An chéad eagrán de COMHARTaighde á sheoladh i mBÁC tráthnóna

Tréimhseachán bliantúil is ea COMHARTaighde agus tá i gceist ag an bhfoireann saothar scolártha ardchaighdeáin a chur ar fáil do phobal na Gaeilge ar fud an domhain i réimsí éagsúla de léann na Nua-Ghaeilge

book-856151_1920

Tá an chéad eagrán den iris nua phiarmheasta, COMHARTaighde, á fhoilsiú inniu.

Cuirfidh an Dr Regina Uí Chollatáin, Ceann Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, agus an Bhéaloidis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, an iris i láthair an phobail ar a 6pm inniu in Acadamh Ríoga na hÉireann i mBaile Átha Cliath.

Tréimhseachán bliantúil is ea COMHARTaighde agus tá faoin bhfoireann saothar scolártha ardchaighdeáin a chur ar fáil do phobal na Gaeilge ar fud an domhain i réimsí éagsúla de léann na Nua-Ghaeilge.

Chinn foireann na hirise nua an t-ábhar a fhoilsiú ar líne sa tslí is go bhféadfaí oiread léitheoirí a bhaint amach agus is féidir.

Fóram nua piarmheasta is ea an tréimhseachán nua agus deir lucht COMHARTaighde go mbeidh an tionscadal nua ag cur le “traidisiún fada na hirise míosúla Comhar mar láthair smaointeoireachta agus mar mheán inar féidir ábhar léinn a scaipeadh ar an bpobal is leithne”.

Beifear ábalta gach eagrán den iris nua a léamh ar líne, mar leathanach gréasáin, nó a íoslódáil i bhformáid PDF.

Sa chéad eagrán, tá saothar cúig alt agus scata léirmheasanna ar leabhair nua-fhoilsithe acadúla. I measc na ndaoine a bhfuil ailt scríofa acu san eagrán seo, tá Tadhg Ó Dúshláine, John Walsh agus Deirdre Ní Chonghaile. Déanfar plé ar an gcéad eagrán ar an litríocht chomhaimseartha, léann an cheoil, agus taighde reatha ar an tsochtheangeolaíocht, i measc ábhar eile.

Tá foireann COMHARTaighde ag glacadh le hailt scolártha don dara heagrán faoi láthair, a fhoilseofar i Meán Fómhair 2016.

— Tá tuilleadh eolais faoin iris ar an suíomh idirlín ag www.comhartaighde.com

Fág freagra ar 'An chéad eagrán de COMHARTaighde á sheoladh i mBÁC tráthnóna'