‘An faoileán a bhí ann,’ a dúirt an Babaí go diongbháilte…

Tá ‘stair’ ag ár gcolúnaí leis na faoileáin agus leathphunt slisíní bagúin hicearaí sciobtha ón mbeárbaiciú roimhe seo

‘An faoileán a bhí ann,’ a dúirt an Babaí go diongbháilte…

‘Mamaí! Ghoid faoileán m’úll amach as mo mhála scoile ag an bpáirc spraoi inniu!’ a d’fhógair an Babaí agus é ag teacht isteach an doras ón gcampa samhraidh agus é corraithe.

Ba chuma liom ach níorbh aon ghnáth-úll a bhí ann. Úll an-speisialta a bhí ann a cheannaigh muid sa siopa glasraí is fearr ar domhan an lá roimhe sin.

Níor deineadh an oiread cainte faoi aon úll ón lá siúd i nGairdín Phárthais nuair a chuir an nathair ina luí ar Éabha úll a ithe ó chrann na haithne.

Dá mbeadh a fhios againn cén deireadh a bheadh ar an scéal b’fhéidir go gcuimhneodh muid arís orainn féin sula seasfadh muid ar leac an dorais Tigh Ernie ag déanamh suntais do na húllaí breátha.

‘Meas tú cén t-úll a cheannóidh mé?’ a d’fhiafraigh an Babaí díom.

Granny Smith domsa,’ arsa an Cailín Mór Beag. ‘Pink lady domsa!’ a deir an Bheainín.

Níor labhair an Babaí. Thosaigh sé ag imeacht ó bhosca go bosca ag léamh ainmneacha na gcineálacha úill.

‘Seo leat,’ a dúirt mé leis, ‘pioc ceann acu.’

Ar deireadh stop sé ag bosca úlla Braeburn. ‘Breathnaigh ar an úll seo Mamaí,’ a deir sé go moltach. Bholaigh sé dhó le teann aoibhnis.

‘Gabh isteach is ceannaigh iad,’ a dúirt mé ag síneadh deich euro chuige.

Maidin lá arna mhárach nigh mé na húllaí is chuir mé loinnir iontu leis an gceirt agus leag mé ceann acu ar chaon bhosca lóin, a haon, a dó, a trí.

‘An bhfuil tú cinnte gur faoileán a ghoid an t-úll?’ a d’fhiafraigh mé den Bhabaí.

Tá a fhios agam go bhfuil na faoileáin dána go leor ach go bhfóire Dia uilig orainn más ag dul isteach sna málaí scoile atá siad anois. An mbeadh faoileán in ann an zip ar mhála droma a oscailt? Is dá mbeadh, an mbeadh sé in ann an t-úll a thabhairt leis?

‘Tá mé 100% cinnte Mamaí, rinne mé dearmad an zip a dhúnadh is chaithfeadh go ndeachaigh an faoileán isteach sa mála.’

‘Ach an bhfaca tú an faoileán?’ a dúirt mé is an mhistéir ag éirí níos casta agus níos casta.

‘Bhí faoileáin chuile áit!’ a deir sé.

Cé a thógfadh orthu é? Dá mba faoileán mise bheinn thíos ag an bpáirc spraoi freisin ag faire ar ghreim. Chaithfeadh go mbíonn na faoileáin i bhflaithis Dé aimsir na gcampaí samhraidh.

Is dóigh gur cheart dom a rá go bhfuil ’stair’ againn leis na faoileáin. Tá cathú orm i gcónaí i ndiaidh an leathphunt slisíní bagúin hicearaí a sciob faoileán uainn ón mbeárbaiciú.

Chuaigh Fear an Tí isteach sa teach nóiméad le rud éigin a fháil is nuair a tháinig sé ar ais bhí an faoileán idir spéir agus talamh is an pacáiste bagúin ina ghob aige. Buíochas mór le Dia níor thug sé leis na hispíní chomh maith.

D’oscail an Babaí an mála droma is chuaigh sé ag cartadh. Tharraing sé amach an t-úll draíochta is shín sé chugam é. ‘Shíl mé go raibh sé goidte,’ a dúirt mé.

‘Níl faoileáin in ann úllaí a iompar Mamaí,’ a dúirt sé amhail is go raibh seafóid orm. ‘Ach breathnaigh céard a rinne sé.’

Bhí scoilt gharbh san úll amhail is go raibh piocadh bainte as. ‘Déarfainn gurb é an chaoi gur thit an t-úll,’ a dúirt mé.

‘An faoileán a bhí ann,’ a dúirt sé go diongbháilte.

Fág freagra ar '‘An faoileán a bhí ann,’ a dúirt an Babaí go diongbháilte…'