An bród, an dílseacht agus an tsuim i gCLG léirithe go soiléir ag ‘Ár gClub’

Más aon chomharthaí an chéad ghála taitneamhach seo beidh an paisean don gclub áitiúil ar cheann de na príomhthéamaí sna sé chlár atá le teacht

An bród, an dílseacht agus an tsuim i gCLG léirithe go soiléir ag ‘Ár gClub’

Is ‘cuid de nádúr an duine’ é a bheith gafa leis an gclub CLG ar an bhfód dúchais. Sin é a bhí le rá ag Micheál ‘Toose’ Mac Gearailt i dtosach an chéad chláir den tsraith Ár gClub (TG4, Déardaoin). Is fíor dó agus más aon chomharthaí an chéad ghála taitneamhach seo beidh an paisean don gclub áitiúil ar cheann de na príomhthéamaí sna sé chlár atá le teacht.   

Tá tuairim is 2,500 cumann CLG ar fud na tíre agus tá a fhios ag an saol Fódlach go bhfuil cumann ins nach mór gach aon pharóiste beag in Éirinn. Ní haon ionadh go maítear go bhfuil CLG ar an eagraíocht chultúir agus shóisialta is mó in Éirinn. Evanne Ní Chuilinn a bheidh mar thráchtaire againn agus an tsraith seo ag tabhairt léargas ar cheithre chlub ó áiteanna ar fud na tíre i rith 2018. Is iad Crócaigh Chill Mochuda i mBaile Átha Cliath,  Na Piarsaigh i Ros Muc, An Ghaeltacht i gCorca Dhuibhne agus Na Dúnaibh i dTír Chonaill a bheidh idir chamáin.

Bliain chinniúnach ba ea 2018 do chumann peile na Gaeltachta i gCiarraí. I dtús an chláir chonaiceamar lucht leanta dílis an chumainn ag bualadh bóthar go Durlas in Eanáir na bliana do chluiche leathcheannais idirmheánach na hÉireann i gcoinne an Mhaí. Ba léir ós na dreasanna cainte a deineadh le leithéidí Dhiarmaid Uí Bheaglaoich, Mhuiris Uí Fhiannachta agus Toose go bhfuil grá agus dílseacht thar na bearta acu dá gclub. Bhí comhrac an bhradáin idir an dá fhoireann ach ba iad buachaillí Thír Eoghain a thug an lá leo sa deireadh. Ní briseadh croí go dtí é; seat teann de bheirt chailíní óga agus na deora ag sileadh leo. Beidh lá eile ag bPaorach.

In 2018 bhí Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl sna Dúnaibh den chéad uair le seacht mbliana déag ar fhichid. Chonaiceamar an pobal ansin ag prapáil chuige. Bhuaileamar le muintir Pasomas, teaghlach atá báite sa chaid, agus mar a raibh an mháthair, Fiona, luite amach uirthi féin is í ag iarraidh tindeáil ar riachtanais chaide a clainne.

Gan amhras ní fhéadfaí tionchar na himirce ar chlubanna tuaithe a sheachaint agus léirigh muintir Chumann na bPiarsach é sin go deisbhéalach, truacánta. Tá Brian Ó Mainín buailte fé i Sydney le deich mbliana agus mhaígh sé siúd go bhfuil nach mór gach duine a bhí taobh leis ar fhoireann 1998 imithe ar imirce. ‘Nuair a d’imigh an diabhal de tiger, d’imigh go leor,’ a dúirt Máirtín Ó Níadh, uachtarán an chumainn. Luaigh Cóilín Mullen, cathaoirleach an chumainn, an focal ‘uaigneas’ cúpla babhta. Ba mhaith liom go ndéanfaí a thuilleadh tochailte ar an téama seo amach anseo. In ainneoin bhuillí na himirce agus an gheilleagair is léir go maireann an bród, an dílseacht agus an tsuim maidir leis an CLG i measc an phobail dhlúith seo.

A mhalairt de phort ar fad a bhí ag Cill Mochuda na Crócaigh i mBaile Átha Cliath.

Agus 5,000 ball, 2,500 imreoir agus 180 foireann éagsúil ag an gclub is é an easpa spáis is mó atá ag dó na geirbe acu. Ní haon iontas go raibh an comhordaitheoir páirceanna Pat Fenlon ag tochas a chinn.

Is go croineolaíoch a thug meitheal an chláir fé imeachtaí na gclubanna éagsúla a chniotáil le chéile; seachas go téamach nó club ar chlub. Neosfaidh an tsraith ina hiomláine arb í sin an stíl ab éifeachtaí. Bíodh sin mar atá bhaineas súp as an gclár caithiseach seo a bhí go hiomlán as Gaeilge.

Fág freagra ar 'An bród, an dílseacht agus an tsuim i gCLG léirithe go soiléir ag ‘Ár gClub’'