An fhiosracht nádúrtha maidir leis na bromaigh ná fuil briste go fóill…

Táimid tosnaithe arís ar an aistear sraithe naoi seachtaine a thabharfaidh chomh fada leis an gcluiche ceannais ar Dhomhnach Cásca sinn, an Domhnach deireanach sa Mhárta

An fhiosracht nádúrtha maidir leis na bromaigh ná fuil briste go fóill…

Anois agus níos mó ná beiriú spóla d’fhaid breise ar an lá nach cuí agus nach ceart go mbeadh an dá fhoireann a thug oiread taitnimh dúinn anuraidh, Doire agus Ciarraí, ag cur tús le feachtas Roinn 1 na sraithe ar a 5:30pm tráthnóna, díreach agus tointe deiridh de sholas an lae a bheith á sniogadh ón spéir i dTrá Lí.

Beidh cad é gleo is gleithearán sna soicindí sin sara gcaithfidh ár seana-chara, Joe McQuillan, an chaid in airde fé thuilsoilse Pháirc Aibhistín de Staic agus leis sin, beimid tosnaithe arís ar an aistear sraithe naoi seachtaine a thabharfaidh chomh fada leis an gcluiche ceannais ar Dhomhnach Cásca sinn, an Domhnach deireanach sa Mhárta.

Beidh a ndóthain feicthe agus foghlamtha againn go léir faoin dtráth sin chun luathéachtaint a thabhairt dúinn ar a bhfuil i ndán dár bhfoirne féin sa tsamhradh.

Bunaithe ar thaithí Mhaigh Eo anuraidh, b’fhéidir nár mhiste le scata foirne a ngoba a shá amach róluath sa bhliain ach tá léamh eile ag Ciarraí air sin. Aon uair cheana go raibh rath ar an Ríocht sa tsraith, bhí sé amhlaidh sa chraobh. Muna gcuirfir san earrach, ní bhainfir nuair atá fómhar le baint agus tá an tuiscint le tamall i gCiarraí ná beadh ceann acu ann gan an ceann eile.

Ná beir leat, mar sin féin, ón méid sin go gcaithfidh foirne bheith luite amach orthu féin ar fad an deireadh seachtaine seo ná go gcaithfidh siad bheith i Roinn 1 na sraithe fiú, is fada as é.

Cuimhnigh gur bhuaigh Áth Cliath craobh na hÉireann amach as duibheagán Roinn 2 anuraidh agus bhí Doire, foireann eile a bhí ag imirt i Roinn 2 anuraidh, ar cheann de na foirne a chuaigh i ngiorracht iongan de bheith sa chluiche ceannais in éineacht leo. Ba chóir go mbeadh sé déanta amach againn tar éis na tuargana sraithe idir Doire agus Áth Cliath i bPáirc na gCeilteach sa Mhárta anuraidh go mbeadh rath ar an dá fhoireann sa chraobh.

Bhí dóthain fianaise sa chluiche céanna, áfach, a chuirfeadh síol an amhrais ionat maidir le cumas an dá fhoireann. Sa chéad leath de shárchluiche bhí fuinneamh, faobhar agus gearradh in imirt Átha Cliath, iad ag gluaiseacht go cliste agus ag fiach nuair ba ghá na ruathair amach as na cúil ag Doire a chosc.

Fén bhfeadóg dheiridh, áfach, bhíomar lán go barra d’amhras an athuair. Ba léir gur thaispeáin Doire an iomarca measa dóibh sa chéad leath sin ach nuair a luíodar siúd amach orthu féin agus nuair a luíodar isteach in imreoirí Átha Cliath, tháinig Doire aniar aduaidh ar Áth Cliath chun an bua d’fháil ainneoin iad a bheith sé phointe chun deiridh.

Tá scéal na sraithe féin inste go beacht agus go hachomair sa chluiche sin idir Doire is Áth Cliath deich mí ó shin. Plúr na bhfoirne ag iarraidh a laigí a nochtadh dóibh féin d’fhonn foghlaim conas iad a cheilt agus iad ag an am gcéanna ag iarraidh a neart a cheilt san earrach ionas ná féadfadh a gcéilí comhraic aon ní le dealramh a fhoghlaim mar gheall orthu a fhágfadh lón machnaimh acu don samhradh.

An dtaca seo anuraidh bhí Doire agus Áth Cliath ag déanamh a gcuid tiargála is ag cleachtadh a gcuid lúbaireachta is ganfhiosaíochta i Roinn 2 agus fios go maith acu go raibh an scóip acu chun a leithéid a dhéanamh. Bhí an dá fhoireann eile a shroich cluichí leathcheannais na craoibhe, Ciarraí agus Muineachán, ar a gcroí díchill ag iarraidh iad fhéin a choimeád i Roinn 1.

Dhein Muineachán an rud a dheineann Muineachán coitianta sa bhabhta deireanach sraithe, iad ag buachtaint ar éigean ar Mhaigh Eo chun an deichiú bliain as a chéile i Roinn 1 a chinntiú dóibh féin in 2024. Cé gur chaill Ciarraí a gcluiche deireanach sraithe in aghaidh na Gaillimhe i mBóthar na Trá, bhí sé le rá ag Jack O’Connor ina dhiaidh nár theastaigh uathu an tsraith a bhuachtaint ar aon nós in 2023, amhail is gur rogha é an bris nó an bua sa tsraith! Agus bíonn iontas orainn i gCiarraí nuair a nochtar an tuairim lasmuigh den gcontae go bhfuil sotal is móraíocht ag baint linn!

B’fhéidir gur umhlú a bheadh i ndán d’fhoireann na Ríochta tráthnóna is Doire ag teacht le fuadar tar éis a dtaispeántais i gCorn Mhic Ginneá agus gaiscí an Ghleanna i gcraobh na gclub. Cuirfidh taibhse Mhickey Harte ar an dtaobhlíne le scamhadh agus spéis na muintire i dTrá Lí agus bí siúráilte ná beidh fonn ar cheachtar den dá thaobh an cluiche seo a chailliúint.

Is mór an trua ná beidh aoinne den bheirt Clifford ar fáil do Chiarraí agus b’fhéidir go mbeidh cúpla céad duine níos lú sa tslua dá n-éagmais, ach cinnteoidh an fhiosracht nádúrtha maidir leis na bromaigh ná fuil briste go fóill go dtiocfaidh lucht leanta na caide go tiubh mar sin féin. Tá seans gur ins na bromaigh chéanna a bheidh scéal na sraithe i mbliana!

Fág freagra ar 'An fhiosracht nádúrtha maidir leis na bromaigh ná fuil briste go fóill…'