An chúis go bhfuil aird na meán idirnáisiúnta ar thoghchán i dtír bheag ar imeall an AE…

Tá sé ina imní gurb í cinniúint na hUngáire atá i ndán don tSlóvaic má éiríonn le Robert Fico rialtas a bhunú

An chúis go bhfuil aird na meán idirnáisiúnta ar thoghchán i dtír bheag ar imeall an AE…

Is annamh a thugann na meáin idirnáisiúnta faoi deara olltoghchán i dtír bheag ar imeall an Aontais Eorpaigh.

Eisceacht a bhí ann, mar sin, nuair a d’fhoilsigh The Guardian, The New York Times agus nuachtáin mór le rá eile ailt fhada faoi bhua Robert Fico agus a pháirtí Smer (Treo) in olltoghchán na Slóvaice. Tá cúis mhaith leis an tsuim atá á cur i dtoghchán na seachtaine seo caite – tá imní ann go n-athróidh Fico, má éiríonn leis comhrialtas a chur le chéile, polasaí eachtrach na tíre agus go mbeidh macasamhail pholasaí na hUngáire ag an tSlóvaic.

Le linn an fheachtais, a bhí an-dian ar fad (uair amháin, fiú, tharraing iar-phríomh-aire agus iar-aire gnóthaí baile buillí doirn ar a chéile!), rinne Fico geallúint nach gcuirfeadh sé oiread is piléar amháin chun na hÚcráine.

Anuas air sin, is minic a d’úsáid sé teanga na bréagnuachta agus lucht na comhcheilge, ag cur i leith uachtarán na Slóvaice, mar shampla, gur gníomhaire Meiriceánach í a fhaigheann airgead ó George Soros.

A bhuí leis an bhfeachtas sin, d’éirigh leis 23% de na vótaí a fháil i gcomparáid leis an 18% a fuair an páirtí a tháinig sa dara háit, Progresívne Slovensko (An tSlóvaic Fhorásach), gluaiseacht liobrálach atá báúil leis an Úcráin.

Chaith Fico dhá théarma go leith mar phríomh-aire na tíre ach bhí air éirí as in 2018 nuair a tharraing dúnmharú iriseora aird ar an gcaimiléireacht a bhí forleathan sa tír agus é san oifig. Ag an am sin, shíl gach duine go raibh a phort seinnte mar pholaiteoir. Cén fáth ar éirigh leis filleadh ar ais?

Tá cuid mhaith den locht ar an rialtas a bhí i gcumhacht go dtí seo agus ar an bhealach tútach a dhéileáil siad le géarchéimeanna ár linne – an phaindéim Covid-19 agus iarmhairtí an chogaidh, go príomha.

Ach tá cúiseanna eile ann chomh maith.

Is polaiteoir cliste é Fico a thuigeann meon na vótálaithe agus atá ábalta a phort a athrú dá réir i gcónaí. Buaileadh an tSlóvaic go dona ag tonn bréagnuachta agus bolscaireachta na Rúise a tháinig i dtír in 2015 le géarchéim na himirce, a bhailigh neart le linn na paindéime agus atá ag bailiú tuilleadh fórsa ó thosaigh an cogadh san Úcráin.

Is féidir torthaí na bolscaireachta sin a mheas go beacht – de réir suirbhé a rinneadh san earrach, ní chreideann ach 40% de na Slóvacaigh go bhfuil an locht ar an Rúis maidir leis an gcogadh. Is ar an Úcráin féin agus ar na Stáit Aontaithe a chuireann an chuid eile an milleán.  Tá an méid sin i gcodarsnacht ghlan le meon phobail na dtíortha eile sa réigiún, an Ungáir san áireamh.

