An chéad mhórléiriú drámaíochta do dhaoine óga i nGaeilge ó ‘Aifric’ roghnaithe ag TG4

Sraith drámaíochta le Danú Media é Saol Ella, faoi chailín óg Gaeltachta a n-iompaítear a saol bunoscionn ar fad nuair a shocraíonn a hathair Gaeilgeoirí a choinneáil

An chéad mhórléiriú drámaíochta do dhaoine óga i nGaeilge ó ‘Aifric’ roghnaithe ag TG4

Is cosúil go mbeidh an chéad sraith drámaíochta do dhaoine óga i nGaeilge ó craoladh Aifric le feiceáil ar TG4 an bhliain seo chugainn.

Tá sraith drámaíochta do dhaoine óga le Danú Media roghnaithe ag TG4 faoina Scéim Forbartha Drámaíochta le cur faoi bhráid chiste Fís agus Fuaim an BAI don chéad bhabhta eile maoinithe. 

Saol Ella an t-ainm atá ar an tsraith, agus Gemma Breathnach agus Ailbhe Nic Giolla Bhríghde a scríobh.

Ailbhe Nic Giolla Bhríghde

Anuraidh a cuireadh tús leis an Scéim Forbartha Drámaíochta do Dhaoine Óga, a bhfuil mar aidhm aici drámaíocht d’ardchaighdeán a fhorbairt don lucht féachana óg.

Buiséad suas le €1.2 milliún atá ar fáil don léiriú faoin scéim atá á maoiniú ag TG4, an ciste WRAP, Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) agus Fís Éirinn.

Scéal faoi chailín óg Gaeltachta a n-iompaítear a saol bunoscionn ar fad nuair a shocraíonn a hathair Gaeilgeoirí a choinneáil a insítear i Saol Ella.

Deir Siobhán Ní Bhrádaigh, Eagarthóir Daoine Óga TG4 gurb é Saol Ella, an chéad togra drámaíochta do lucht féachana bunscoile agus na luathdhéaga ó léiríodh Aifric in 2006.

“Tá muid ag súil go mbeidh drámaíocht shnasta, tharraingteach ar fáil don lucht féachana in 2021,” a dúirt Ní Bhrádaigh.

Fág freagra ar 'An chéad mhórléiriú drámaíochta do dhaoine óga i nGaeilge ó ‘Aifric’ roghnaithe ag TG4'