An dara trálaer iascaireachta is mó ar domhan i mbun iascaigh amach ó chósta Dhún na nGall

Tá an Margiris ag iascach tuairim is deich míle nó dhá mhíle dhéag amach ó chósta Thír Chonaill. Tá sé 143 méadar ar fhaid agus is féidir leis 250 tonna éisc a phróiseáil

KL_749_Margiris_Klaipeda_IMO_8301187

Tá sé deimnithe go bhfuil an dara trálaer iascaireachta is mó ar domhan i mbun iascaigh amach ó chósta Dhún na nGall.

Thug an tÚdarás um Chosaint Iascaireachta le fios do Nuacht TG4 anocht go bhfuil an Margiris, soitheach iascaireachta atá cláraithe san Aontas Eorpach, ag iascach laistigh de chrios eacnamaíoch eisiach na hÉireann.

Cuireadh cosc cheana ar an Margiris iascach a dhéanamh in uiscí na hAstráile ach de réir rialacha an Aontais Eorpaigh, tá cead aige iascaireacht in uiscí an Aontais ach cloí leis an gcuóta atá aige.

Is é an Margiris an dara trálaer iascaireachta is mó ar domhan agus tá sé ag iascach tuairim is deich míle nó dhá mhíle dhéag amach ó chósta Thír Chonaill. Tá sé 143 méadar ar fhaid agus is féidir leis 250 tonna éisc a phróiseáil.

Screen Shot 2015-11-09 at 19.15.59
An áit a raibh an Margiris (faoin spota corcra) amach ó chósta Dhún na nGall go gairid tar éis 7.00 pm tráthnóna. Foinse: Marine Traffic

 

Tá cuóta ag an Margiris a thugann cead dá chriú gabhar (cineál maicréil) a iascach ar uiscí an Aontais Eorpaigh. De réir an Chomhbheartais Iascaireachta, is féidir le haon soitheach iascach in uiscí ballstáit eile san Aontas Eorpach an fhaid is atá cuóta acu. Leagtar síos cuótaí AE gach bliain tar éis do bhallstáit agus Coimisiún na hEorpa teacht ar chomhaontú.

Dheimhnigh an tÚdarás um Chosaint Iascaireachta nach bhfuil aon iniúchadh déanta ag an tSeirbhís Chabhlaigh ar an Margiris fós ach go bhfuil monatóireacht leictreonach á déanamh air ag an Ionad Monatóireachta Iascaireachta.

Tá a n-imní léirithe ag iascairí beaga faoin Margiris bheith i mbun iascaireachta amach ó chósta na hÉireann.

Fág freagra ar 'An dara trálaer iascaireachta is mó ar domhan i mbun iascaigh amach ó chósta Dhún na nGall'