An fhadhb is mó le Cúige Laighean na lathaenta seo; tá siad ag imirt gan treoir ná plean

Mura mbeidh athrú agus feabhas iomlán ar imirt an chúige, ní dóigh go mbeidh mórán seans acu áit sa gcluiche ceannais a bhaint amach

Luke Fitzgerald 14/4/2015
Luke Fitzgerald i mbun traenála i rith na seachtaine. ©INPHO/Donall Farmer

 

Beidh sos arís an deireadh seachtaine seo ag foirne an Pro 12, cé is moite de Chúige Laighean, an t-aon fhoireann amháin as an dá fhoireann déag a bhíonn ag imirt i gcomórtas an Pro 12 ar éirigh leo babhtaí leathcheannais Chorn na gCuradh a bhaint amach. Ciallaíonn seo gur ar Mharseille na Fraince a bheas trial fhir Átha Cliath an Domhnach seo agus dúshlán ollmhór rompu.

Ní bhíonn tada éasca maidir le bheith ag imirt i mbabhtaí leathcheannais aon chomórtas, agus níor cheart go mbeadh, ach tá dúshlán ar leith ag roinnt le bheith i gcoinne churaidh an chomórtais le dhá sheasúr anuas. Sin díreach an dúshlán atá roimh na Laighnigh, iad i gcoinne Toulon, curaidh rugbaí na hEorpa ó 2013 i leith agus foireann atá ar bharr tábla an “Top 14”,  comórtas inmheánach na Fraince sa rugbaí.

Is fiú a mheabhrú gur sa chúigiú háit ar thábla an Pro 12 atá Cúige Laighean, agus gan ach trí chluiche le n-imirt sna réamhbhabhtaí. Seans maith nach mbeidh aon áit dóibh i measc na gceithre fhoireann ar bharr an tábla a bheas ag imirt sna cluichí leathcheannais. Is léiriú eile é seo ar an mbearna ollmhór atá idir Toulon agus Laighean, ar pár ar aon chaoi. Ní hamháin sin, ní raibh Cúige Laighean thar mholadh beirte agus iad ag imirt sa mbaile i gcoinne Bhath sa gcluiche ceathrú ceannais coicís ó shin.

Bhí an t-ádh glan orthu gur éirigh leo an lá a thabhairt leo, iad ag imirt gan an plean ná an struchtúr a chinntigh gur éirigh leo greim a fháil ar an gcomórtas seo faoi dhó (2009, 2011) roimhe seo. Mura mbeidh athrú agus feabhas iomlán ar imirt an chúige ón gcluiche sin i gcoinne Bhath, chomh maith le cluiche na deireadh seachtaine seo caite sa bPro 12 i gcoinne na nDragons, ní dóigh go mbeidh mórán seans acu áit sa gcluiche ceannais a bhaint amach.

Mar sin féin, tá buanna, taithí agus imreoirí ag Cúige Laighean nach bhfuil ag mórán foirne eile. Tá imreoirí breátha, leitheidí Healy, Heaslip, O’Brien, agus Luke Fitzgerald acu. Más féidir leis an mbainisteoir, Matt O’Connor, cluiche agus plean nua a chur le chéile, cá bhfios céard a tharlódh?  Ach sin í an fhadhb le Cúige  Laighean na lathaenta seo; tá siad ag imirt gan treoir ná plean.

Beidh Claremont i gcoinne Saracens ar an Satharn sa gcluiche leathcheannais eile. Má éiríonn le Claremont an cluiche a d’imir siad sa gcluiche ceathrú ceannais a chur chun páirce arís an Satharn seo, beidh sé deacair áit sa gcluiche ceannais a cheilt orthu.

Go deimhin, is deacair cluiche ceannais i gCorn na gCuradh i dTwickenham ag tús an chéad mhí eile a shamhlú gan Toulon ná Claremont. Sin cluiche idir an chéad fhoireann agus an dara foireann ar thábla an ‘Top 14’. Níl mé cinnte an mbeidh mórán fáilte roimh chluiche ceannais den chineál sin, seachas sa bhFrainc, dar ndóigh!

Fág freagra ar 'An fhadhb is mó le Cúige Laighean na lathaenta seo; tá siad ag imirt gan treoir ná plean'

  • Riocard Ó Tiarnaigh (@riocard911)

    Eoghan, a chara, cad faoi 2012, nuair a bhfuair na Laighiní an bua in aghaidh na hUltaigh sa cluiche deireanach i Twickenham?