An dtuigeann daoine anois cé chomh mírialta is atá saol imreoirí na linne seo?

B’fhiú d’imreoirí CLG smaoineamh ar na laethanta nach mbíodh aon aird ar an scór

An dtuigeann daoine anois cé chomh mírialta is atá saol imreoirí na linne seo?

Mar a scríobh mé cheana anseo ní bheinn ródhóchasach go mbeidh mórán cluichí againn i mbliana (má bhíonn aon cheann againn). Deir CLG nach mbeidh aon chluichí againn go dtí mí Dheireadh Fómhair.

Go dtí seo bhí cúrsaí mar a bhí ón tús maidir le scaipeadh an Covid-19.

Anseo in Éirinn tá na srianta dianghlasála fós i bhfeidhm agus i gceann seachtaine a thosófar ar an scaoileadh mall srianta. Dar ndóigh, braitheann gach rud ar na huimhreacha, líon na ndaoine atá ag fáil bháis de bharr an víris, líon na ndaoine atá á tholgadh agus líon na ndaoine sna haonaid dianchúraim.

Is léir go bhfuil mórán atá nua agus difriúil sa ‘normal’ nua seo. Táimid go léir ag maireachtaint gan spórt agus cinnte is rud nua é seo dúinn i ré ina mbíodh spórt de shórt éigin againn ar ár scáileáin gach lá den bhliain.

Maidir le himreoirí Chumann Lúthchleas Gael n’fheadar conas mar atá siad ag dul i dtaithí ar an saol nua seo, go háirithe na himreoirí idirchontae.

N’fheadar an bhfuil mórán díobh ag teacht ar thuiscint de réir a chéile ar cé chomh mírialta is atá saol imreoir na linne. N’fheadar an bhfuil mórán díobh atá imithe glan scuabtha as a meabhair d’uireasa cluichí? Nó an bhfuil mórán díobh tar éis a thuiscint nach raibh ina saol ach an spórt agus nach maith an rud é sin?

Mar a fheicimse é, tá cúrsaí spóirt á gcur dá stiúir go hiomlán le tamall blianta. Tá éirithe ródháiríre ar fad agus an chuid is mó de na himreoirí idirchontae ag cur an iomad ar fad isteach sa spórt. Tá an chothromaíocht an-tábhachtach dár meabhairshláinte ach tá an bhéim go léir anois sa chluiche idirchontae ar an mbua agus ar imreoirí a bheith ag caitheamh oiread ama agus is féidir ag prapáil do chúpla cluiche tábhachtach sa bhliain.

N’fheadar cén seasamh atá coincheap na rannpháirtíochta ag aon leibhéal sa CLG? I mo thuairim féin tá an iomarca béime ar an mbua a fháil sna comórtais chlub agus idirchontae. Is minic é cloiste agam ó shean-imreoirí gur bhaineadar níos mó sásaimh as an ngrád sóisir B a d’imríodar nuair a bhíodar ag dul in aois ná aon ghrád eile.

Bhí caitheamh aimsire agus spórt ceart i gceist agus gan oiread céanna béime ar an mbua. Faraor, ní raibh (agus ní bhíonn) leath a dhóthain cluichí eagraithe ag an ngrád íseal sin.

Bhíos ag múineadh i scoil bheag tuaithe don chúpla bliain dheireanach de mo shaol múinteoireachta. Gach lá bhíodh cluiche peile sa chlós tarmac. Chuaigh an spás imeartha trasna an chlóis agus thuig na páistí nach raibh ag imirt go mbeadh cluiche ann gach lá agus de ghnáth d’fhan siad amach as an spás beannaithe.

Bhí cead ag gach páiste, idir bhuachaillí agus chailíní a bhí i rang a ceathair, a cúig agus a sé imirt. D’imríodh an chuid is mó díobh. Piocadh foirne difriúla gach lá agus d’imríodh na foirne céanna sa dá bhriseadh lóin.

Níor coimeádadh aon scór.

Ní raibh ach cúil ceadaithe mar bhí ba sa pháirc ar thaobh amháin dínn agus sruthán ar an taobh eile.

Is minic dar ndóigh a théadh an pheil isteach san uisce agus chaithfí an cluiche a stopadh go dtí go dtiocfadh an dalta as rang a sé ar ais leis an bpeil.

Níor ceadaíodh ach liathróid amháin a úsáid gach lá.

Bhíodh páistí ag ithe an lóin i rith an chluiche agus bhíodh páistí ag dul isteach go dtí an leithreas nuair ba ghá sin. Is minic a gortaíodh páistí ar an talamh crua.

Stopadh an cluiche agus dheintí an t-othar a leigheas. Ansin nuair a bhuaileadh an clog, stopadh an cluiche agus shiúladh gach duine isteach.

Maith go leor a deir tú.

Ach an rud is iontaí faoi na cluichí sin nach mbíodh aon réiteoir ann. Ní bhíodh aon línte bána i gceist. Ní bhíodh aon ghearán nuair a bhíodh an cluiche ag dul i do choinne. Ní bhíodh aon chaint faoin scór.

Agus nuair a bhuaileadh an clog stopadh an cluiche glan gasta.

Ag an dara briseadh thosnaíodh an spórt arís agus baineadh an taitneamh céanna as.

Bhíodh aclaíocht an lae déanta acu amuigh faoin aer lena gcairde agus gan aon chaint faoin mbua nó aon argóint. 95% de na cluichí a bhíodh againn ní raibh aon fhadhb leo agus chuirfeadh sé gliondar ar do chroí páistí a fheiceáil ag imirt spóirt gan aon bhreithiúnas a dhéanamh ag aon duine orthu sa spás beannaithe sin.

Sin é.

Caitheamh aimsire, iomaíocht agus cairdeas, agus é sin go léir in éineacht againn sa spórt.

Fág freagra ar 'An dtuigeann daoine anois cé chomh mírialta is atá saol imreoirí na linne seo?'