An draíocht agus an dílseacht a thugann spórt leis isteach i gcroí an duine

Is gaire na dathanna glasa, dearga agus buí do chroíthe mhuintir Cheatharlach ná aon rud eile ar domhan

An draíocht agus an dílseacht a thugann spórt leis isteach i gcroí an duine

Idir pheil agus Iománaíocht imreofar leathdhosaen cluiche thar a bheith tábhachtach i gcraobhacha sinsearacha Chumann Lúthchleas Gael an deireadh seachtaine seo.

Caith aon amharc amháin orthu agus ar an toirt beidh ar do chumas inseacht cé acu is lú ar a gcaithfidh na nuachtáin náisiúnta dúch, nó cé acu is lú a dtabharfaidh stáisiúin teilifíse agus raidió na tíre aird air.

Ní hé go bhfuil an chuid is mó dínn féin gan locht ach an oiread. Má tá tú in ann a inseacht cé na dathanna atá ar gheansaithe fhoirne Cheatharlach tá cuid de do pheacaí maite duit. Cuir ainm ar thriúr de na peileadóirí a d’imir in aghaidh Nua-Eabhrac i gCraobh Tailteann inné agus tá beagán eile aitheantais ag dul duit.

Ainmnigh a mbainisteoir agus ní bréag ‘anorac’ a thabhairt ort. Bhí lá den saol ann nuair ba é a bhí i gceist leis siúd ná an ball éadaigh a dhear na hEiscimigh lena chinntiú nach ndéanfaí cnap seaca díobh. Inniu is cosúil go ndéanann sé cur síos ar chréatúr atá “socially inept and studious or obsessive person with unfashionable and largely solitary interests”.

Ní mise a dúirt sin ach an Oxford University Press.

Dá mba as galántacht a gcuid geansaithe agus a gcuid brístí a bhí gradaim á dtabhairt amach d’fhoirne idirchontae CLG tharlódh go mbeadh oiread craobhacha ag Ceatharlach agus atá buaite ag peileadóirí Chiarraí agus ag iománaithe Chill Chainnigh eatarthu ar pháirceanna na himeartha.

Níl mórán feisteas níos lonraí ná níos glédhaite in aon spórt ar fud an domhain – glas, dearg agus buí.  Iad níos tarraingtí anois ná a bhí ariamh ag an gcaoi a bhfuil dearthóirí an lae inniu in ann iad a mheilt isteach ina chéile.

As na 26 contae, is i Liatroim (35,000) agus i Longfort (46,500) amháin atá fáil ar dhaonra atá níos lú ná atá i gCeatharlach. 25 club peile de chuid CLG atá ann agus Cumann Iomána Cheatharlach, gur leis an bhfuinseog amháin a bhíonn siad ag plé.

Faoi seo ní milleán don léitheoir a bheith den tuairim gur tráchtas eile é seo a bhaineann leis an íochtarán, leis an éadóchas agus leis na pócaí folmha.

Ach ní hea.

Is leis an draíocht agus leis an dílseacht a thugann spórt leis isteach i gcroí an duine a bhaineann sé. Leis an mbealach gur féidir leis an splanc sin plúchadh a dhéanamh ar an éadóchas agus ar na cuimhní ar fad atá stóráilte san inchinn.

Bliain i ndiaidh bliana, cuirtear le stór na gcuimhní sin. Fós ligtear i ndearmad iad (más go sealadach féín é) nuair a thosaíonn an ceol in athuair. Tá banna Cheatharlach ag seinm i gcónaí.

Is gaire na dathanna glasa, dearga agus buí sin do chroíthe mhuintir Cheatharlach ná aon rud eile ar domhan, fiú murar bhuaigh siad Craobh na hÉireann ariamh ná Craobh Laighean ó 1944.

Ní hé nach raibh agus nach bhfuil peileadóirí maithe i gCeatharlach – sí an fhadhb nach raibh dóthain acu ann.

