An féidir le scríbhneoir léargas a thabhairt dáiríre ar an néaltrú? Léiríonn Mac Dhonnagáin gur féidir…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: chuaigh an cur síos ag Tadhg Mac Dhonnagáin ar an néaltrú ina úrscéal mórdhíola Madame Lazare i bhfeidhm go mór ar ár gcolúnaí 

An féidir le scríbhneoir léargas a thabhairt dáiríre ar an néaltrú? Léiríonn Mac Dhonnagáin gur féidir…

Ar ndóigh bhí siad feicthe agam ar chúl an leabhair, an dá fhocal sin, ‘mearbhall intinne’.  

Agus gan dabht thuig mé, ón trácht ar fad ar líne agus ón ardmholadh a thug cairde de mo chuid don saothar, go bhfuil an néaltrú ina ghné lárnach d’úrscéal mórdhíola Thaidhg Mhic Dhonnagáin, Madame Lazare. 

Ach bhí sé ar nós an uair sin go raibh mé féin, mo dheartháir óg agus mo mháthair ag an dochtúir agus gur deimhníodh go raibh galar Alzheimer ar mo mham: chuala mé na focail ach ní dheachaigh a mbrí isteach i m’aigne.   

Bliain nó dhó ina dhiaidh sin, thuig mé cé chomh lofa agus a bhí galar Alzheimer dáiríre agus cé chomh tromchúiseach agus a bheadh an tionchar a bheadh aige ní hamháin ar shaol mo mháthar ach ar mo shaol féin.  

Agus in iarracht teitheadh ón ábhar oiread agus ab fhéidir chuir mé cosc orm féin leabhar ar bith a léamh a bhain leis an ngalar sin. 

Ach ansin nuair a bhí mé sa Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair le gairid den chéad uair ó bhí an phaindéim ann ar ndóigh níor fhéad mé gan cóip de MadameLazare a cheannach; bhí mé tar éis oiread rudaí maithe a chloisteáil faoi. Agus ansin ar ndóigh níor fhéad mé gan é a léamh. 

D’fhéadfá míle rud a rá faoi leabhar chomh hilghnéitheach agus chomh dea-scríofa le MadameLazare – an chéad rud a rithfeadh liomsa ná gur úrscéal Eorpach atá ann ar tharla gur i nGaeilge a scríobhadh é, agus gur úrscéal Gaelach é lena chois – ach ba mhaith liom díriú ar shliocht gairid amháin i dtreo dheireadh an leabhair ar fad. 

Sa sliocht sin, feicimid an saol trí shúile duine a bhfuil néaltrú uirthi. 

Mar a luaigh mé ag tús an cholúin seo, bheadh a fhios ag éinne a léifeadh blurba Madame Lazare go dtiocfaidh mearbhall intinne ar an bpríomhcharachtar i ndeireadh a saoil. (Ní luaitear galar Alzheimer go sonrach in aon áit sa scéal ach déanaim amach ó na comharthaí sóirt gurb é sin is cúis leis an néaltrú a thagann ar Madame Lazare.) 

Anois, seo an rud: tháinig sé aniar aduaidh orm ar fad gur trí shúile an othair a fhaigheann an léitheoir léargas ar an néaltrú sin. B’fhéidir gurb é an claonadh a bhí ionam teitheadh ó leabhair a bhaineann leis an ábhar is cúis leis – nó an taithí fhlúirseach atá agam féin a bheith ag breathnú ar an ngalar ón taobh amuigh – ach ní rithfeadh sé liom féin go deo, mar scríbhneoir, iarracht a dhéanamh cur síos a dhéanamh ón taobh istigh. Nó b’fhéidir go rithfeadh – ach ní bheadh an misneach agam: an bhféadfaí é a dhéanamh i gceart? An féidir le duine nach bhfuil néaltrú air féin léargas a thabhairt dáiríre ar aigne atá á hídiú? 

Léiríonn Tadhg Mac Dhonnagáin gur féidir. Níl ach sé leathanach sa sliocht ina dtumann sé in aigne scriosta Madame Lazare, agus bheadh aon cheo (sa dá chiall den fhocal sin!) breise iomarcach. Ach is go rímhaith a aithním an mearbhall, na hathruithe tobanna giúmair, an claochlú seasta agus, thar aon rud eile, an claonadh a bhíonn i ndaoine a bhfuil néaltrú orthu rudaí a chumadh, a chur as a riocht nó an chiall mhícheart a bhaint astu. 

Níl sa néaltrú ach gné amháin de scéal Madame Lazare, a mbaineann cuid mhór de le heachtraí a tharla i lár an chéid seo caite. Ach is í an ghné seo (mar aon leis an aistritheoir Gaeilge atá lonnaithe sa Bhruiséil!) a dhéanann úrscéal fíorchomhaimseartha de Madame Lazare. Agus líon na ndaoine a dtagann néaltrú orthu ag dul i méid seasta, is baolach nach féidir teitheadh ón ábhar sin sa scríbhneoireacht ficsin ach oiread. Agus léiríonn Tadhg Mac Dhonnagáin, bail ón mBé air, nach gá. 

Fág freagra ar 'An féidir le scríbhneoir léargas a thabhairt dáiríre ar an néaltrú? Léiríonn Mac Dhonnagáin gur féidir…'

  • Cluain Sceach

    Treise leis. Bhaineas ard-taitneamh as an leabhar so.

  • Pól Ó Braoin

    Leabhar den scoth. An slán fada a chuala mé ar an néaltrú. An-ghruama uilig ar an muintir atá an slán céanna. Tug aire don mham a dtagann an slán fada ina treo, bain taitneamh as na laethanta maithe mar ní féidir tada eile a dhéanamh ach é sin.