An fadscannán Gaeilge Róise & Frank le taispeáint i bpictiúrlanna i Stáit Aontaithe Mheiriceá

Is é Róise & Frank an dara scannán Gaeilge le mí anuas ar éirigh leis lucht dáileacháin i Meiriceá a mhealladh

An fadscannán Gaeilge Róise & Frank le taispeáint i bpictiúrlanna i Stáit Aontaithe Mheiriceá

Tá fadscannán Gaeilge nua le taispeáint i bpictiúrlanna i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus na cearta do Róise & Frank ceannaithe ag comhlacht dáileacháin ansin, Juno Films.

Is é Róise & Frank, atá á thaispeáint i bpictiúrlanna in Éirinn faoi láthair, an dara scannán Gaeilge an mhí seo ar éirigh leis lucht dáileacháin i Meiriceá a mhealladh chun margadh a dhéanamh.

Fógraíodh níos túisce an mhí seo go raibh An Cailín Ciúin, an scannán Gaeilge is mó rath riamh, le taispeáint i Meiriceá.

Is é An Cailín Ciúin atá roghnaithe mar iontráil na hÉireann ar ghradaim Oscar na bliana seo agus tá beagnach €1 milliún déanta aige ag oifig na dticéad.

Ach an oiread leis an scannán sin, tá gradaim idirnáisiúnta agus léirmheasanna moltacha faighte ag Róise & Frank, scannán faoi bhaintreach mná a chreideann go bhfuil a fear chéile tagtha ar ais i gcruth gadhair.

Dúirt léirmheastóir Tuairisc gur scannán “tochtmhar greannmhar” a bhí ann agus gur “cleite eile i gcaipín Cine 4” é.

Tá sé i gceist ag lucht Juno Films an scannán Gaeilge a chur amach sna pictiúrlanna i dtús 2023 “chun gruaim an gheimhridh a mhaolú”.

Tá roinnt duaiseanna buaite ag Róise agus Frank, ina measc an gradam don ensemble is fearr ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath.

Bhuaigh an scannán, a scríobh agus a stiúir Peter Murphy agus Rachael Moriarty, Gradam an Lucht Féachana agus duais airgid ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Sonoma agus Gradam an Lucht Féachana ag Féile Santa Barbara.

Rinne an comhlacht Macalla Róise agus Frank faoin scéim Cine4 a fhaigheann maoiniú ó TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann.

Tá ualach gradam buaite ag scannáin de chuid Cine4 le tamall anuas agus moladh mór faighte ag leithéidí An Cailín CiúinFoscadh agus Arracht.

Fág freagra ar 'An fadscannán Gaeilge Róise & Frank le taispeáint i bpictiúrlanna i Stáit Aontaithe Mheiriceá'