An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (29 Bealtaine 1915)

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

c solais

Bealtaine 29,                   1915                   An Claidheamh 3

Éire agus an Ghluaiseacht Impiriúil

Tá gluaiseacht mhór impiriúil ar siúl anois i gach ríocht dá bhfuil faoin mbratach chrosach, mar go bhfuil seanSasana i dteannta agus tá gach dream dá bhfuil dílis di ag brostú chuici le cabhair. Ní baol don náisiúntacht an impiriúlacht má tá an náisiúntacht láidir, ach déanann sí cos ar bolg ar náisiúntacht chomh luath is a éiríonn níos láidre ná í. An dianghluaiseacht impiriúil atá anois ar siúl ní hionadh linn go bhfuil sí Gallda nó neamhGhaelach. Na daoine atá ag pé léi, muna Gaill iad féin, táid go léir Gallda. Tá a lán acu muinteartha le náisiúntacht Gael, b’fhéidir, ach chomh luath is a thosaíonn siad ar theagasc impiriúil a thabhairt uathu bíonn siad chomh Gallda leis na Gaill féin; Béarla á labhairt acu; fógráin is foilseáin is duilleoga Béarla á scaipeadh acu; leabhair Bhéarla agus páipéir Bhéarla á léamh acu; clú Shasana á chur in airde acu sa tír seo; bréaga chomh maith le fírinne in iúl acu; agus iad ar mhaithe le hÉirinn! Nílim ag iarraidh cur i gcéill nár cheart dúinn in Éirinn cuidiú le Sasana sa chogadh seo, nó a mhalairt. Is cuma nó duine easlán ag éirí as mórthinneas dó Éire faoi láthair. Níl sí ach ag teacht chuici féin, agus b’fhéidir go gcuirfeadh corraí mór as di agus go ndéanfadh sé dochar mór di, go díreach mar a chuirfeadh bia láidir, nó deoch a bheadh róbhríomhar, nó saothar dian an duine lag ar gcúl. Ní hionann ár gcás-na is cás na Fraince. Tá an Fhrainc agus Sasana ag troid guala ar ghualainn, ach níl an Béarla in uachtar sa bhFrainc; níl sé in uachtar is scoilteacha na Fraince; níl sé leamh i bpáipéir na Fraince; ní teagascóirí Sasanach atá ag brostú mhuintir na Fraince chun troda; níl impiriúlachas Shasana á moladh do mhuintir na Fraince. Tá Austria agus an Ungáir ag troid guala ar ghualainn ar an taobh eile. Má tá féin níl an Ghearmáinis in uachtar san Ungáir; ní léitear páipéir na Gearmáinise san Ungáir; ní thugann taoisigh na hUngáire teagasc uathu sa Ghearmáinis. Náisiún láidir sláintiúil is ea an Ungáir. Ní hionann scéal dúinne, agus is baol dúinn an ghluaiseacht impiriúil atá anois ar siúl. Caithfidh na Gaeilgeoirí Éire a chosaint ar an mbaol sin. Caithfimid an neart a dhlúthú agus a chur le chéile agus saothar a dhéanamh ar son Éireann thar mar ba ghnách linn. Bíodh an ceart ag Sasana sa chogadh seo nó ná bíodh, bíodh sé de dhualgas orainn cuidiú le Sasana sa chogadh seo nó ná bíodh, is é an Béarla an teanga atá ag marú na Gaeilge, agus is é an Galldachas namhad an Ghaelachais. Bhí daille mífhortúnach éigin orainn le céad bliain anuas a chuir amú sinn i gcúrsaí oideachais. Tá an daille céanna fós ar ár súile, agus taobh amuigh den obair a rinne daoine a bhrostaigh ag an gConradh níl pioc déanta ag lucht oideachais don Ghaeilge. Is é an Conradh crann cosanta na Gaeilge fós agus is baolach, de réir gach cosúlachta, gur fada go mbeidh aon chrann eile ann lena cosaint.

Ní bhíonn meas ar rud mura rud mór é, ach is mó againn páiste atá ina Ghaeilgeoir ná Béarlóir ina cheann ar an bpobal. Is mór an rud an tráth seo de shaol Éireann ranga Gaeilge, dá laghad é. Is mór an rud teaghlach amháin a choinníonn an Ghaeilge in uachtar. Nílimid gan neart ar an scéal. Is beag ball nach dtiocfadh linn rang beag Gaeilge a chur ar bun, nó rang chun stair na hÉireann a theagasc. Is féidir linn, má bhrostaímid, an Ghaeilge a choinneáil beo agus an dúchas náisiúnach a choimeád os comhair na ndaoine. Ná bímis drochmhisniúil. Ná téimis in éadóchads. Cloímis lenár n-oideachas dúchais agus lenár nGaeilge féin. Is mór an t-ábhar misnigh dúinn í, muna mbeadh fágtha againn di ach na seanfhocail. “Níor chaill fear an mhisnigh riamh é.” “Ní breáthacht a ghníonn brachán ach min.” “Níl gaoth nach séideann do dhuine éigin.” Tá gaoth bheag ag séideadh dúinne faoi láthair. Tógaimis ár seolta, in ainm Dé, agus bímis ag gluaiseacht.

Maine

Amhrán na Gaeilge

Fonn: – “Ó Domhnaill Abú”
Saothraígí le dúthracht a chlú-chlanna
Éireann,
Chun teanga na Gaeilge a ghlé-chur
chun cinn;
Saothraígí a údair múinte
staonadh,
Ag ceapadh go léannta na scéal faoi chrích;
Molaimse saol na bhfear,
Molaimse saol na mban
A chaitheas a laethe ag saothrú dá dtír;
Mairfidh a ngnó faoi mheas
Mairfidh a gclú i stair,
Is beidh siad mar réalta do léann-lucht na gcríoch
Fad a mhairfidh an Ghaeilge ag Gaelaibh
beidh lóchrann
Ag gealadh a mbóthair, is á seoladh chun cinn;
Beidh sciath maith á saoradh ó chlaonta a naimhde,
Beidh tobar an eolais go róghlan dá gclainn,
Ná ligí uaibh go bráth
A Ghaela, bhur dteanga bhreá!
Ná scaoilí ar fán uaibh caint álainn bhur sean;
Ach bíodh sí agaibh faoi bhláth;
Bíodh sí á labhairt gach lá;
Is déanaí bhur ndícheall á síorchur faoi mheas.
Clampar a d’fhág tréith-lag, a Ghaela,
Ár Sinsear, Clampar baosra a chaochadh a gclann;
Gan clampar in Éirinn bheadh Gaeil-
-shliocht faoi shaoirse
Is ba áille a bheadh Éire nó aon aird
den domhan.
Cuimhnígí ar sin go deo!
Bígís go dílis cóir!
Cuiridh gach claon-spioraid neamh-
Ghaelach chun fáin.
Scaoilí uaibh bruíon ’s brón
’S fillfidh chugaibh brí is cumhacht –
Dia linn dár saoradh! sean-Éire go brách!
Peadar Ó hAnnracháin

Tá páipéar nuachta againn sa deireadh.

Más maith leat é a bhuanú tabhair lámh chúnta dó