An cogadh san Úcráin agus ceist chigilteach na bhfoinsí eolais

Ní foláir a bheith cúramach gan a bheith ag tosú le freagra na ceiste agus ansin ag lorg na fianaise chun é a chruthú go raibh an ceart agat

An cogadh san Úcráin agus ceist chigilteach na bhfoinsí eolais

Tá iarracht déanta agam in altanna atá scríofa agam anseo léargas a thabhairt ar chogadh na hÚcráine agus ar chúlra na coimhlinte bunaithe ar eolas ó fhoinsí údarásacha neamhspleácha.

Ar bharr mo liosta tá na tuairiscí a chuir Coimisiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine ar fáil faoin Úcráin ó thús na coimhlinte in 2014 go dtí an lá atá inniu ann.  Is í seo an eagraíocht is idirnáisiúnta agus an eagraíocht is mó nach bhfuil faoi smacht aon réigiún ar leith den domhan atá ag déanamh iniúchadh neamhspleách ar chúrsaí na hÚcráine.

Is í an eagraíocht is cúramaí agus is tomhaiste san fhaisnéis a chuireann sí ar fáil.

Seachas iad a scagadh ag lorg eolais chun pointe ar leith a chruthú, déanaim iarracht iad a scagadh agus ceist áirithe i m’intinn agam.  Mar shampla, i gcás cathlán (agus níos déanaí reisimint) Azov seachas fianaise dhiúltach nó dhearfach a lorg cuirim an cheist – cén léargas idir mhaith agus olc a thugtar faoi chathlán/reisimint Azov sna tuairiscí?  Freisin tá sé tábhachtach, ní hamháin an fhianaise sin a lorg, ach í a scagadh i gcomhthéacs na fianaise faoi iompar na ngrúpaí armtha éagsúla in oirthear na hÚcráine ag an am.  Agus freisin í a scagadh i bhfianaise mhaíomh rialtas na hÚcráine gur ghlacadar smacht ar chathlán Azov agus go ndearnadar dípholaitiú air. Tá sé tábhachtach féachaint ar tháinig aon athrú ar iompar chathlán/reisimint Azov sna blianta idir 2014 agus 2021.

Chuir mé méid áirithe den fhianaise sin i láthair san alt a scríobh mé faoin ábhar seo cheana féin.  Ach tá scagadh á dhéanamh agam ar shampla níos mó de na tuairiscí sin ar mhaithe le pictiúr níos iomláine a chur ar fáil.  Measaim gurbh fhiú dul i dteagmháil le duine d’údair na dtuarascálacha seo más féidir.

Ní léann formhór iriseoirí cáipéisí den chineál seo.  Glacann sé an t-uafás ama agus ní chuireann a bhfostóirí an t-am sin ar fáil d’iriseoirí de ghnáth.  Más colúnaí tú d’fhéadfá deich n-alt tuairimíochta a scríobh san am a ghlacfadh sé ort alt amháin a scríobh a bheadh bunaithe ar an saghas seo taighde.

Ní bhaineann an fhadhb seo leis na meáin Ghaeilge amháin.  Fiú sa chás go léann iriseoirí cáipéisí den chineál seo, ní léann siad ach an achoimre.  Níl aon locht agam air sin i ndáiríre mar chleachtas – tá sé déanta agam fhéin go minic – ach i gcás fhormhór thuarascálacha Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine níl aon achoimre cheart déanta ar an ábhar agus níl aon rogha agat ach treabhadh tríothu.  An mionlach iriseoirí a dhéanann sin is é an cur chuige a bhíonn ag a bhformhór ná go mbíonn siad ag lorg fianaise chun téis nó réamhchlaonadh áirithe a chruthú – mar shampla, gur reisimint Nua-Naitsíoch é reisimint Azov nó a mhalairt.

I bhfocail eile tosaíonn siad le freagra na ceiste agus ansin téann siad ag lorg na fianaise chun é a chruthú.  Is annamh a ndéantar scagadh tomhaiste ar an bhfianaise a thacaíonn le téis áirithe agus ar an bhfianaise a bhréagnaíonn é.  Agus ar aon nós b’fhearr lena lán léitheoirí altanna a léiríonn cinnteacht agus atá ag teacht lena réamhchlaonta fhéin faoi ábhar, seachas alt a léiríonn go bhfuil castacht agus éiginnteacht ag baint leis an scéal.

Tugaim suntas freisin do thuairiscí Human Rights Watch agus Amnesty International faoin Úcráin.  Ar nós Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine tarraingíonn siad aird ar sháruithe ar chearta daonna beag beann ar cé atá ciontach astu agus tá an léargas a thugann siad ag teacht tríd is tríd leis an léargas a thugtar i dtuairiscí Choimisiún na Náisiún Aontaithe Um Cearta an Duine.

Maidir le reisimint Azov agus an Nua-Naitsíochas san Úcráin, nílim cinnte an dtagann seo faoin gceannteideal ‘foinse údarásach neamhspleách’ ach shíl mé go raibh sé ábhartha agus bailí tuairimí a lorg ó phobal Giúdach na hÚcráine.  Chuir mé agallamh ar phríomhraibí na hÚcráine faoin ábhar ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus d’úsáid mé an léargas a thug sé dom freisin ar Tuairisc.

