An chomhaireacht nua fógartha agus an Ghaeltacht curtha faoi roinn nua Catherine Martin

Tá cúram na Gaeltachta agus na Gaeilge curtha faoin roinn is faide ainm agus is mó cúraimí sa Rialtas nua

An chomhaireacht nua fógartha agus an Ghaeltacht curtha faoi roinn nua Catherine Martin

Tá airí an chomhrialtais nua fógartha agus cúram na Gaeltachta leagtha ar an Roinn Cultúir, Ealaíon, Meán, Turasóireachta, Spóirt agus Gaeltachta, roinn nua a mbeidh leascheannaire an Chomhaontais Ghlais, Catherine Martin, ina bun.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go mbeidh Catherine Martin ina ceannaire ar an obair a dhéanfaidh an chéad rialtas eile maidir leis “an teanga náisiúnta” agus go dtabharfaidh an Rialtas “suntas nua” don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Ach níl sé soiléir fós cad iad na cúraimí sa Roinn nua a mbeidh an phríomhfhreagracht ar Catherine Martin astu agus ní fios mar sin an mbeidh aire sinsearach i bhfeighil ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta den chéad uair ó 2011.

Is cinnte go mbeidh roinnt airí stáit sa Roinn ar a bhfuil cúram na Gaeltachta uirthi, an roinn is faide ainm agus is mó cúraimí uirthi. Ní fhéadfá a rá go mbeidh seacht gcúraimí an tsaoil ar an Aire Martin, ach ní fada uaidh í le sé cinn.

An Roinn ‘whatever you’re having yourself when the pubs open on Monday’ a thug an Teachta Dála neamhspleách Mattie McGrath ar an Roinn Cultúir, Ealaíon, Meán, Turasóireachta, Spóirt agus Gaeltachta.

Fágann ceapachán Catherine Martin, áfach, go mbeidh aire sinsearach a bhfuil Gaeilge aici i Roinn na Gaeltachta den chéad uair le naoi mbliana anuas.

Tá roinnt ráiteas láidir déanta sa Dáil ag leascheannaire an Chomhaontais Ghlais faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht ó toghadh ina Teachta Dála ar dtús í in 2016.

Tá sí ar dhuine den bheagán Teachtaí Dála a bhfuil glactha acu leis go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht.

Thug sí a céad óráid sa 33ú Dáil i nGaeilge amháin chun “aird” a tharraingt ar an ngéarchéim chéanna.

Tharraing ráiteas eile a rinne Catherine Martin faoin nGaeilge aird an phobail in 2016.

Dúirt sí an uair sin go raibh pobal na teanga ag brath ar gach polaiteoir sa Dáil “ceannaireacht a léiriú i dtaobh cearta agus seirbhísí teanga a chur chun cinn”.

“Mo náire sinn mar Theachtaí Dála má thréigimid aisling na Gaeltachta,” a dúirt sí.

Dúirt sí chomh maith sa Dáil go raibh an cur chuige lochtach céanna ag an Rialtas deireanach i leith ghéarchéim na Gaeltachta is a bhí acu acu i leith ghéarchéim na timpeallachta.

Dúirt sí go raibh an baol ann go bhfaigheadh an Ghaeilge bás sa Ghaeltacht fad is a bhí Fine Gael ag cur tvuíteanna ‘deasa’ amach fúithi.

Chuir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, fáilte anocht roimh cheapachán Catherine Martin ach dúirt sé go rabhthas ag fanacht ar shoiléiriú faoi cé acu an mbeidh an phríomhfhreagracht ó thaobh na na Gaeltachta agus na Gaeilge ar an aire nuacheaptha nó ar dhuine de na hairí stáit a cheapfar an tseachtain seo chugainn.

Tá Gaeilge ag ceathrar eile de na hairí nua, an Taoiseach féin, Micheál Martin, an Tánaiste agus Aire Fiontraíochta, Trádála agus Fostaíochta Leo Varadkar, an tAire Tithíochta, Darragh O’Brien agus an tAire Oideachais, Norma Foley.

Tá beirt Ghaeilgeoirí eile a mbeidh cead acu freastal ar chruinnithe rialtais – an Príomh-Aoire nua, leascheannaire Fhianna Fáil, Dara Calleary, agus duine de na sár-airí sóisearacha nua, Hildegarde Naughton, a bheidh freagrach as cúrsaí iompair, eitlíochta agus iompar mara.