Ach tá toradh níos measa fós ar an mbolscaireacht chéanna – níl aon mhuinín ag sciar suntasach de na Slóvacaigh, faoin tuath go háirithe, as institiúidí agus as scothaicmí na sochaí ar nós na mbreithiúna, na n-eolaithe agus na n-iriseoirí, agus eagla orthu roimh chomhcheilg idirnáisiúnta, ina bhfuil páirt inti, mar dhea, ag an Meiriceánaigh, ag an mBruiséil, ag lucht LADT, agus ag Soros, ar ndóigh.  Dá bharr sin, bhí siad sásta an vóta chaitheamh do Fico nuair a gheall sé go gcosnódh sé iad, agus dearmad a dhéanamh ar na scannail chaimiléireachta a raibh baint aige leo.

An gciallaíonn bua Fico go leanfaidh an tSlóvaic sampla na hUngáire, sa mhéid is go n-éireoidh sí báúil leis an Rúis agus go n-iompóidh sí glan i gcoinne an daonlathais liobrálaigh?

Níl freagra na ceiste sin againn go fóill.

Ar an gcéad dul síos, ní féidir talamh slán a dhéanamh de go n-éireoidh le Fico comhrialtas a bhunú. Braitheann go leor ar an bpáirtí a tháinig sa tríú háit, Hlas (Glór), grúpa a scar le páirtí Fico in 2020. Tá caolseans ann go mbunódh Hlas comhrialtas le Progresívne Slovensko agus go gcoinneofar Fico taobh amuigh den rialtas ar an mbealach sin.

Ach deir na saineolaithe sa tSlóvaic nach bhfuil ach seans fíorbheag ann go dtarlóidh sin agus go bhfuil Fico ró-oilte i gcluichí na polaitíochta chun ligean do rud mar sin tarlú.

Ar deireadh thiar, ní haon idé-eolaí mór é Fico amhail Orbán agus is dócha go mbeidh sé ag iarraidh coimhlint idir é féin agus an tAontas Eorpach a sheachaint.

Ar an taobh eile den scéal, ní mór cuimhneamh gur cúisíodh a lán ball dá pháirtí mar gheall ar choireanna caimiléireachta le déanaí agus beidh sé ag úsáid iomlán a chumais chun stop a chur leis na cúiseanna dlí. Ní féidir a leithéid a dhéanamh gan rialacha an daonlathais a lúbadh agus is ansin atá an baol is mó.

Níl sé cinnte go mbeidh Fico ina phríomh-aire, agus fiú má tharlaíonn sé (rud is dócha), ní bheidh móramh sách láidir aigesean agus ag a chomhghuaillithe chun an bunreacht a athrú agus an córas a chur as a riocht ar fad.

Ach beidh sé ag iarraidh a chuid vótálaithe a shásamh agus a chinntiú go dtabharfaidh sé an svae leis sa chéad toghchán eile – agus ní shábhálfadh aon rud an tSlóvaic ó chinniúint na hUngáire sa chás sin. Tá ceithre bliana eile ag na daonlathaithe anois chun treo na tíre a athrú.

Fág freagra ar 'An chúis go bhfuil aird na meán idirnáisiúnta ar thoghchán i dtír bheag ar imeall an AE…'

  • Dubh, bán... is riabhach!

    Bolscaireacht oilte atá san alt seo, ach dá oilte é tá comharthaí sóirt na bolscaireachta air.

    An abairt dheireanach, mar shampla, ina ndeirtear go bhfuil ceithre bliana ag na ‘daonlathaithe’ anois le treo na tíre a athrú i.e. is é an teachtaireacht atá á thabhairt go neamhdhíreach ag an údar nach daonlathaí é Fico, sin d’ainneoin gur rith sé i dtoghchán agus gur ghnóthaigh a pháirtí suíocháin go dlisteanach sa toghchán sin. Ach ní maith le daonlathaithe áirithe an córas daonlathach ach amháin nuair a thugann sé an toradh ba mhaith leo féin.