Tá léargas ar dhearcadh phobal Giúdach an hÚcráine le fáil freisin ag UJE – Ukrainian Jewish Encounter.  Is ait nach dtugann a lán tráchtairí a bhíonn ag trácht go muiníneach faoin Nua-Naitsíochas nó fiú faoin ‘Naitsíochas’ san Úcráin aird ar bith ar dhearcadh phobal Giúdach na tíre faoin sin faoin gceist.

Maidir leis na himeachtaí in 2014, a dtugann muintir na hÚcráine Réabhlóid na Dínite nó Réabhlóid an Euromaidin orthu ach go dtugann lucht tacaíochta na Rúise coup d’état orthu, tá eolas úsáideach i mbreithiúnas de chuid na Cúirte Eorpaí Um Chearta an Duine faoi uachtaránacht an Bhreithimh Éireannaigh Síofra O’Leary.

Maidir le tús an chogaidh sa Donbas in 2014 tá léargas úsáideach ar fáil i mbreithiúnais na cúirte sa Háig a chiontaigh beirt Rúiseach agus Úcránach i ndúnmharú na bpaisinéirí ar eitilt Aerlíne na Malaeisia MH17 a leagadh go talamh le córas diúracáin Rúiseach i mí Iúil 2014.

Chomh maith leis sin bím ag tarraingt ar fhoinsí ar nós torthaí toghcháin agus reifrinn, agus ar eolas ó dhaonáireamh na hÚcráine – eolas a thug léargas éagsúil ón leagan simplí de shochaí na hÚcráine a cuireadh os ár gcomhair i go leor tráchtaireachta.   Tá eolas an-úsáideach freisin sna suirbhéanna rinne Institiúid Socheolaíochta Idirnáisiúnta Chív thar bhlianta fada.   Tá an scoláire Éireannach Gearóid Ó Tuathail ar dhuine de na saineolaithe idirnáisiúnta is oilte ar dhearcthaí phobal na hÚcráine agus is fiú a chuid saothair a chur san áireamh.

Tá caint agus ráitis i Rúisis de chuid pholaiteoirí agus mheáin stáit na Rúise á n-aistriú go Béarla ag Julia Davis (Russia Media Monitor) ar Twitter agus ar Youtube.  Tá bailiúchán de chaint chinedhíothach i leith na hÚcráine ó pholaiteoirí agus pearsana mór le rá eile sa Rúis curtha le chéile in aon áit amháin ar an suíomh seo de chuid Scoil Dlí Ollscoil Nua-Eabhrac.

Tá dhá leabhar a bhí an-úsáideach dom chun léargas a fháil ar stair, sochaí agus polaitíocht na hÚcráine agus ba iad sin The Gates of Europe le Serhii Plokhy (Penguin 2016) agus The Zelensky Effect le Olga Onuch agus Henry E.Hale (2022, Hurst & Co).  In ainneoin an teidil, is leabhar faoi phobal agus sochaí na hÚcráine é The Zelensky Effect seachas beathaisnéis Zelensky.  Baintear leas mór sa leabhar sin as faisnéis ó thorthaí toghcháin, suirbhéanna agus taighde eile san Úcráin le blianta anuas.

Lean mé an cleachtas nascanna a chur isteach sna haltanna a scríobh mé sa tsraith seo do na foinsí a d’úsáid mé ar mhaithe le trédhearcacht agus ar mhaithe leis na bunfhoinsí eolais a chur ar fáil d’éinne a mbeadh spéis acu iad a scagadh dóibh fhéin féachaint an raibh míthuiscint nó míléamh éigin á bhaint agam astu.

Beidh tuilleadh le rá amach anseo faoi cheist chigilteach na bhfoinsí eolais.

Fág freagra ar 'An cogadh san Úcráin agus ceist chigilteach na bhfoinsí eolais'

  • Eoghan Ó Néill

    Bhí líne in amhrán de chuid Simon and Garfunkle blianta ó shin ‘ a man hears what he wants to hear and disregards the rest’ . Tá dúthracht agus fiosracht de dhíth chun fíor-iriseoreacht a dhéanamh. Maith thú Fachtna agus agus maith agat as do shaothar.

  • Gabriel Rosenstock

    Tá meas ag bhur gcolúnaí ar na Náisiúin Aontaithe, mar fhoinse eolais. Glacaim leis, dá réir sin, go
    bhfuil meas aige ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.
    https://www.transcend.org/tms/2023/04/war-criminals-military-aggressors-who-occupy-seats-in-the-un-security-council/
    Ach tá daoine eile den tuairim go bhfuil coirpigh chogaidh ar an gComhairle chéanna.

  • Antóin

    Léigh mé ‘The Afghanistan Papers, A Secret History of The War’ le Craig Whitlock le déanaí. Bí geall go bhfuil ‘The Ukraine Papers, A Secret History of The War’ ag faibhriú in intinn iriseora áit éigin. Ag tnúth go mór leis.
    Ní mar a shíltear a bhítear.