An deichiú plean teanga faofa agus plean ceadaithe d’oileán Gaeltachta den chéad uair

Deir Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go dtuigeann sé an ‘frustrachas’ atá ar ghrúpaí pleanála teanga maidir leis an bpróiseas, ach mhaígh sé go léiríonn ‘an luas lena bhfuil na pleananna teanga á gceadú i mbliana gurbh fhiú an obair dhian a rinne siad’

An deichiú plean teanga faofa agus plean ceadaithe d’oileán Gaeltachta den chéad uair

Tá an deichiú plean teanga faofa ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh agus €100,000 thar thréimhse bliana fógartha do Chomharchumann Árainn Mhór chun oifigeach pleanála teanga a fhostú agus tús a chur leis an obair ar phlean an oileáin Ghaeltachta.

Is é seo an chéad phlean atá ceadaithe d’oileán Gaeltachta.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go dtuigeann sé an “frustrachas” atá ar ghrúpaí pleanála teanga maidir leis an bpróiseas ach mhaígh sé go “léiríonn an luas lena bhfuil na pleananna teanga á gceadú i mbliana gurbh fhiú an obair dhian a rinne siad”.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá plean teanga le hullmhú i 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Dar leis an Aire Stáit go bhfuil “borradh” anois faoin bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht.

“I ndiaidh Achtú Acht na Gaeltachta in 2012, rinneadh go leor oibre tábhachtaí ar leibhéal oifigiúil, ach thairis sin agus níos tábhachtaí fós, ar leibhéal pobail, ar obair í atá dírithe ar an bpróiseas pleanála teanga a dhaingniú mar bhealach chun an teanga a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile.

“Tá an cúram dian glactha ag pobail áitiúla orthu féin go dúthrachtach díograiseach chun pleananna teanga a chur le chéile. Cé gur chuir an obair frustrachas orthu amanna, léiríonn an luas lena bhfuil na pleananna teanga á gceadú i mbliana gurbh fhiú an obair dhian a rinne siad,” a dúirt an tAire Stáit Joe McHugh.

Tá €1.04 milliún ceadaithe cheana don naoi bplean eile a bhfuil glactha leo go dtí seo – Maigh Eo Thuaidh, Múscraí, Cois Fharraige, Na Déise, Cloich Chionnaola, Ciarraí Theas, Ciarraí Thiar, Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh agus Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire, Loch an lúir.

Tá lucht Roinn na Gaeltachta ag súil go mbeidh cúig phlean eile faofa ag an Aire Stáit roimh dheireadh na bliana.

Beirt oifigeach pleanála teanga atá ceaptha sa Ghaeltacht go dtí seo, Micheál Mac Aoidh a bheidh freagrach as Plean Teanga Chloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh agus Dónall Ó Cnáimhsí atá ceaptha ina oifigeach pleanála teanga do Ghaoth Dobhair.

Thréaslaigh Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh le Comharchumann Árainn Mhór an “obair mhór” a rinne siad ar ullmhú an phlean.

Dúirt an tAire Stáit níos túisce i mbliana gur €2.65 milliún a bheadh ar fáil in 2018 “fá choinne pleananna a ullmhú agus a chur i bhfeidhm”.

Dúirt sé an mhí seo caite áfach gur €1.7m a bheadh ar fáil i mbliana d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge le tacú leis na coistí pleanála teanga feidhm a thabhairt don phróiseas.

De réir suirbhé a rinne Tuairisc.ie an mhí seo caite, i measc na naoi gceanneagraíocht a raibh glactha lena bpleananna an uair sin, nl raibh aon mhaoiniú faighte ach ag eagraíocht amháin, meitheal pleanála teanga Chloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh in iarthuaisceart Dhún na nGall.

Dar leis an iar-aire Gaeltachta agus Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív gur “trí nó ceithre chéad míle euro an fíorchaiteachas a dhéanfar ar fheidhmiú na bpleananna teanga i mbliana” agus gur chóir don Aire Stáit an méid sin a “admháil” .

Dúradh i dtuarascáil a d’fhoilsigh Coiste Oireachtais na Gaeilge le déanaí gur chóir don Aire Stáit a dheimhniú do choistí pleanála teanga na Gaeltachta go mbeidh an “maoiniú cuí” á fháil acu as seo go ceann seacht mbliana ionas gur féidir leo plean fadtéarmach a chur i bhfeidhm agus daoine a fhostú do thréimhse iomlán a bpleananna teanga.

 

Fág freagra ar 'An deichiú plean teanga faofa agus plean ceadaithe d’oileán Gaeltachta den chéad uair'