtas ó 2007.

Tá fir na nGleannta, Naomh Conaill, ar thóir a dtríú craobh sinsear as a chéile, gaisce nach bhfuil déanta ag aon fhoireann ó rinne Cill Chartha amhlaidh (1989-1991). Tá neart imreoirí aitheanta ar fhoireann Naomh Conaill, triúr a bhfuil boinn uile-Éireann acu ina measc, Anthony Thompson, Leo McLoone agus Dermot Molloy.

Tabharfaidh Naomh Conaill aghaidh ar fhoireann eile ó Dhún na nGall i gcluiche ceathrú ceannais an lae inniu ach, mar is gnáth na laethanta seo, ní bheidh a gcuid imreoirí contae ar fáil ag ceachtar acu, rud a fhágann nach bhfeicfidh muid beirt imreoirí lár páirce Dhún na nGall, Ciarán Thompson (Naomh Conaill) agus Ethan O’Donnell (Cloich Cheann Fhaola). Is trua sin agus bhí Ethan O’Donnell ar fheabhas i gcluiche ceannais na bliana seo caite.

Tá an fhadhb chéanna ag cur as don Ghaeltacht, atá ag iarraidh dul céim níos faide i mbliana tar éis dóibh an cluiche ceannais a chailleadh anuraidh. Ní bheidh teacht orthu ar bheirt dá gcuid cosantóirí, Brian Ó Beaglaoich nó Cathal Ó Lúing, agus iad gafa le foireann idirchontae Éamonn Mhic Mhuiris, agus tá scata imreoirí eile acu gortaithe. Mar sin féin beidh siad fós láidir agus leithéidí Marc Ó Sé, Éanna Ó Conchúir agus Seán M Ó Conchúir acu.

Beidh Béal an Mhuirthead, atá ag tabhairt aghaidh ar an nGaeltacht gan cosantóir idirchontae chomh maith agus Chris Barrett ag fáil réidh do chluiche craoibhe Mhaigh Eo in aghaidh na Gaillimhe an tseachtain seo chugainn.

Tar éis dóibh Craobh na Sóisear a bhuachan trí huaire le blianta beaga anuas, tá Oileáin Árann ag imirt sa chomórtas sinsear den chéad uair i mbliana. Beidh siad d’uireasa Seán Mulkerrins,captaen fhoireann mionúr na Gaillimhe, agus a lánchúlaí Caomhán Seoighe ach tá beirt acu, Colm Ó Braonáin agus Patrick Ó Domhnaill a bhí ar fhoireann faoi-21 an chontae a shroich cluiche ceannais na hÉireann níos luaithe i mbliana.

Tabharfaidh siad aghaidh ar Chill na Martra tráthnóna, dream nach bhfuil cluiche caillte acu sa chraobh nó sa tsraith go fóill in 2017. Tosach óg den scoth é Dan Ó Duinnín agus neart taithí acu chomh maith, go háirithe agus Noel O’Leary fós ag treabhadh leis i measc na gcosantóirí.

Sa chluiche ceathrú ceannais deireanach i gcomórtas na sinsear tráthnóna, tabharfaidh an Rinn aghaidh ar Bhulf Tón na Mí. Is é an t-iarimreoir contae Cian Ward naoscaire fhoireann Bhaile Átha Buí ach tá Stephen Sheppard agus Thomas O’Reilly go maith in ann scóranna a aimsiú chomh maith.

Murab ionann is go leor foirne uile, beidh fáil ag an Rinn ar a gcuid imreoirí idirchontae agus coicís fanta roimh an gcéad chluiche ag Port Láirge i mbabhtaí cáilithe na craoibhe. Ciallaíonn sé sin go mbeidh leithéidí Ray Ó Ceallaigh, Tadhg Ó hUallacháin, Donie Breathnach agus Lorcán Ó Corraoin, a d’imir don chontae i gcoinne Chorcaí i gcraobh na Mumhan, ar fáil agus an Rinn ag iarraidh Comórtas Peile na Gaeltachta a bhuachan den chéad uair.

Fág freagra ar 'An gcuirfear stop le ceannas na gConallach ar Chomórtas Peile na Gaeltachta?'