    Comhartha sóirt eile: na tagairtí do The Guardian agus The New York Times, nuachtáin mheasúla ionraice dar leis an údar, is cosúil, ach ionstraimí bolscaireachta dar leis an té a dhéanfadh beagán léitheoireacht chriticiúil ar na hailt nuachta pholaitiúla a fhoilsíonn an dá scifleog sin.

    Comhartha sóirt eile an maíomh, nó an tabhairt le tuiscint, go bhfuil iomrall an lucht comhcheilge ar lucht leanúna Fico, agus nach bhfuil aon chúis dhlisteanach faoin spéir ag daoine le muinín a chailleadh as aicme uasal na mbreithiúna, na n-iriseoirí, na n-eolaithe agus pholaiteoirí neamhthofa de chuid institiúidí áirithe san AE. Duine saonta an té a chreidfeadh nach dtig as béal na ndaoine sin ach fírinne agus fírinní.

  • jpmorley0@gmail.com

    Beag beann ar ábhar an ailt anuasana, agus is rí-shuimiúil go léir mar ábhar é, ba mhaith liom gairdeas a dhéanamh leis an údar as a shár-chumas Gaeilge. Déanaim talamh slán de gur foghlaimeoir de bhunadh na Slóvaice é féin, ní a fhágann gur móide go mór mo mheas air dá bharr sin. Tá ceannaire níos fearr ná búir den sórt sin (Fico) dlite do mhuintir na Slóvaice t’réis a bhfuil de challshaoth gafa tríd acu le sinsireacht.

  • Indrek Ois

    Bíonn rudaí spéisiúla le rá ag Radvan ina chuid alt faoi chúrsaí lár agus oirthear na hEorpa i gcónaí agus is go tomhaiste stuama a chuireann sé an argóint i láthair ag míniú chúlra an scéil agus gnéithe éagsúla a bhaineann leis don léitheoir, sa gcaoi go mbeadh ‘an pictiúr iomlán’ againn. Aon duine a léigh an t-alt go cúramach, thug sé faoi deara gur ar na ‘daonlathaithe’ a chuir Radvan cuid den mhilleán freisin maidir faoin méid atá tarlaithe. Más bolscaireacht é sin, ba chóir dúinn uilig dul i muinín Pravda.

  • Séamus

    @jpmorleyo: Ní as an tSlóvaic an fear seo, ach Poblacht na Seice (nó ‘an tSeicia’ anois is dócha?). Eisean a chuir Seicis ar Cré na Cille.

  • Seán Mag Leannáin

    Is sár-alt le Radvan é i mo thuairimse. Ní gá go bhfuil iomlán na fírinne ann – an bhfuil riamh in aon alt ar chúrsaí polaitíochta? Ach is léamh ionraic eolach é ar an ábhar agus is leor sin domsa.

  • Máire

    Bíonn léamh Radvan an-spéisiúl i gcónaí. Níl go leor saineolais agam faoin Slóvaic ach uaireanta bíonn sé bailí a rá nach daonlaithaithe daoine a sheasainn i dtoghcháin. Nár toghadh Hitler i dtús báire? Bhuaigh Trump toghchán ach ansin rinne sí iarracht greim a choiméad ar oifig na huachtarántachta go mídhaonlathach. Neart samplai eile….

  • Ciarán Ó Braonáin

    ‘grúpa polaiteoirí neamhthofa de chuid institiúidí áirithe san AE’

    Mar eolas don té a d’fhág an chéad trácht faoin alt seo, polaiteoirí tofa atá sna hinsitiúidí Eorpacha uilig, ach amháin sa gCoimisiún. Cineál ‘státseirbhís an Aontais’ atá sa gCoimisiún ach is iad na polaiteoirí tofa (na ceannairí rialtais) a roghnaíonn Uachtarán an Choimisiúin (maireann téarma an Uachtaráin 5 bliana) agus grúpa polaiteoirí eile (feisirí Pharlaimint na hEorpa) a cheadaíonn/a dhiúltaíonn don rogha sin.