Is as Maigh Eo do Dhara Callaery agus is as Gaillimh Thiar do Hildegarde Naughton, ach níl aon aire sinsearach sa Rialtas as Cúige Chonnacht.

Is í Heather Humphreys a bheidh mar Aire Coimirce Sóisialaí, Gnóthaí Tuaithe agus Oileán. Fágann sin go mbeidh cúram na n-oileán á bhogadh ó Roinn na Gaeltachta tar éis blianta fada, cinneadh a d’fhéadfadh roinnt conspóide a chothú ó tharla oiread de na hoileáin a bheith sa Ghaeltacht.

Beidh ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Eamonn Ryan ina Aire um Ghníomhú ar son na hAeráide, Gréasán Cumarsáide agus Iompair sa Rialtas nua.

Is é an Teachta Dála do Bhaile Átha Cliath Thiar Roderic O’Gorman an tríú haire a bheidh ag an gComhaontas Glas agus an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais faoina chúram.

Fanfaidh Simon Coveney mar aire sa Roinn Gnóthaí Eachtracha ach cúram na cosanta air chomh maith.

Fanfaidh Paschal Donohoe ina Aire Airgeadais agus tá Simon Harris ag bogadh ón Roinn Sláinte go dtí roinn nua le bheith ina Aire Ardoideachais, Nuálaíochta agus Eolaíochta. Fuair an t-aire stáit do ghnóthaí Eorpacha Helen McEntee ardú céime agus í anois ina hAire Dlí agus Cirt.

Maidir leis na hairí eile de chuid Fhianna Fáil, beidh Michael McGrath, comhghleacaí dáilcheantair an Taoisigh nua, ina Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Beidh Stephen Donnelly ina Aire Sláinte, ceapachán a tharraing go leor cainte i bhFianna Fáil, go háirithe. Beidh Barry Cowen ina Aire Talmhaíochta agus Mara.

Ba í an Seanadóir Pippa Hackett rogha an Chomhaontais Ghlais mar shár-aire sóisearach agus cúram na talamhúsáide agus bithéagsúlachta uirthi.

Paul Gallagher atá ceaptha ina Ard-Aighne, an tríú huair aige sa phost sin.

I ndiaidh dóibh séala a n-oifige a fháil ón Uachtarán Micheál D Ó hUigínn in Áras an Uachtaráin, beidh a gcéad chruinniú ag an Rialtas nua anocht.

Idir an dá linn, tá a 11 ceapachán chun an tSeanaid fógartha ag an Taoiseach nua.

An t-iar-aire coimirce sóisialaí Regina Doherty a bheidh ina ceannaire ar an Seanad.

Is iad na hainmniúcháin eile ná Mary Fitzpatrick, Lorraine Clifford-Lee, Erin McGreehan, Timmy Dooley, Aisling Dolan, Emer Currie, Mary Seery Kearney, Vincent P Martin, Róisín Garvey agus Eileen Flynn.

Fág freagra ar 'An chomhaireacht nua fógartha agus an Ghaeltacht curtha faoi roinn nua Catherine Martin'

  • Ruairí Ó Bléine

    Seo í litir a chuir mé chuig an Taoiseach nua: (Cúram Stáit don Ghaeltacht)
    A Thaoisigh, Micheal Martin, a dhuine uasal,
    Míle comhghairdeas as bheith tofa mar Thaoiseach, stadas atá tuillte agat.
    Is cúis áthais agus céiliúrtha gur cheap tú an duine fíor-uasal,
    Catherine Martin mar Aire Sinsearach le freagracht don Ghaeltacht.
    Cuireann an gníomh sin ola ar ár gcroíthe.
    Tchí muid anois an seans mór go mbeidh deireadh
    leis na fadhbanna a gcránn muintir na Gaeltachta agus iad ag streachailt
    lena gcuid páistí a thogáil in a dteanga féin.
    Ach tchítear dúinn go bhfuil an baol ann gur faoi Aire Stáit seachas faoi
    Aire Sinsearach a bhfagfar na cúramaí seo agus ba maith linn deimhniú
    a fháil nach é sin a tharlós.
    Beir bua agus buíochas.

    Ruairí Ó Bléine
    MD, FRCPI

    Cathaoirleach,
    Cumann Gaelach Ard Mhic Nasca