Róise & Frank – scéal tochtmhar greannmhar agus cleite eile i gcaipín Cine4

Cé go bhfuil an cumha agus an bás láidir mar théamaí san fhadscannán Gaeilge is déanaí, is scannán greannmhar éadromchroíoch, áiféiseach iontach é chomh maith

Róise & Frank – scéal tochtmhar greannmhar agus cleite eile i gcaipín Cine4

Róise & Frank
Stiúrthóirí/Scríbhneoirí: Rachael Moriarty agus Peter Murphy
Cliar: Bríd Ní Neachtain, Cillian Ó Gairbhí, Lorcan Cranitch, Ruadhán de Faoite

Tá gaoth i seolta Cine4 gan aon agó. Tá leithéidí Finky, Arracht, An Cailín Ciúin agus Foscadh tar éis an lucht féachana agus léirmheastóirí araon, abhus agus thar lear, a chur fé dhraíocht. Cleite eile i gcaipín na scéime é Róise & Frank.

Is diail an ruthag é.

Tá duaiseanna náisiúnta is idirnáisiúnta gnóthaithe ag an saothar seo, duais foirne ag Féile Scannánaíochta Idirnáisiúnta Átha Cliath agus duaiseanna lucht féachana ag féilte i Meiriceá ina measc.

Tá Róise (Ní Neachtain) croíbhriste i ndiaidh bhás a fir, Frank. Saol aonaránach, scoite á caitheamh aici i nGaeltacht na nDéise. Lá de na laethanta tagann gadhar an doras chuici agus tosnaíonn sé ag sodar ina diaidh de shíor. Lena chois sin léiríonn sé tréithe an fhir nach maireann; dúil mhíchuibheasach sa stéig agus san iomáint aige mar aon le nós suí i gcathaoir an fhir. Diaidh ar ndiaidh taibhsítear di gurb é an gadhar seo a fear céile i gcruth eile.

Ceapann muintir na háite, a mac féin, Alan, (Ó Gairbhí) ina measc, go bhfuil sí ag imeacht le craobhacha. Ag an am céanna téann an gadhar i bhfeidhm ar bhuachaill óg áitiúil, Maidhcí (de Faoite). Tá an buachaill cúthail seo ag streachailt go sóisialta agus ó thaobh na hiománaíochta. Cabhraíonn an gadhar mistéireach seo leis dris chosáin an tsaoil a shárú. Rud amháin a rith liom ná go mb’fhéidir go ndéanfadh sé an scéal níos snasta agus níos téagartha fós dá mba gharmhac le Frank é Maidhcí. Tharraingeodh sé na príomhcharachtair agus na cuaranna scéalaíochta le chéile.

Cé go bhfuil an cumha agus an bás láidir mar théamaí sa saothar seo is scannán greannmhar, éadromchroíoch, áiféiseach, iontach é ag an am céanna. Is maith san mar má tá aon ábhar gearáin againn faoi shaothair Cine4 go dtí seo sin é go bhfuil siad an-duairc agus gruama.

Is mór an faoiseamh an chúis gháire. Dar liom go bhféadfadh a thuilleadh adhmaid a bheith bainte as an toise ghrinn.

Deineadh na míreanna iománaíochta a chur inár láthair go paiteanta; iad fuinniúil, nádúrtha agus scileanna an spóirt á léiriú go soiléir. Tugann Bríd Ní Neachtain taispeántas nótáilte uaithi mar is dual di. Bean atá ag iarraidh dul i ngleic le briseadh croí an bháis. Tá tacaíocht bhreá aici ó Ó Gairbhí, mar an mac atá cráite ag a hiompar. Cuimhním ach go háirithe ar an radharc sa chairt agus deora i gceann a chuid súl fad is a bhí an t-amhrán ab ansa lena athair á chasadh. Tá taispeántas iontach leis ó Ruadhán de Faoite mar Mhaidhcí.  D’fhéadfaí saothar ar leith a bhunú timpeall ar an aisteoir óg cumasach seo.

Caithfear aitheantas a thabhairt chomh maith don ghadhar, don traenáil ach go háirithe. Obair phointeáilte agus nádúrtha!

Cumha an bháis, draíocht na hiománaíochta agus cúis gháire i scéal suaithinseach ó Ghaeltacht na nDéise.

Fág freagra ar 'Róise & Frank – scéal tochtmhar greannmhar agus cleite eile i gcaipín Cine4'