An dtabharfá vóta d’iarrthóir a chuirfeadh tuairimí mar seo faoi do bhráid…

Tá tú bréan de chúrsaí polaitíochta? Tá cur chuige nua uait? An dtabharfá vóta d'iarrthóir a chuirfeadh tuairimí mar seo faoi do bhráid?

Votailcathal

 

Hello, gabhaim mo leithscéal, ní chuirfidh mé moill ort. Táim ag iarraidh ar dhaoine tacaíocht a thabhairt dúinn. Seo chugat cóip dár mbileog nua.

Léifidh mé é agus fáilte. Níl meas dá laghad agam ar pháirtí ar bith, sa rialtas ná sa bhfreasúra. Tá dream nua ag teastáil go géar.

Tá áthas orm é sin a chloisteáil. Sílimid go bhfuil fís agus meon agus atheagrú ó bhonn ag teastáil sa tír. Ní foláir cúl a thabhairt le cur i gcéill agus le cleasaíocht. Má theastaíonn ionracas agus díograis uait, bí linn.

Ionracas, a dúirt tú. Cogar, an bhfuil an scéal a chuala mé fíor? An raibh baint agat le páirtí eile go dtí le gairid?

Bhí, agus tá áthas orm gur chuir tú an cheist. Tá fáilte inár bpáirtí roimh dhaoine nach raibh aon bhaint acu le pairtí polaitúil, agus le daoine a bhí i bpáirtí eile go dtí seo ach atá tinn tuirseach den ráiméis agus den chladhaireacht atá i réim iontu.

Ach chuala mé go raibh anmniúchán sa toghchán á lorg agat agus nár éirigh tú as go dtí go raibh sé soiléir nach bhfaighfeá é?

Ní hea in aon chor. Bhí daoine éagsúla a raibh meas agam orthu ag moladh dom seasamh, agus níor thug mé an t-eiteachas dóibh. Ach bhí a fhios ag gach duine go roghnófaí mo dhuine faoi dheireadh. Is mar gheall ar cheisteanna níos doimhne a d’imigh mé.

Bhuel, is mó mo spéis i ‘rudaí nios doimhne’ freisin. Cén sórt athrú a thiocfadh ar rialú na tíre dá mbeadh deis agaibh a bheith páirteach i rialtas?

Ceist chiallmhar. Geallaimidne macántacht, oscailteacht, trédhearcacht, plé dáiríre, stuaim, fair play do chách, béim ar fhostaíocht, riar agus reacht ar na sráideanna, cosaint ar shaol na tuaithe, cur chun cinn na Gaeilge, feabhsú…

Gabhaim mo leithscéal. Chuala mé, agus cloisfidh mé arís gan dabht, aidhmeanna dá leitheid á bhfógairt ag gach páirtí.

Ach an gcreideann tú iad?

Ní chreidim.

Tá go leor daoine ar aon tuairim leat. Sin é an fáth gur chóir, sílim, deis a thabhairt do dhaoine atá ag seasamh amach ó na páirtithe traidisiúnta.

Bhuel, léifidh mé an bhileog. Ach cogar, céard faoi na táillí uisce seo?

Níl an cheist sin pléite againn fós.

Tá cuid agaibh ina bhfabhar, agus cuid eile ina gcoinne? Agus geallann sibh cead do gach teachta dála vótáil de réir a choinsiasa?

Geallann. Cead a ba chóir a bheith ann le fada.

Ach cé mar is féidir ceist chrua, táillí uisce mar shampla, a réiteach má tá cead ag gach teachta vótáil de réir a thola?

Dá ndéanfaí amhlaidh i ngach páirtí, réiteodh an móramh an cheist, gan brú a chur ar dhuine cúl a thabhairt lena gcoinsias.

Ach mar is eol dúinn, ní dhéanfaidh siad amhlaidh. Idir an dá linn, ní féidir libh tuairim aontaithe a nochtadh ar chúrsaí uisce. Ná ar cheisteanna tábhachtacha eile.

Beidh na hábhair seo go léir á bplé againn. Dáiríre, is ag iarraidh do spéis inár gcur chuige ginearálta a mhúscailt atáim faoi láthair. Ach féach, léigh an bhileog. Beidh mé ag caint leat arís, tá súil agam. Slán agat!

Cinnte, léifidh mé é. Slán leat!

– Nóta: Níl aon chosúlacht idir an comhrá thuas agus tuairim ar bith atá fógartha ag eagraíocht pholaitiúil ar bith.

Is láithreoir ar ‘Morning Ireland ‘ ar RTÉ Raidió a haon é Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'An dtabharfá vóta d’iarrthóir a chuirfeadh tuairimí mar seo faoi do bhráid…'