An ‘buntáiste’ a bhaineann le margaíocht trí Ghaeilge léirithe i suirbhé nua

Thug 26% dóibh siúd a ghlac páirt i suirbhé nua go mbeadh siad sásta níos mó a íoc ar tháirge a bhí fógartha trí Ghaeilge i gcomparáid le ceann nár bhain úsáid as an teanga

An ‘buntáiste’ a bhaineann le margaíocht trí Ghaeilge léirithe i suirbhé nua

Deir beirt as gach cúigear gur mó seans go gceannódh siad táirge nó seirbhís ó chomhlacht a bhaineann úsáid as an nGaeilge ina chuid fógraíochta ná ó cheann nach mbaineann úsáid as an teanga, dar le suirbhé nua.

Léiríonn torthaí ó thaighde atá déanta ag Gaelchultúr go bhféadfadh úsáid na Gaeilge a bheith chun leasa comhlachtaí a bhaineann úsáid aisti ina gcuid fógraíochta agus margaíochta.

Thug 26% díobh siúd a ghlac páirt sa suirbhé go mbeadh siad sásta níos mó a íoc ar tháirge a bhí fógartha trí Ghaeilge i gcomparáid le ceann nár bhain úsáid as an teanga.

Léirigh an taighde go raibh tionchar níos mó ag margaíocht trí Ghaeilge ar dhaoine óga. Dúirt 36% díobh siúd a ghlac páirt sa suirbhé agus a bhí faoi 35 bliain d’aois go mbeadh siad sásta níos mó a íoc ar tháirgí a raibh margaíocht déanta orthu trí Ghaeilge. 29% díobh siúd idir 35-44 a dúirt ar rud céanna.

Léirigh an suirbhé freisin gur ghlac tromlach daoine – 73% – gur táirge Éireannach nó táirge a thagann as an gceantar a bhíonn i gceist nuair a bhíonn an Ghaeilge le feiceáil ar an lipéadú nó ar an fhógraíocht.

Ghlac 1,000 duine páirt sa suirbhé a rinne an comhlacht Amárach do Ghaelchultúr.

Ní raibh Gaeilge ar bith nó ní raibh ach cuid an bheagáin di ag breis is leath díobh siúd a ghlac páirt sa suirbhé ach thug 59% de fios gur thaitin sé leo nuair a bhaineann comhlachtaí úsáid as an nGaeilge ina gcuid margaíochta agus fógraíochta.

Deir Gaelchultúr go léiríonn torthaí an tsuirbhé seo an luach tráchtála a leagann tomhaltóirí ar an nGaeilge ó thaobh cúrsaí brandála agus margaíochta.

Fág freagra ar 'An ‘buntáiste’ a bhaineann le margaíocht trí Ghaeilge léirithe i suirbhé nua'

  • Pat Lardner

    Ba cheart an praghas níos ísle ar táirge in ionad níos mó chun daoine a mhealladh don ghaeilge.
    Caithfear éad a chuir ar daoine atá i gconaí ag maslú an ghaeilge.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ba cheart go mbeadh ár dteangaidh féin ar achan táirge a dhéantar in Éirinn, sé sin na sonraí comhionann leis na teangacha eile a bhíonn orthu. Tá táirgí anois agus suas le 20 teanga orthu ag teacht isteach sa tír agus leoga cuid acu fiú gan béarla orthu. Tchím iad sna hollmhargaidh eurospar agus aldi agus lidl. Leoga, tá táirgí anois ón pholainn agus ón úcráin á dhíol in supervalu agus tesco agus gan focal amháin béarla orthu!
    Sé’n caoineadh atá ó lucht gnó na tíre seo, agus go háirithe lucht gnó na gaeltachta, ná nach dtuigfidh duine ar bith an ghaeilg agus b’fhearr leo cloígh leis an bhéarla ar mhaithe le hairgead a dhéanamh.
    Caidé fá na táirgí mór le rá a dhíoltar thar lear macasamhail kerrygold? Níl oiread agus focal amháin gaeilge ar an táirge sin, agus go leor eile lena chois.
    Tá sé i bhfad thar am go dtabharfaí dlí isteach chun an ghaeilg, ár dteangaidh dúchais, bheith éigeabtach ar achan táirge agus in achan gnó príobháideach in Éirinn.
    COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!

  • Sibéal

    Is mór an tuar dóchais an toradh seo a leanas ón suirbhé:
    “Dúirt 36% díobh siúd a ghlac páirt sa suirbhé agus a bhí faoi 35 bliain d’aois go mbeadh siad sásta níos mó a íoc ar tháirgí a raibh margaíocht déanta orthu trí Ghaeilge. ”
    Tá dearcadh an 36% sin ag teacht le taighde ón ESRI a léiríonn go bhfuil an leibhéal éilimh ar an ghaelscolaíocht thart ar 23 i measc an phobail sa deisceart.
    Tá lipéadú dhátheangach an coitianta ar fud an domhain.
    Silim go bhfuil an Stát agus FFFG as tiún le sciar mór den phobail.