Ó bhuaigh an Cabhán Corn Mhig Uidhir i 1952 is iad Uíbh Fhailí (1971 & 1982) an t-aon chontae ina bhfuil daonra níos lú ná 100,000 ann a bhuaigh Craobh Peile na hÉireann. Go deimhin tá os cionn 150,000 de dhaonra sna deich gcontae eile a bhí ina seaimpíní san achar sin.

I mbeagán focal, níl ar chumas leithéidí Liatroma, Longfoirt, Cheatharlach, Fhear Manach etc. a dhul i gcoimhlint leis sin.

Cuireann Craobhacha Peile na gClubanna go mór leis an argóint sin. Ó theacht na Mílaoise tá Craobh Sinsearach Laighean buaite ag Mullach a’ Leachta (Longfort), Garraí an Chaisleáin (Iarmhí), Port Laoise, ag Ráth Naoi (Cill Mhantáin) agus ag Cumann Uí Anracháin as Ceatharlach féin. Idir 1992 agus 1998 bhuaigh Éire Óg, Ceatharlach Craobh Laighean 5 uaire agus ba in athimirt a buadh orthu i gCluiche Ceannais na hÉireann i 1993.

Bliain i ndiaidh bliana feiceann muid clubanna as contaetha beaga ag tabhairt a ndóthain le déanamh do na piardaí ina gcuid comórtas siúd, ach cheal uimhreacha, ní bhaineann sin leis na comórtais idirchontae.

Is féidir an rud céanna a rá faoin iománaíocht. Níl sé ach dornán blianta ó bhain Raonaithe Stua Laighean as Ceatharlach Cluiche Ceannais Sinsearach na gClubanna amach.

Ar fhaitíos go bhfuil sé dearmadta agat, tá foireann iomána Cheatharlach an lae inniu beo beathaíoch san iomaíocht fós ar Chorn Liam Mhic Cárthaigh na bliana seo.

Coicís ó shin bhuaigh siad ar Uíbh Fhailí i gCluiche Ceannais Chorn Sheosamh Mhic Dhonnchadha agus Dé Sathairn seo chugainn imreoidh siad féin agus Áth Cliath a chéile i Réamhbhabhta Ceathrú Ceannais na hÉireann ar Pháirc an Chuilinnigh.

Ní minic a éiríonn liom labhairt ar CLG i gCeatharlach gan tagairt a dhéanamh do cheann de chlubanna an chontae a bhfuil gean faoi leith agam ar a n-ainm. Sin iad ar ndóigh ‘Na CoilighThrodacha/Troda/Troidhe’. Feicim na trí leagan in úsáid, an litriú is deireanaí acu a úsáideann siad féin.

As teach tábhairne den ainm céanna atá suite ag crosbhóthar tuairim naoi gciliméadar ó dheas de bhaile Cheatharlach a fuaireadar an t-ainm. Leath bealaigh idir an crosaire sin agus an Tulach atá an pháirc atá acu in áit a bhfuil Baile an Fhionraí mar ainm air.

Bíonn sé ina sháraíocht freisin faoi sin.

Ballynunnery atá i mBéarla air cé nach feasach dom aon chlochar a bheith sa gceantar ariamh. Tá siad ann a chreideann gur Baile an Iomaire ba chirte a thabhairt air.

Rud amháin nach féidir easaontú leis is ea go mba leis an gcumann a d’imir Seán O’ Brien a chuid peile. Fiú agus áit bhuan aige ar fhoireann rugbaí na hÉireann in 2014, d’imir sé cluichí leis na Coiligh i Roinn 5 de Shraith Peile an chontae.

Faoin am sin bhí an gradam Imreoir Rugbaí na Bliana san Eoraip (2010 – 2011) buaite aige, Imreoir Rugbaí na Bliana in Éirinn ab ea é agus d’ainmnigh an Bord Idirnáisiúnta Rugbaí é ar dhuine den chúigear ab fhearr a d’imir i gCorn an Domhain san Astráil.

Tá an glas, dearg agus buí go smior sa Tullow Tank freisin, an dtuigeann tú.

Fág freagra ar 'An draíocht agus an dílseacht a thugann spórt leis isteach i gcroí an duine'